TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1 : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA
Riail 9 : Nósanna imeachta i leith díolúine
1. Maidir le haon iarraidh a bheidh seolta ó údarás inniúil Ballstáit nó ón bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach chuig an Uachtarán chun díolúine Feisire a tharscaoileadh, nó ó Fheisire nó ó iarFheisire chun pribhléidí agus díolúintí a chosaint, déanfar í a fhógairt sa Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach.
2. Le comhaontú an Fheisire nó an iarFheisire lena mbaineann, féadfaidh Feisire eile, a cheadófar ionadaíocht a dhéanamh ar an bhFeisire nó ar an iarFheisire lena mbaineann ag gach céim den nós imeachta, an iarraidh a dhéanamh.
Ní bheidh an Feisire a dhéanann ionadaíocht ar an bhFeisire nó ar an iarFheisire lena mbaineann páirteach sna cinntí a ghlacfaidh an coiste.
3. Déanfaidh an coiste iarrataí ar tharscaoileadh díolúine nó iarrataí ar chosaint pribhléidí agus díolúintí a bhreithniú gan mhoill, ach aird á tabhairt aige ar a chasta agus atá siad.
4. Déanfaidh an coiste togra i gcomhair cinneadh réasúnaithe ina molfar go nglacfar an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine nó an iarraidh ar chosaint díolúine agus pribhléidí, nó go ndiúltófar don iarraidh sin. Ní bheidh leasuithe inghlactha. Má dhiúltaítear do thogra, measfar gurb é a mhalairt de chinneadh a bheidh glactha.
5. Féadfaidh an coiste a iarraidh ar údarás an Bhallstáit lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, ar an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, aon fhaisnéis nó míniú a sholáthar, a mheasann an coiste a bheith riachtanach chun go dtiocfaidh sé ar thuairim i dtaobh an ceart díolúine a tharscaoileadh nó a chosaint.
6. Tabharfar deis don Fheisire lena mbaineann éisteacht a fháil agus féadfaidh an Feisire sin aon doiciméid nó aon fhianaise eile i scríbhinn a mheasfaidh an té sin a bheith ábhartha a thíolacadh.
Ní bheidh an Feisire lena mbaineann i láthair le linn na ndíospóireachtaí maidir le hiarraidh ar tharscaoileadh nó ar chosaint a dhíolúine nó a díolúine, seachas i gcás na héisteachta féin.
Tabharfaidh Cathaoirleach an choiste cuireadh chun éisteachta don Fheisire, agus cuirfidh an Cathaoirleach an dáta agus an t-am in iúl don Fheisire. Féadfaidh an Feisire lena mbaineann an ceart chun éisteachta a thréigean.
Má mhainníonn an Feisire lena mbaineann láithriú ag an éisteacht de bhun an chuiridh sin, measfar go bhfuil ceart an Fheisire sin chun éisteachta tréigthe aige nó aici, mura rud é gur iarr an Feisire sin go scaoilfí ón éisteacht é nó í ar an dáta agus ag an tráth a moladh, agus gur thug an Feisire sin a chúiseanna nó a cúiseanna. Tabharfaidh Cathaoirleach an choiste rialú i dtaobh an féidir glacadh leis an iarraidh go ndéanfar an Feisire a scaoileadh ón éisteacht i bhfianaise na gcúiseanna a tugadh. Ní cheadófar don Fheisire lena mbaineann an rialú sin a achomharc.
Má ghéilleann Cathaoirleach an choiste don iarraidh ar scaoileadh ón éisteacht, tabharfaidh an Cathaoirleach cuireadh chun éisteachta don Fheisire lena mbaineann ar dháta nua agus ag tráth nua. Má mhainníonn an Feisire lena mbaineann déanamh de réir an dara cuireadh chun éisteachta, leanfar ar aghaidh leis an nós imeachta d’uireasa éisteacht a thabhairt don Fheisire. Ní fhéadfar ansin glacadh le haon iarrataí eile ar a bheith scaoilte ón éisteacht nó ar éisteacht a fháil
Le Riail 216(1), an dara fomhír, ní chuirtear cosc ar an gcoiste freagrach cead a thabhairt don Fheisire lena mbaineann a bheith rannpháirteach go cianda in éisteacht díolúine i seomra iata, i gcomhréir leis na prionsabail arna leagan síos ag an gcoiste de bhun Riail 9(13), mura bhfuil an Feisire sin, de bharr imthosca eisceachtúla oibiachtúla, in ann freastal ar an éisteacht go fisiciúil.
7. I gcás ina lorgaítear tarscaoileadh nó cosaint díolúine san iarraidh ar roinnt scór, féadfaidh gach ceann díobh sin a bheith ina ábhar do chinneadh ar leithligh. Féadfar a mholadh i dtuarascáil an choiste, ar bhonn eisceachtúil, gur ceart feidhm a bheith ag an tarscaoileadh nó cosaint díolúine maidir le himeachtaí ionchúisimh amháin agus, go dtí go ndéanfar an phianbhreith chríochnaitheach a ghearradh, gur ceart don Fheisire a bheith díolmhaithe ó aon chineál coinneála nó athchuir nó ó aon bheart eile a chuirfeadh cosc ar an bhFeisire sin na dualgais is cuí don sainordú a chomhlíonadh.
8. Féadfaidh an coiste tuairim réasúnaithe a thabhairt i dtaobh inniúlacht údarás an Bhallstáit lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, inniúlacht an Phríomh-Ionchúisitheora Eorpaigh, agus i dtaobh inghlacthacht na hiarrata, ach ní dhéanfaidh sé, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná ní dhéanfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear i leith an Fheisire, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis.
9. Déanfar an togra le haghaidh cinneadh ón gcoiste a chur isteach mar chéad mhír ar chlár oibre an chéad suí tar éis an lae a gcuirfear síos í. Ní fhéadfar aon leasuithe ar an togra sin a chur síos.
Beidh an plé teoranta do na cúiseanna i bhfabhar agus i gcoinne gach togra chun díolúine a tharscaoileadh nó díolúine a chaomhnú, nó chun díolúine nó pribhléid a chosaint.
Gan dochar do Riail 173, ní ceadmhach don Fheisire arb iad a chuid pribhléidí nó díolúintí nó a cuid pribhléidí nó díolúintí atá á mbreithniú labhairt sa díospóireacht.
Maidir leis an togra nó na tograí i gcomhair cinnidh atá sa tuarascáil, déanfar vótáil air nó orthu ag an gcéad am vótála tar éis na díospóireachta.
Tar éis don Pharlaimint an t-ábhar a bhreithniú, glacfar vótáil ar leithligh ar gach ceann de na tograí atá sa tuarascáil. Má dhiúltaítear do thogra, measfar gurb é a mhalairt de chinneadh a bheidh glactha.
10. Cuirfidh an tUachtarán cinneadh na Parlaiminte in iúl láithreach don Fheisire lena mbaineann agus d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, don Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, maille le hiarraidh go gcuirfear an tUachtarán ar an eolas faoi aon fhorbairtí agus faoi aon rialuithe breithiúnacha sna himeachtaí ábhartha. Nuair a gheobhaidh an tUachtarán an fhaisnéis sin, tarchuirfidh an tUachtarán chuig an bParlaimint í ar an tslí is oiriúnaí, dar leis nó léi, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach más gá sin.
11. Maidir leis na nithe sin agus le haon doiciméid a fhaightear, déileálfaidh an coiste leo mar ábhar fíor-rúnda. Is i seomra iata i gcónaí a bhreithneoidh an coiste iarrataí a bhaineann le nósanna imeachta ar dhíolúine.
12. Ní dhéanfaidh an Pharlaimint scrúdú ach ar iarrataí ar tharscaoileadh díolúine Feisire a bheidh tarchurtha chuici ag na húdaráis bhreithiúnacha nó ag Buanionadaíochtaí na mBallstát nó, de réir mar a bheidh, ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach.
13. Leagfaidh an coiste síos prionsabail maidir le cur chun feidhme na Rialach seo.
14. Is i gcomhréir leis na rialacha thuas a dhéileálfar le haon fhiosrú arna dhéanamh ag údarás inniúil Ballstáit nó, de réir mar a bheidh, ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, maidir le scóip pribhléidí agus díolúintí Feisirí.