TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 3 : COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS
Riail 29 : Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí
1. Beidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí comhdhéanta de Chathaoirligh na mbuanchoistí nó na gcoistí sealadacha go léir. Toghfaidh sí a Cathaoirleach féin.
2. I gcás nach bhfuil an Cathaoirleach i láthair, rachaidh an Feisire is sine atá i láthair i gceannas ar an gcruinniú.
3. Féadfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí moltaí a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán faoi obair na gcoistí agus faoi dhréachtú chláir oibre na bpáirtseisiún.
4. Féadfaidh an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán a threorú do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí cúraimí sonracha a chomhall.