Ní hé seo an leagan is déanaí de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa.
Tá an leagan is déanaí ar fáil anseo:
https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/lastrules/TOC_GA.html

 Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Iúil 2022
EPUB 157kPDF 714k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1 : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Riail 8 : Gníomhaíocht phráinneach ag an Uachtarán chun díolúine a dhearbhú

1.   Ar bhonn práinne, in imthosca ina ndéantar Feisire a ghabháil nó ina gcuirtear bac ar a shaorghluaiseacht nó ar a saorghluaiseacht de shárú dealraitheach ar a chuid nó ar a cuid pribhléidí agus díolúintí, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh, gníomhú ar a thionscnamh féin chun pribhléidí agus díolúintí an Fheisire lena mbaineann a dhearbhú. Tabharfaidh an tUachtarán fógra faoin tionscnamh sin don choiste agus cuirfidh an té sin an Pharlaimint ar an eolas faoi.

2.   Nuair a bhainfidh an tUachtarán úsáid as na cumhachtaí a thugtar dó nó di le mír 1, tabharfaidh an coiste freagrach aitheantas do thionscnamh an Uachtaráin ag a chéad chruinniú eile. I gcás ina measfaidh an coiste gur gá sin, féadfaidh sé tuarascáil a ullmhú lena cur faoi bhráid na Parlaiminte.

An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais