Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2023
EPUB 157kPDF 716k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VI : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
IX.   An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.   beartas tionsclaíochta an Aontais agus agus bearta lena gaolmhara, agus cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear bearta a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide;

2.   beartas taighde agus nuálaíochta an Aontais, lena n-áirítear eolaíocht agus teicneolaíocht mar aon le scaipeadh agus saothrú torthaí taighde;

3.   beartas Eorpach spáis;

4.   gníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, na Comhairle Eorpaí um Thaighde, na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus na hInstitiúide Ábhar Tagartha agus Tomhas, chomh maith le JET, ITER agus tionscadail eile sa réimse céanna;

5.   bearta an Aontais a bhaineann leis an mbeartas fuinnimh i gcoitinne agus i gcomhthéacs bhunú agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, lena náirítear bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas;

(a)   slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas,
(b)   éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilt fuinnimh a chur chun cinn agus cineálacha nua fuinnimh agus cineálacha in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt;
(c)   idirnascadh gréasán fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn lena n-áirítear gréasáin thras-Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnáil an bhonneagair fuinnimh;

6.   Conradh Euratom agus Gníomhaireacht Soláthair Euratom; sábháilteacht núicléach, díchoimisiúnú agus diúscairt dramhaíola san earnáil núicléach;

7.   sochaí na faisnéise, teicneolaíocht na faisnéise agus gréasáin agus seirbhísí cumarsáide, lena n-áirítear teicneolaíochtaí agus gnéithe slándála agus gréasáin thras-Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnáil an bhonneagair teileachumarsáide mar aon le gníomhaíochtaí de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA).

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
An nuashonrú is déanaí: 21 Feabhra 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais