TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 3 : COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS
Riail 22 : Dualgais an Uachtaráin
1. Stiúrfaidh an tUachtarán gníomhaíochtaí go léir na Parlaiminte agus gníomhaíochtaí go léir a cuid comhlachtaí i gcomhréir leis na Rialacha seo agus teachtfaidh an tUachtarán na cumhachtaí go léir is gá chun bheith i gceannas ar imeachtaí na Parlaiminte agus chun a chinntiú go ndéantar iad a sheoladh go cuí.
2. Is iad na dualgais a bheidh ar an Uachtarán ná suíonna a oscailt, a chur ar fionraí agus a dhúnadh; rialú a dhéanamh ar inghlacthacht leasuithe agus ar théacsanna eile a chuirtear chun vóta, agus ar inghlacthacht ceisteanna parlaiminteacha; comhlíonadh na Rialacha seo a áirithiú; ord a choinneáil; cainteoirí a ghairm; díospóireachtaí a dhúnadh; nithe a chur chun vóta agus torthaí na vótála a fhógairt; chomh maith le haon chumarsáid a bhaineann le coistí a tharchur chucu.
3. Ní fhéadfaidh an tUachtarán labhairt i ndíospóireacht ach amháin chun achoimre a dhéanamh nó chun cainteoirí a ghlaoch chun oird. Más rud é gur mian leis an Uachtarán páirt a ghlacadh i ndíospóireacht, fágfaidh an tUachtarán an chathaoir agus ní fhillfidh an tUachtarán uirthi go dtí go mbeidh an díospóireacht thart.
4. Déanfaidh an tUachtarán ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte i gcaidreamh idirnáisiúnta, ar ócáidí searmanais agus i leith ábhair riaracháin, dlí agus airgeadais agus féadfaidh an tUachtarán na cumhachtaí sin a tharmligean.
5. Tá an tUachtarán freagrach as slándáil agus dosháraitheacht áitreabh Pharlaimint na hEorpa.