Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2021
EPUB 156kPDF 715k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 1 : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA — FORÁLACHA GINEARÁLTA

Riail 48 : Gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhreithniú

1.   Déanfaidh an tUachtarán tograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a gheofar ó institiúidí eile nó ó na Ballstáit a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena mbreithniú.

2.   I gcásanna amhrais, féadfaidh an tUachtarán, sula bhfógrófar tarchur sa Pharlaimint chun an choiste fhreagraigh, ceist a bhaineann le hinniúlacht a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán. Glacfaidh Comhdháil na nUachtarán a cinneadh ar bhonn moladh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, nó ó chathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, i gcomhréir le Riail 211(2).

3.   Féadfaidh an coiste freagrach, am ar bith, a chinneadh rapóirtéir a cheapadh chun céim ullmhúcháin togra a leanúint, go háirithe i gcás ina bhfuil an togra liostaithe i gClár Oibre an Choimisiúin.

4.   I gcás foráil de na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh a bheith ar neamhréir le haon fhoráil eile de na Rialacha, beidh forlámhas ag an bhforáil a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh.

An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais