Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2023
EPUB 157kPDF 716k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 1 : COISTÍ

Riail 221 : Nós imeachta do chomhairliúchán coiste i ndáil le faisnéis rúnda i gcruinniú coiste i seomra iata

1.   I gcás ina bhfuil an Pharlaimint faoi oibleagáid dhlíthiúil déileáil le faisnéis a fuarthas mar fhaisnéis rúnda, cuirfidh Cathaoirleach an choiste fhreagraigh an nós imeachta rúndachta a leagtar amach i mír 3 i bhfeidhm go huathoibríoch.

2.   Gan dochar do mhír 1, in éagmais aon oibleagáid dhlíthiúil déileáil leis an bhfaisnéis a fuarthas mar fhaisnéis rúnda, féadfaidh aon choiste an nós imeachta rúndachta a leagtar amach i mír 3 a chur i bhfeidhm ar a thairiscint féin i dtaca le píosa faisnéise nó le doiciméad arna sonrú ag duine dá chomhaltaí in iarraidh i scríbhinn nó in iarraidh ó bhéal. Beidh tromlach dhá thrian de na comhaltaí atá i láthair ag teastáil i gcomhair cinnidh a ghlacadh chun an nós imeachta rúndachta a chur i bhfeidhm i gcás den sórt sin.

3.   A luaithe a dhearbhaíonn cathaoirleach an choiste go bhfuil an nós imeachta rúndachta le cur i bhfeidhm, beidh an cruinniú i seomra iata, agus ní fhéadfaidh a bheith i láthair ag an gcruinniú ach amháin comhaltaí an choiste, lena n-áirítear comhaltaí ionaid. Féadfaidh an coiste a chinneadh, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil idirinstitiúideach is infheidhme, go bhféadfaidh Feisirí eile freastal ar an gcruinniú de bhun Riail 216(3). Féadfaidh na daoine sin a d’ainmnigh an Cathaoirleach roimh ré mar dhaoine ar gá dóibh a bheith ar an eolas a bheith i láthair ag an gcruinniú freisin, agus urraim chuí á tabhairt d’aon srianta atá ag eascairt ó na rialacha infheidhme lena rialaítear an chaoi a ndéileálann an Pharlaimint le faisnéis rúnda. Maidir leis an gcomhairliúchán ar fhaisnéis rúnaicmithe ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus os a chionn, nó i gcás teorainneacha sonracha rochtana a eascraíonn ón gcreat dlíthiúil idirinstitiúideach, féadfaidh feidhm a bheith ag srianta breise.

Déanfar na doiciméid a dháileadh ag tús an chruinnithe agus baileofar arís iad ag an deireadh. Beidh siad uimhrithe. Ní fhéadfar aon nótaí a ghlacadh ná aon fhótachóip a dhéanamh.

Ní dhéanfar an plé ar an mír a pléadh faoin nós imeachta rúndachta a lua i miontuairiscí an chruinnithe. Ní fhéadfar ach an cinneadh ábhartha, más ann, a thaifeadadh.

4.   Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le sárú rúndachta i gcoitinne, féadfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste a mbeidh nós imeachta rúndachta curtha i bhfeidhm aige a iarraidh go mbreithneofar sárú rúndachta. Féadfar an iarraidh sin a chur ar an gclár oibre den chéad chruinniú eile den choiste. Le tromlach dá chomhaltaí, féadfaidh an coiste cinneadh a dhéanamh an t-ábhar a chur faoi bhráid an Uachtaráin lena bhreithniú tuilleadh faoi Rialacha 10 agus 176.

Beidh feidhm ag an Riail seo sa mhéid agus a sholáthraíonn an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le cóireáil faisnéise rúnda don fhéidearthacht an fhaisnéis rúnda a cheadú ag cruinniú i gceamara lasmuigh de na saoráidí slána.

An nuashonrú is déanaí: 17 Eanáir 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais