Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2021
EPUB 156kPDF 715k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL XIIIa : IMTHOSCA URGHNÁCHA

Riail 237 a : Bearta urghnácha

1.   Tá feidhm ag an Riail seo maidir le cásanna ina gcuirtear bac ar an bParlaimint, de dheasca imthosca eisceachtúla agus imthosca nárbh fhéidir a thuar nach bhfuil neart aici orthu, a cuid dualgas a chomhlíonadh agus a cuid sainchumas a fheidhmiú faoi na Conarthaí, agus ina bhfuil gá le maolú sealadach ar ghnáthnósanna imeachta na Parlaiminte, a leagtar amach in áiteanna eile sna Rialacha seo, chun bearta urghnácha a ghlacadh chun gur féidir leis an bParlaimint leanúint de na dualgais sin a chomhlíonadh agus na sainchumais sin a fheidhmiú.

Measfar gurb ann d’imthosca urghnácha den sórt sin i gcás ina gcinneann an tUachtarán, ar bhonn fianaise iontaofa arna deimhniú, i gcás inarb iomchuí, ag seirbhísí na Parlaiminte, go bhfuil sé nó go mbeidh sé dodhéanta nó contúirteach, ar chúiseanna slándála nó sábháilteachta nó de bharr nach bhfuil modhanna teicniúla ar fáil, ag an bParlaimint comóradh i gcomhréir lena cuid gnáthnósanna imeachta mar a leagtar amach iad in áiteanna eile sna Rialacha seo agus i gcomhréir lena féilire arna ghlacadh.

2.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, le formheas Chomhdháil na nUachtarán, ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear i mír 3 a chur i bhfeidhm.

Más rud é, ar chúiseanna mórphráinne, nach féidir le Comhdháil na nUachtarán comóradh i bpearsa nó go fíorúil, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear i mír 3 a chur i bhfeidhm. Titfidh an cinneadh sin ar lár cúig lá tar éis a ghlactha mura rud é go ndéanfaidh Comhdháil na nUachtarán é a fhormheas laistigh den tréimhse sin.

Tar éis cinneadh ón Uachtarán, arna fhormheas ag Comhdháil na nUachtarán, féadfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an mheántairseach ar a laghad a iarraidh, aon tráth, go ndéanfaí cuid de na bearta nó na bearta go léir dá bhforáiltear sa chinneadh sin a chur faoi bhráid na Parlaiminte ceann ar cheann lena bhformheas gan díospóireacht. Déanfar an vótáil i suí iomlánach a chur ar chlár oibre an chéad suí tar éis an lae ar cuireadh síos an iarraidh. Ní fhéadfar aon leasú a chur síos. Mura bhfaigheann beart tromlach na vótaí a chaitear, titfidh sé ar lár tar éis dheireadh an pháirtseisiúin. Ní fhéadfaidh beart a fhormheasfaidh an suí iomlánach a bheith ina ábhar vótála eile le linn an pháirtseisiúin chéanna.

3.   Féadfar a fhoráil leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 2 do na bearta iomchuí go léir chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca urghnácha dá dtagraítear faoi mhír 1, agus go háirithe do na bearta seo a leanas:

(a)   páirtseisiún, suí nó cruinniú coiste atá sceidealta a chur siar go dtí dáta níos déanaí agus/nó cruinnithe de thoscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus de chomhlachtaí eile a chur ar ceal nó a theorannú;

(b)   páirtseisiún, suí nó cruinniú coiste a aistriú ó shuíomh na Parlaiminte go dtí ceann dá háiteanna oibre nó go háit sheachtrach nó ó cheann dá háiteanna oibre go dtí suíomh na Parlaiminte, go dtí ceann d’áiteanna oibre eile na Parlaiminte nó go háit sheachtrach;

(c)   páirtseisiún nó suí a thionól in áitreabh na Parlaiminte ach go hiomlán nó go páirteach i seomraí cruinnithe ar leithligh lenar féidir scaradh fisiciúil iomchuí a choinneáil;

(d)   páirtseisiún, suí nó cruinniú de chomhlachtaí na Parlaiminte a thionól faoin gcóras rannpháirtíochta cianda a leagtar síos i Riail 237c;

(e)   i gcás nach ndéanfar leigheasanna leordhóthanacha chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca urghnácha atá á mbreithniú a chur ar fáil leis an sásra ionadaíochta ad hoc a leagtar síos i Riail 209(7), Feisirí a ionadú go sealadach i gcoiste ag grúpaí polaitiúla, mura rud é go mbeidh na Feisirí lena mbaineann i gcoinne an ionadaithe shealadaigh sin.

4.   Beidh teorainn ama ag gabháil le cinneadh dá dtagraítear i mír 2 agus luafar ann na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe. Tiocfaidh sé i bhfeidhm tráth a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte nó, mura féidir é a fhoilsiú mar sin de dheasca na n-imthosca, ar é a phoibliú ar na bealaí malartacha is fearr atá ar fáil.

Cuirfear an cinneadh in iúl do gach Feisire ina nduine agus ina nduine freisin gan mhoill.

Féadfaidh an tUachtarán an cinneadh a athnuachan i gcomhréir leis an nós imeachta faoi mhír 2 aon uair amháin, nó níos mó ná aon uair amháin, ar feadh tréimhse theoranta. Luafar i gcinneadh athnuachana na príomhchúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe.

Déanfaidh an tUachtarán cinneadh arna ghlacadh faoin Riail seo a chúlghairm a luaithe a bheidh deireadh leis na himthosca urghnácha dá dtagraítear i mír 1 arb iad ba chúis lena ghlacadh.

5.   Ní chuirfear an Riail seo i bhfeidhm ach amháin mar rogha dheireanach, agus ní dhéanfar ach na bearta sin a bhfuil fíorghá leo chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca urghnácha atá á mbreithniú a roghnú agus a chur i bhfeidhm.

Agus an Riail seo á cur i bhfeidhm, tabharfar aird chuí, go háirithe, ar phrionsabal an daonlathais ionadaíoch, ar phrionsabal na córa comhionainne idir na Feisirí, ar cheart na bhFeisirí a sainordú parlaiminteach a fheidhmiú gan bhac, lena n-áirítear a gcearta a eascraíonn ó Riail 167 agus a gcearta vótáil de lánrogha, ar a gconlán féin agus i bpearsa, agus ar Phrótacal Uimh. 6 maidir le suímh institiúidí an Aontais Eorpaigh, suímh comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh a shocrú, atá i gceangal leis na Conarthaí.

An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais