TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 2 : RÁITIS
Riail 135 : Ráitis ón mBanc Ceannais Eorpach
1. Tabharfar cuireadh d'Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha a chur i láthair sa Pharlaimint.
2. Beidh díospóireacht ghinearálta ann i ndiaidh an chur i láthair sin.
3. Tabharfar cuireadh d'Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh freastal ar chruinnithe den choiste freagrach ceithre huaire sa bhliain ar a laghad chun ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.
4. Má iarrann siadsan nó an Pharlaimint amhlaidh, tabharfar cuireadh d'Uachtarán, do Leas- Uachtarán agus Chomhaltaí eile Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh freastal ar chruinnithe breise.
5. Déanfar tuarascáil focal ar fhocal de na himeachtaí faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 a tharraingt suas.