TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 3 : CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA
Riail 137 : Tráth na gCeisteanna
1. Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh leis an gCoimisiún ag gach páirtseisiún ar feadh tréimhse suas le 90 nóiméad ar théama cothrománach sonrach amháin nó níos mó, ar téamaí iad a chinnfidh Comhdháil na nUachtarán aon mhí amháin roimh an bpáirtseisiún.
2. Na Coimisinéirí a dtabharfaidh Comhdháil na nUachtarán cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach, beidh cúraimí acu a bhaineann leis an téama cothrománach sonrach nó leis na téamaí cothrománacha sonracha a gcuirfear ceisteanna ina dtaobh ar na Coimisinéirí. Beirt in aghaidh an pháirtseisiúin an teorainn a bheidh le líon na gCoimisinéirí a dtabharfar cuireadh dóibh. Mar sin féin, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Coimisinéir, ag brath ar an téama cothrománach sonrach nó na téamaí cothrománacha sonracha a roghnaítear do Thráth na gCeisteanna.
3. I gcomhréir le treoirlínte arna mbunú ag Comhdháil na nUachtarán, féadfar Tráth na gCeisteanna sonrach a thionól do cheisteanna ar an gComhairle, do cheisteanna ar Uachtarán an Choimisiúin, do cheisteanna ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus do cheisteanna ar Uachtarán an Ghrúpa Euro.
4. Ní dhéanfar leithdháileadh sonrach ar Thráth na gCeisteanna roimh ré. Áiritheoidh an tUachtarán, a mhéid is féidir, go dtabharfar éisteacht ina sea d'Fheisirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus do Bhallstáit éagsúla.
5. Tabharfar aon nóiméad amháin don Fheisire chun a cheist a chur agus tabharfar dhá nóiméad don Choimisinéir chun í a fhreagairt. Féadfaidh an Feisire sin ceist fhorlíontach a mhairfidh 30 soicind a chur, agus beidh baint dhíreach ag an gceist fhorlíontach leis an bpríomhcheist. Ansin, tabharfar dhá nóiméad don Choimisinéir chun freagra forlíontach a thabhairt.
Ní mór go mbeadh na ceisteanna agus na ceisteanna forlíontacha bainteach go díreach leis an téama cothrománach sonrach a bheidh roghnaithe faoi mhír 1. Féadfaidh an tUachtarán rialú a dhéanamh maidir lena n-inghlacthacht.