TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 4 : FORÁLACHA A BHAINEANN GO SONRACH LEIS AN NÓS IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN
Riail 81 : Seasamh an Choimisiúin maidir le leasuithe
Sula rachaidh an coiste freagrach ar aghaidh leis an vótáil chríochnaitheach ar thogra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún a sheasamh maidir leis na leasuithe go léir ar an togra atá glactha ag an gcoiste a lua.
Más iomchuí, cuirfear an seasamh sin san áireamh sa tuarascáil.