1. Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an Pharlaimint, aon tráth, coistí speisialta a chur ar bun, a ndéanfar a gcuid freagrachtaí, a líon comhaltaí agus a dtéarma oifige a shainiú ag an am céanna a dhéantar an cinneadh chun iad a chur ar bun.
2. Ní fhéadfaidh téarma oifige na gcoistí speisialta dul thar 12 mhí, ach amháin i gcás ina bhfadaíonn an Pharlaimint an téarma roimh dó dul in éag. Mura rud é go gcinntear a mhalairt i gcinneadh na Parlaiminte chun an coiste speisialta a chur ar bun, tosóidh a théarma oifige ó dháta a chruinnithe tionscnaimh.
3. Ní bheidh an ceart ag coistí speisialta tuairimí a thabhairt do choistí eile.