Riail 47 : Iarrataí ar an gCoimisiún chun tograí a chur isteach
1. Féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar an gCoimisiún, de bhun Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon togra cuí a chur faoina bráid chun gníomh nua a ghlacadh nó gníomh atá ann a leasú. Déanfaidh an Pharlaimint amhlaidh trí rún a ghlacadh ar bhonn tuarascála féintionscnaimh ón gcoiste freagrach arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach i gcomhréir le Riail 54. Glacfar an rún le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint sa vóta críochnaitheach. Féadfaidh an Pharlaimint, ag an am céanna, sprioc-am a shocrú do thíolacadh togra den sórt sin.
2. Féadfaidh aon Fheisire togra i gcomhair gníomh Aontais a chur síos ar bhonn an chirt tionscnaimh arna dheonú don Pharlaimint de bhun Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Féadfaidh suas le 10 bhFeisire togra den sórt sin a chur síos go comhpháirteach. Léireofar sa togra sin an bunús dlí ar a ndéantar é agus féadfaidh ráiteas míniúcháin nach mó ná 150 focal a bheith ag gabháil leis.
Cuirfear an togra faoi bhráid an Uachtaráin agus fíoróidh an tUachtarán an bhfuil na ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh. Féadfaidh an tUachtarán an togra a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as an bhfíorú sin chun tuairim maidir le hoiriúnacht a bhunúis dlí a fháil uaidh. Má dhearbhaíonn an tUachtarán an togra a bheith inghlactha, fógróidh an tUachtarán sa suí iomlánach é agus tarchuirfidh sé nó sí chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar é.
Sula ndéanfar an tarchur sin chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar, déanfar an togra a aistriú go dtí na teangacha oifigiúla sin a mheasann Cathaoirleach an choiste sin a bheith riachtanach chun gur féidir breithniú achomair a dhéanamh ina leith.
Déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar cinneadh i dtaobh tuilleadh gníomhaíochta laistigh de thrí mhí ón tráth tarchurtha, tar éis an deis a thabhairt d’údair an togra díriú ar an gcoiste.
Déanfar údair an togra a ainmniú i dteideal na tuarascála.
3. Léireoidh an rún ón bParlaimint an bunús dlí cuí agus beidh moltaí ina theannta a bhaineann lena bhfuil sna tograí a éilítear.
4. I gcás ina mbeidh impleachtaí airgeadais ag togra, léireoidh an Pharlaimint conas is féidir acmhainní dóthanacha airgeadais a sholáthar.
5. Déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar faireachán ar an dul chun cinn maidir le hullmhú gnímh bheartaithe dhlíthiúil Aontais a tharraingítear suas tar éis iarraidh ar leith ón bParlaimint.
6. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí faireachán rialta an gcomhlíonann an Coimisiún mír 10 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ar dá réir atá an Coimisiún le freagairt d’iarrataí ar thograí a chur isteach laistigh de thrí mhí trí chumarsáid ar leith a ghlacadh ina luafar na gníomhaíochtaí leantacha beartaithe atá le déanamh. Tuairisceoidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí go rialta ar thorthaí an fhaireacháin sin do Chomhdháil na nUachtarán.