IARSCRÍBHINN VI : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
VII. An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:
1. beartas fostaíochta agus gach gné den bheartas sóisialta lena n-áirítear coinníollacha oibre, slándáil shóisialta, cuimsiú sóisialta agus cosaint shóisialta;
2. cearta oibrithe;
3. bearta sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre;
4. Ciste Sóisialta na hEorpa;
5. beartas gairmoiliúna, lena n-áirítear cáilíochtaí gairmiúla;
6. saorghluaiseacht oibrithe agus pinsinéirí;
7. an comhagallamh sóisialta;
8. gach cineál idirdhealaithe san ionad oibre agus sa mhargadh saothair ach amháin na cineálacha sin atá bunaithe ar ghnéas;
9. caidreamh leo seo a leanas:
– an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop),
– an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú,
– Fondúireacht Oiliúna na hEorpa,
– an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair;
chomh maith le caidreamh le comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.