IARSCRÍBHINN V : NÓS IMEACHTA MAIDIR LE BREITHNIÚ AGUS GLACADH CINNTÍ CHUN URSCAOILEADH A DHEONÚ
Airteagal 1 : Doiciméid
1. Déanfar na doiciméid seo a leanas a chló agus a dháileadh:
(a) an cuntas ioncaim agus caiteachais, an anailís airgeadais agus an clár comhardaithe arna gcur ar aghaidh ag an gCoimisiún;
(b) an Tuarascáil Bhliantúil agus tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí, i dteannta le freagraí na nInstitiúidí;
(c) an ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuireann an Chúirt Iniúchóirí ar fáil de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
(d) an moladh ón gComhairle.
2. Tarchuirfear na doiciméid sin chuig an gcoiste freagrach. Féadfaidh aon choiste lena mbaineann tuairim a thabhairt.
3. Más mian le coistí eile tuairimí a thabhairt, socróidh an tUachtarán an teorainn ama ar laistigh di a chuirfear na tuairimí sin in iúl don choiste freagrach.
Airteagal 2 : Tuarascáil a bhreithniú
1. Breithneoidh an Pharlaimint tuarascáil ón gcoiste freagrach maidir le hurscaoileadh faoin 15 Bealtaine sa bhliain tar éis ghlacadh Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí faoi mar a éilítear leis an Rialachán Airgeadais.
2. Beidh feidhm ag Rialacha na Parlaiminte i ndáil le leasuithe agus vótáil mura rud é bhforáiltear a mhalairt san Iarscríbhinn seo.
Airteagal 3 : Inneachar na Tuarascála
1. Is é a beidh sa tuarascáil maidir le hurscaoileadh arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach ná:
(a) togra i gcomhair cinnidh chun urscaoileadh a dheonú nó chun cinneadh ar urscaoileadh a chur siar (vótáil i bpáirtseisiún mhí Aibreáin) nó togra i gcomhair cinnidh chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú d'urscaoileadh a dheonú (vótáil i bpáirtseisiún mhí Dheireadh Fómhair);
(b) togra i gcomhair cinnidh chun na cuntais a bhaineann le hioncam, caiteachas, sócmhainní agus dliteanais uile an Aontais a dhúnadh;
(c) tairiscint i gcomhair rúin ina bhfuil tuairimí a ghabhann leis an togra i gcomhair cinnidh dá dtagraítear i bpointe (a) lena n-áirítear measúnú ar bhainistiú buiséadach an Choimisiúin thar an mbliain airgeadais agus barúlacha i ndáil le cur chun feidhme an chaiteachais don todhchaí;
(d) mar Iarscríbhinn, liosta de na doiciméid a fuarthas ón gCoimisiún agus de na doiciméid a iarradh ach nach bhfuarthas;
(e) tuairimí na gcoistí lena mbaineann.
2. Má bheartaíonn an coiste freagrach an cinneadh ar urscaoileadh a chur siar, déanfar an méid seo a leanas, inter alia, a leagan amach freisin sa tairiscint iomchuí i gcomhair rúin:
(a) na cúiseanna lena chur siar;
(b) an gníomh breise a bhfuiltear ag súil leis go nglacfaidh an Coimisiún é agus na spriocamanna chun déanamh amhlaidh;
(c) na doiciméid a bheidh ag teastáil le go bhféadfaidh an Pharlaimint cinneadh feasach a ghlacadh.
Airteagal 4 : Breithniú agus vótáil sa Pharlaimint
1. Déanfar aon tuarascáil ón gcoiste freagrach maidir le hurscaoileadh a chur san áireamh i gclár oibre an chéad pháirtseisiúin tar éis í a chur síos.
2. Ní bheidh inghlactha ach leasuithe ar thairiscint i gcomhair rúin arna cur síos i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(c).
3. Mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 5, beidh an vótáil ar na tograí i gcomhair cinnidh agus ar an tairiscint i gcomhair rúin san ord atá leagtha amach in Airteagal 3.
4. I gcomhréir le hAirteagal 231 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfaidh an Pharlaimint cinneadh le tromlach na vótaí a chaitear.
Airteagal 5 : Malairtí don nós imeachta
1. Vótáil i bpáirtseisiún mhí Aibreáin
Ar an gcéad ásc, beidh togra sa tuarascáil ar urscaoileadh go ndéanfar urscaoileadh a dheonú nó a chur siar.
(a) Má fhaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, deonófar an t-urscaoileadh. Is ionann sin freisin agus na cuntais a dhúnadh.
Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, measfar an t-urscaoileadh bheith curtha siar agus cuirfidh an coiste freagrach tuarascáil nua síos laistigh de shé mhí ar tuarascáil í ina mbeidh togra nua chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú urscaoileadh a dheonú.
(b) Má ghlactar togra chun urscaoileadh a chur siar, cuirfidh an coiste freagrach tuarascáil nua síos laistigh de shé mhí ar tuarascáil í ina mbeidh togra nua chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú urscaoileadh a dheonú. Sa chás sin, cuirfear dúnadh na gcuntas siar freisin agus cuirfear síos athuair é in éineacht leis an tuarascáil nua.
Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a chur siar tromlach, measfar go bhfuil an t-urscaoileadh deonta. Sa chás seo, is ionann an cinneadh freisin agus na cuntais a dhúnadh. Féadfar vótáil a dhéanamh fós ar an tairiscint i gcomhair rúin.
2. Vótáil i bpáirtseisiún mhí Dheireadh Fómhair
Ar an dara hásc, beidh togra sa tuarascáil ar urscaoileadh go ndéanfar urscaoileadh a dheonú nó go ndiúltófar urscaoileadh a dheonú.
(a) Má fhaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, deonófar an t-urscaoileadh. Is ionann sin freisin agus na cuntais a dhúnadh.
Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, measfar go bhfuil diúltaithe don urscaoileadh. Ag an bpáirtseisiún ina dhiaidh sin, tíolacfar togra foirmiúil chun na cuntais don bhliain atá i gceist a dhúnadh agus iarrfar ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh ag an bpáirtseisiún sin.
(b) Má fhaigheann togra chun diúltú d'urscaoileadh tromlach, tíolacfar togra foirmiúil ag páirtseisiún ina dhiaidh sin ar togra é chun na cuntais don bhliain atá i gceist a dhúnadh agus iarrfar ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh ag an bpáirtseisiún sin.
Más rud é nach bhfaigheann togra chun diúltú d'urscaoileadh tromlach, measfar go bhfuil an t- urscaoileadh deonta. Sa chás sin, is ionann an cinneadh freisin agus na cuntais a dhúnadh. Féadfar vótáil a dhéanamh fós ar an tairiscint i gcomhair rúin.
3. I gcás ina bhfuil forálacha a bhréagnaíonn vótáil na Parlaiminte ar urscaoileadh san áireamh sa tairiscint i gcomhair rúin nó sa togra maidir le dúnadh, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an choiste fhreagraigh, an vótáil a chur siar agus spriocam nua a shocrú chun leasuithe a chur síos.
Airteagal 6 : Cinntí ar urscaoileadh a chur chun feidhme
1. Déanfaidh an tUachtarán aon chinneadh nó rún Parlaiminte de bhun Airteagal 3 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig gach ceann de na hinstitiúidí eile agus déanfaidh an tUachtarán socrú chun iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sa tsraith is iomchuí do ghníomhartha de chineál reachtach.
2. Tuairisceoidh an coiste freagrach don Pharlaimint uair amháin ar a laghad sa bhliain maidir leis an ngníomh a ghlacann na hinstitiúidí mar fhreagra ar na barúlacha a bheidh in éineacht leis na cinntí ar urscaoileadh agus ar na barúlacha eile a bheidh i rúin Pharlaiminte maidir le cur chun feidhme an chaiteachais.
3. Ar bhonn tuarascála ón gcoiste atá freagrach as rialú buiséadach, féadfaidh an tUachtarán, ag gníomhú thar ceann na Parlaiminte, caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aghaidh na hinstitiúide lena mbaineann, de bhun Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le mainneachtain na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chineann ó na barúlacha atá in éineacht leis an gcinneadh ar urscaoileadh nó na rúin eile a bhaineann le cur chun feidhme an chaiteachais.