Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2021
EPUB 156kPDF 715k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 6 : NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA

Riail 100 : Nósanna imeachta eile maidir le hurscaoileadh

Maidir leis na forálacha lena rialaítear an nós imeachta a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid, beidh feidhm acu freisin maidir leis an nós imeachta a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú dóibh seo a leanas:

-   Uachtarán Pharlaimint na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa;

-   na daoine atá freagrach as cur chun feidhme bhuiséid na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, mar shampla an Chomhairle, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Iniúchóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún;

-   an Coimisiún, i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chiste Eorpaigh Forbraíochta;

-   na comhlachtaí atá freagrach as bainistiú buiséadach a dhéanamh ar eintitis atá neamhspleách go dlíthiúil agus a chomhallann cúraimí an Aontais, sa mhéid go dtagann a gcuid gníomhaíochtaí faoi réir forálacha dlíthiúla lena gceanglaítear urscaoileadh ag Parlaimint na hEorpa.

An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais