CAIBIDIL 6 : POINTÍ OIRD AGUS TAIRISCINTÍ NÓS IMEACHTA
Riail 200 : Díospóireacht nó vótáil a chur ar atráth
(1)
1. Ag tús díospóireachta faoi mhír ar an gclár oibre, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad a thairiscint go gcuirfear an díospóireacht ar atráth go dtí dáta agus am sonrach. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.
Tabharfar fógra don Uachtarán 24 huair an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil sé ar intinn atráth a thairiscint. Cuirfidh an tUachtarán aon fógra in iúl don Pharlaimint láithreach.
2. Má éiríonn leis an tairiscint, rachaidh an Pharlaimint ar aghaidh go dtí an chéad mhír eile ar an gclár oibre. Maidir leis an díospóireacht a cuireadh ar atráth, athchromfar uirthi ar an dáta agus ag an am sonraithe.
3. Má dhiúltaítear don tairiscint, ní fhéadfar í a chur síos arís i rith an pháirtseisiúin chéanna.
4. Roimh vótáil, nó le linn vótála, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint a thíolacadh go gcuirfear an vótáil ar atráth. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.