Déanfaidh an Pharlaimint, ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán. buanchoistí a chur ar bun. Déanfar a gcuid freagrachtaí a shainiú in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo
(1). Glacfar an Iarscríbhinn sin le tromlach na vótaí a chaitear. Ceapfar a gcuid comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin tar éis atoghadh na Parlaiminte.
Is féidir freagrachtaí buanchoistí a athshainiú ag tráth seachas an tráth a gcuirtear an coiste ar bun.