Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2021
EPUB 156kPDF 715k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 2 : OIFIGIGH NA PARLAIMINTE

Riail 21 : Luath-fhoirceannadh oifige

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán, ag gníomhú le tromlach trí chúigiú de na vótaí a chaitear, agus ionadaíocht ó thrí ghrúpa pholaitiúla ar a laghad a bheith ann sna vótaí sin, togra a chur faoi bhráid na Parlaiminte go ndéanfaidh sí téarma oifige an Uachtaráin, Leas-Uachtaráin, Caestóra, Cathaoirligh nó Leaschathaoirligh coiste, Cathaoirligh nó Leaschathaoirligh toscaireachta idirpharlaimintí, nó aon sealbhóra oifige eile arna thoghadh nó arna toghadh laistigh den Pharlaimint, a thabhairt chun deiridh i gcás ina measann sí go bhfuil an Feisire atá i gceist ciontach i mí- iompar tromchúiseach. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh faoin togra sin a ghlacadh le tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, ach tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í a bheith ann sa líon vótaí sin.

I gcás ina sáraíonn rapóirtéir forálacha an Chóid Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, is forálacha a bhaineann le leasanna airgeadais agus le coinbhleachtaí leasa (1), féadfaidh an coiste a rinne an rapóirtéir sin a cheapadh, ar thionscnamh an Uachtaráin agus ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, seilbh na hoifige sin a fhoirceannadh. Beidh feidhm ag na tromlaigh a leagtar síos sa chéad mhír mutatis mutandis ag gach céim den nós imeachta seo.

(1) Féach Iarscríbhinn I.
An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais