Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2021
EPUB 156kPDF 715k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 10 : GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Riail 112 : Gníomhartha agus bearta cur chun feidhme

1.   I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún dréacht de ghníomh nó de bheart cur chun feidhme a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint, déanfaidh an tUachtarán é a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as an ngníomh reachtach bunúsach, agus féadfaidh an coiste sin a chinneadh duine dá chomhaltaí a ainmniú chun dréacht de ghníomh nó de bheart cur chun feidhme amháin nó níos mó a bhreithniú.

2.   Féadfaidh an coiste freagrach tairiscint réasúnaithe i gcomhair rúin a chur síos ina luaitear go dtéann dréacht de ghníomh nó de bheart cur chun feidhme thar na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt sa ghníomh reachtach bunúsach nó nach bhfuil sé de réir dhlí an Aontais ar shlite eile.

3.   Maidir le tairiscint i gcomhair rúin, féadfar a ionchorprú inti iarraidh chuig an gCoimisiún an dréacht de ghníomh nó de bheart cur chun feidhme a tharraingt siar, é a leasú de réir na n-agóidí a ardóidh an Pharlaimint, nó togra reachtach nua a thíolacadh. Cuirfidh an tUachtarán an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh.

4.   Má thagann na gníomhartha cur chun feidhme arna samhlú ag an gCoimisiún faoi réim an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (1), beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas:

(a)   tosóidh an tréimhse ama don ghrinnscrúdú a luaithe a bheidh an dréachtbheart cur chun feidhme curtha faoi bhráid na Parlaiminte i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. I gcás ina bhfuil feidhm ag an teorainn ama níos giorra don ghrinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a(5)(b) de Chinneadh 1999/468/CE agus sna cásanna práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) den Chinneadh sin, tosóidh an tréimhse ama don ghrinnscrúdú, mura rud é go ndéanann Cathaoirleach an choiste fhreagraigh agóid ina aghaidh, ón dáta a bhfaigheann an Pharlaimint an dréacht críochnaitheach den ghníomh cur chun feidhme sna leaganacha teanga a cuireadh faoi bhráid chomhaltaí an choiste arna chur ar bun i gcomhréir leis an gCinneadh sin. Ní bheidh feidhm ag Riail 167 sa dá chás a luaitear san abairt roimhe seo;

(b)   más rud é go bhfuil an dréachtbheart cur chun feidhme bunaithe ar mhír 5 nó ar mhír 6 d’Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE, lena bhforordaítear teorainneacha ama ciorraithe ar laistigh díobh a fhéadfaidh an Pharlaimint cur ina choinne, féadfaidh Cathaoirleach an choiste fhreagraigh tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ina gcuirfear in aghaidh ghlacadh an dréachtbhirt más rud é nach mbeidh an coiste sin in ann cruinniú a thionól san am a bheidh ar fáil;

(c)   féadfaidh an Pharlaimint, ag gníomhú di le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í, rún a ghlacadh ina gcuirfear in aghaidh ghlacadh an dréachtbhirt cur chun feidhme agus ina léireofar go dtéann an dréacht thar na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt sa ghníomh bunúsach, nach bhfuil sé i gcomhréir le haidhm nó le hinneachar an ghnímh bhunúsaigh nó nach n-urramaíonn sé prionsabal na coimhdeachta nó prionsabal na comhréireachta;

   Más rud é, 10 lá oibre roimh thús an pháirtseisiúin a bhfuil Céadaoin an tseisiúin sin ar an gCéadaoin is gaire roimh lá éagtha an sprioc-ama do chur in aghaidh ghlacadh an dréachtbhirt cur chun feidhme, nach bhfuil tairiscint i gcomhair rún den sórt sin curtha síos ag an gcoiste freagrach, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ar an ábhar lena chur ar an gclár oibre don pháirtseisiún dá dtagraítear thuas.

(d)   má mholann an coiste freagrach, trí bhíthin litreach chuig Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí ina leagtar amach a chúiseanna, gur chóir don Pharlaimint a dhearbhú nach bhfuil aon agóid á déanamh aici i ndáil leis an ngníomh beartaithe roimh dhul in éag don ghnáth-theorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c) agus/nó in Airteagal 5a(4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 111(6) (2).

(1) Rialachán 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún(IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).
(2) Scriosfar Riail 112(4) ó na Rialacha Nós Imeachta a luaithe a bhainfear go hiomlán an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú den reachtaíocht atá ann.
An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais