Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Iúil 2022
EPUB 157kPDF 714k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 1 : COISTÍ

Riail 218 : Vótáil i gcoiste

1.   Gan dochar do Riail 65(4) maidir leis an dara léamh, síneoidh lánchomhalta nó comhalta ionaid den choiste lena mbaineann i gcónaí leasuithe ar dhréacht-tograí i gcomhair diúltú a cuireadh síos lena mbreithniú sa choiste, nó comhshíneoidh ar a laghad comhalta amháin den sórt sin iad.

2.   Féadfaidh coiste vótáil a dhéanamh go bailí nuair atá an ceathrú cuid dá chomhaltaí i láthair go hiarbhír. Má iarrann comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad sa choiste é, áfach, sula gcuirtear tús leis an vótáil, ní bheidh an vótáil bailí ach amháin má tá tromlach a chomhaltaí páirteach inti..

3.   Déanfar aon vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach i gcoiste ar thuarascáil nó ar thuairim le glaoch rolla i gcomhréir le Riail 190(3) agus (4). Is le taispeáint lámh a dhéanfar an vótáil ar leasuithe nó vótáil eile, mura rud é go gcinneann an Cathaoirleach dul ar aghaidh le vótáil leictreonach nó mura rud é go n-iarrann comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad sa choiste vótáil le glaoch rolla.

Níl feidhm ag Riail 218(3) a bhaineann le vótáil le glaoch rolla maidir leis na tuarascálacha dá bhforáiltear i Riail 8(2) agus Riail 9(4), (7) agus (9) i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le díolúine Feisire.

4.   I bhfianaise na leasuithe a chuirtear síos, féadfaidh an coiste, seachas dul ar aghaidh leis an vótáil, a iarraidh ar an rapóirtéir dréacht nua a chur faoina bhráid agus an oiread sin de na leasuithe is féidir á gcur san áireamh. Socrófar teorainn ama nua ansin i gcomhair leasuithe.

An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais