CAIBIDIL 2 : IONADAÍOCHT SHEACHTRACH THAR CEANN AN AONTAIS AGUS AN COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
Riail 116 : Ionadaithe speisialta
1. I gcás ina mbeartaíonn an Chomhairle ionadaí speisialta a cheapadh faoi Airteagal 33 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gComhairle ráiteas a dhéanamh, agus ceisteanna a fhreagairt, maidir leis an sainordú, maidir leis na cuspóirí agus maidir le nithe iomchuí eile a bhaineann leis na cúraimí agus an ról a bheidh le comhlíonadh ag an ionadaí speisialta.
2. Tar éis don ionadaí speisialta a bheith ceaptha, ach sula rachaidh an t-ionadaí sin i mbun an phoist sin, féadfar a iarraidh ar an ionadaí sin láithriú os comhair an choiste fhreagraigh chun ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.
3. Laistigh de dhá mhí ón éisteacht, féadfaidh an coiste freagrach moltaí a dhéanamh don Chomhairle, don Choimisiún nó do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ar moltaí iad a bhaineann go díreach leis an gceapachán.
4. Iarrfar ar an ionadaí speisialta an Pharlaimint a choimeád ar an eolas go hiomlán agus go rialta maidir le feidhmiú praiticiúil an tsainordaithe.