Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2021
EPUB 156kPDF 715k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 1 : SEISIÚIN NA PARLAIMINTE

Riail 155 : Ionad na suíonna agus na gcruinnithe

1.   Seolfaidh an Pharlaimint a cuid suíonna agus a cuid cruinnithe coiste i gcomhréir le forálacha na gConarthaí.

Ní bheidh ach tromlach de na vótaí a chaitear ag teastáil i gcomhair tograí le haghaidh páirtseisiún breise sa Bhruiséil agus le haghaidh aon leasuithe ar thograí den sórt sin.

2.   Féadfaidh aon choiste cinneadh a ghlacadh chun a iarraidh go seolfar cruinniú amháin nó níos mó in áit éigin eile. Is chuig an Uachtarán a dhéanfar iarraidh den sórt sin a mbeidh cúiseanna mar thacaíocht léi, agus cuirfidh an tUachtarán os comhair an Bhiúró í.

Má tá an cheist práinneach, féadfaidh an tUachtarán an cinneadh a dhéanamh é féin nó í féin. Má dhiúltaíonn an Biúró nó an tUachtarán don iarratas, luafar na cúiseanna leis an diúltú.

An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais