Innéacs 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 115kWORD 42k
Déardaoin, 18 Iúil 2024 - Strasbourg
Toghadh Uachtarán an Choimisiúin
P10_TA(2024)0004

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Iúil 2024 maidir le toghadh Uachtarán an Choimisiúin (2024/2011(INS))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don chéad fhomhír d'Airteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

–  ag féachaint d'Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uimh. 11 a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin,

–  ag féachaint do Chinneadh (AE) 2024/1862 ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024(1), lena moltar Ursula von der Leyen mar iarrthóir le haghaidh Uachtarán an Choimisiúin,

–  ag féachaint do ráiteas Ursula von der Leyen agus dá cuid treoirlínte polaitiúla a tíolacadh i suí iomlánach an 18 Iúil 2024,

–  ag féachaint do Riail 124 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag toghadh Ursula von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin ar feadh téarma oifige a ritheann ón 1 Samhain 2024 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2029;

2.  á threorú dá hUachtarán a iarraidh ar an gComhairle agus ar Ursula von der Leyen na hainmnithigh a mholadh de thoil a chéile lena gceapadh mar chomhaltaí an Choimisiúin;

3.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle agus chuig Uachtarán toghaí an Choimisiúin.

(1) IO L, 2024/1862, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1862/oj.

An nuashonrú is déanaí: 2 Deireadh Fómhair 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais