Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2024/0046(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A10-0001/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A10-0001/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 19/09/2024 - 7.4
CRE 19/09/2024 - 7.4

Téacsanna arna nglacadh :

P10_TA(2024)0011

Téacsanna atá glactha
PDF 111kWORD 43k
Déardaoin, 19 Meán Fómhair 2024 - Strasbourg
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe
P10_TA(2024)0011A10-0001/2024

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ina leagtar amach nósanna imeachta slándála maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe (07058/2024 – C9-0137/2024 – 2024/0046(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07058/2024),

–  ag féachaint don dréacht-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ina leagtar amach nósanna imeachta slándála maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe (07061/2024),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 189 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0137/2024),

–  ag féachaint do Riail 107(1) agus (4), agus do Riail 117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A10-0001/2024),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

An nuashonrú is déanaí: 14 Samhain 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais