Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Bealtaine 2023
EPUB 157kPDF 719k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 5 : CÓRAM, LEASUITHE AGUS VÓTÁIL

Riail 194 : Mínithe ar vótáil

1.   Féadfaidh aon Fheisire míniú ó bhéal a thabhairt ar an vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach a rinneadh ar aon mhír a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte ar feadh tréimhse nach faide ná aon nóiméad amháin. Tabharfar mínithe den sórt sin ar an vótáil ag deireadh an tsuí ar lena linn a rinneadh an vótáil lena mbaineann, mura rud é go gcinneann an tUachtarán ar bhonn eisceachtúil í a chur siar go dtí tráth níos déanaí sa pháirtseisiún. Féadfaidh gach Feisire uasmhéid de thrí mhíniú ó bhéal ar an vótáil a thabhairt in aghaidh an pháirtseisiúin.

Ar vóta den sórt sin, féadfaidh aon Fheisire míniú i scríbhinn ar an vótáil a thabhairt isteach nach faide ná 200 focal agus cuirfear an ráiteas sin san áireamh ar leathanach an Fheisire ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

Féadfaidh aon ghrúpa polaitiúil míniú nach mairfidh níos faide ná dhá nóiméad a thabhairt ar an vótáil.

A luaithe atá tús curtha leis an gcéad mhíniú ar vótáil ar an gcéad mhír, ní ghlacfar le haon iarraidh eile ar mhínithe a thabhairt ar vótáil.

Tá mínithe ar vótáil inghlactha don vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach ar aon mhír a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte. Chun críocha na Rialach seo, ní thagraíonn an téarma "vótáil chríochnaitheach" don chineál vótála, ach ciallaíonn sé an vótáil deiridh ar aon mhír.

2.   Ní bheidh mínithe ar vótáil inghlactha i gcás vótáil le ballóid rúnda nó vótáil ar ábhair nós imeachta.

3.   I gcás ina mbeidh mír gan leasuithe nó gan díospóireacht san áireamh ar chlár oibre na Parlaiminte, ní fhéadfaidh Feisirí ach mínithe i scríbhinn ar vótáil a thíolacadh i gcomhréir le mír 1.

Ní mór baint dhíreach a bheith ag mínithe ar vótáil, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn, leis an mír a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte.

An nuashonrú is déanaí: 5 Bealtaine 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais