Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2023
EPUB 157kPDF 716k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VI : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
VI.   An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.   beartais eacnamaíochta agus airgeadaíochta an Aontais, feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus chóras airgeadaíochta agus airgeadais na hEorpa (lena n-áirítear caidreamh leis na hinstitiúidí nó leis na heagraíochtaí iomchuí);

2.   saorghluaiseacht caipitil agus íocaíochtaí (íocaíochtaí trasteorann, limistéar íocaíochta aonair, comhardú íocaíochtaí, gluaiseachtaí caipitil agus an beartas maidir le hairgead a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht, rialú gluaiseachtaí caipitil de thionscnamh tríú tíortha, bearta chun onnmhairiú chaipiteal an Aontais a spreagadh);

3.   an córas airgeadaíochta agus airgeadais idirnáisiúnta (lena n-áirítear caidreamh le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí airgeadais agus airgeadaíochta);

4.   rialacha ar iomaíocht agus ar chabhair Stáit nó ar chabhair phoiblí;

5.   forálacha cánach;

6.   rialáil agus maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí airgeadais, ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais lena n-áirítear tuairisciú airgeadais, iniúchadh, rialacha cuntasaíochta, rialachas corparáideach agus nithe eile dlí cuideachtaí a bhaineann go sonrach le seirbhísí airgeadais.

7.   gníomhaíochtaí airgeadais ábhartha an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta mar chuid de rialachas eacnamaíoch na hEorpa i limistéar an euro.

Tugann fochoiste um chúrsaí cánach cúnamh don choiste, maidir le cúrsaí a bhaineann le cáin agus go háirithe an comhrac i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach, agus le trédhearcacht airgeadais chun críoch cánachais.

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
An nuashonrú is déanaí: 21 Feabhra 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais