Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2023
EPUB 157kPDF 716k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 1 : CEAPACHÁIN

Riail 129 : Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a Cheapadh

1.   Iarrfar ar iarrthóirí a bheidh ainmnithe mar Chomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh agus ceisteanna a chuireann comhaltaí an choiste a fhreagairt. Déanfaidh an coiste vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán.

2.   Déanfaidh an coiste freagrach moladh don Pharlaimint i dtaobh an ceart an t-ainmniúchán a fhormheas.

3.   Déanfar an vótáil i suí iomlánach laistigh de dhá mhí ón tráth a fhaightear an t- ainmniúchán mura gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad. Déanfaidh an coiste vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán.

4.   Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim a ghlacann an Pharlaimint ar ainmniúchán ar leith, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle an t-ainmniúchán a tharraingt siar agus ainmniúchán nua a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

An nuashonrú is déanaí: 17 Eanáir 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais