Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2023
EPUB 157kPDF 716k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 1 : COISTÍ

Riail 216 : Cruinnithe coiste

1.   Tiocfaidh coiste le chéile nuair a chomórfaidh a Chathaoirleach é nó ar iarraidh ón Uachtarán.

Nuair atá cruinniú den sórt sin á chomóradh, féadfaidh an Cathaoirleach a chinneadh, de réir an cháis agus le formheas comhordaitheoirí is ionann le tromlach chomhaltaí an choiste, go bhféadfar freastal go cianda ar an gcruinniú freisin, seachas cruinnithe coiste atá le tionól i seomra iata.

Nuair atá an cruinniú á chomóradh, tíolacfaidh an Cathaoirleach a dhréachtchlár oibre, ina luafar cibé acu an bhféadfar nó nach bhféadfar freastal go cianda ar an gcruinniú. Déanfaidh an coiste cinneadh maidir leis an gclár oibre ag tús an chruinnithe.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, an Chomhairle agus institiúidí eile de chuid an Aontais labhairt i gcruinnithe coiste má iarrann Cathaoirleach coiste orthu, thar ceann an choiste, déanamh amhlaidh.

Le cinneadh de chuid coiste, féadfar a iarraidh ar aon duine eile freastal ar chruinniú agus labhairt lena linn.

Féadfaidh an coiste freagrach, faoi réir formheas a fháil ón mBiúró, éisteacht saineolaithe a eagrú má mheasann sé go bhfuil éisteacht den sórt sin riachtanach chun a chuid oibre ar ábhar áirithe a sheoladh go héifeachtach.

3.   Gan dochar do Riail 56(6) agus mura rud é go gcinnfidh an coiste atá i gceist a mhalairt, ní fhéadfaidh Feisirí a fhreastalaíonn ar chruinnithe coistí nach comhaltaí díobh iad páirt a ghlacadh ina bpléití.

Féadfaidh an coiste cead a thabhairt dóibh, áfach, páirt a ghlacadh sna cruinnithe i gcáil chomhairleach.

4.   Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag Riail 171(2). Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an dara habairt de Riail 171(2) maidir le Feisirí atá ag freastal go cianda ar an gcruinniú.

5.   I gcás ina ndéantar tuarascáil focal ar fhocal a tharraingt suas, beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 204 (2), (3) agus (5).

6.   I gcás rannpháirtíocht chianda, áiritheofar:

–   go mbeidh na Feisirí in ann a sainordú parlaiminteach a fheidhmiú, lena n-áirítear, go háirithe, a gceart labhairt sna coistí gan bhac;

–   go mbeidh na réitigh teicneolaíochta faisnéise a chuirfear ar fáil ‘neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de’;

–   go mbainfear úsáid as modhanna leictreonacha slána a ndéanann seirbhísí na Parlaiminte bainistiú agus maoirseacht orthu go díreach agus go hinmheánach;

–   go gcuirfear an caighdeán fuaime agus físe is gá ar fáil leis an trealamh teicniúil; agus

–   go ndéanfar an idirghabháil ó áit iomchuí.

An nuashonrú is déanaí: 21 Feabhra 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais