TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 2 : OIFIGIGH NA PARLAIMINTE
Riail 15 : Ainmniúcháin agus forálacha ginearálta
(1)
1. Déanfar an tUachtarán a thoghadh le ballóid rúnda, agus ina dhiaidh sin na Leas- Uachtaráin agus na Caestóirí, i gcomhréir le Riail 191.
Is le toiliú an ainmnithigh a bheidh na hainmniúcháin, agus ní fhéadfaidh ach grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad ainmniúcháin a dhéanamh Féadfar aimniúcháin nua a thabhairt isteach roimh gach ballóid.
Mura mbeidh an líon ainmniúchán níos mó ná an líon suíochán a bheidh le líonadh, déanfar na hiarrthóirí a thoghadh d’aon gháir, mura rud é go n-iarrfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach uasal ar a laghad ballóid rúnda.
I gcás ballóid aonair do níos mó ná oifigeach amháin, ní bheidh an páipéar ballóide bailí ach amháin má chaitear níos mó ná leath de na vótaí a bhíonn ar fáil.
2. Le linn an tUachtarán, na Leas-Uachtaráin agus na Caestóirí a thoghadh, is ceart aird a thabhairt ar an ngá lena chinntiú go bhfuil ionadaíocht chothrom fhoriomlán ann i leith tuairimí polaitiúla, agus go bhfuil inscne agus cothromaíocht gheografach ann freisin.