– ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petr Bystron, faighte trí litir dar dáta an 27 Lúnasa 2024 ó Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt na Gearmáine, lena dtarchuirtear iarraidh ó Ionchúisitheoir Poiblí München an 23 Iúil 2024, i dtaca le himeachtaí coiriúla atá ar bun ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, München, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 16 Meán Fómhair 2024,
– tar éis di éisteacht a thabhairt do Petr Bystron an 13 Feabhra 2025, i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta, agus ag féachaint do na doiciméid a thíolaic sé,
– ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
– ag féachaint do na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, an 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023(1),
– ag féachaint d’Airteagal 46 de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
– ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0077/2025),
A. de bhrí gur iarr Ionchúisitheoir Poiblí München go ndéanfaí díolúine Petr Bystron, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tharscaoileadh i dtaca leis na cúisimh a tugadh ina choinne de bhun Airteagal 108e(1), Airteagal 261(1), pointe (2), Airteagal 261(7), Airteagal 263(1) agus Airteagal 263(3), pointe (1), de Chód Coiriúil na Gearmáine, Airteagal 370(1) de Chód Cánach Ginearálta na Gearmáine agus Airteagal 53 de Chód Coiriúil na Gearmáine, a bhaineann le cionta líomhnaithe de shé scór ar a laghad d’éilliú éighníomhach, sciúradh airgid agus calaois, agus de chúig scór ar a laghad d’imghabháil cánach;
B. de bhrí go sonraítear san iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh, ó thráth neamhchinnte in 2020, go bhféadfadh, inter alia, go bhfuair Petr Bystron íocaíochtaí airgid thirim de láimh nó go bhfuair sé aistrithe criptea-airgeadra ó oibreoir an tsuímh gréasáin ‘Voice of Europe’ atá ar son na Rúise i gcomaoin a ghealltanais labhairt agus vótáil, mar chomhalta den pharlaimint náisiúnta, ar mhaithe le Rialtas na Rúise; de bhrí go líomhnaítear go ndearna Petr Bystron méideanna suntasacha a thaisceadh in UMB an 17 agus an 20 Márta 2023 i gcuntas ar leis an gcuideachta é arb é an t-aon scairshealbhóir agus bainisteoir uirthi é; de bhrí go líomhnaítear gur aistarraing sé, an 20 Márta 2023, an méid céanna in ainmníocht EUR 200 ó UMB de chuid an bhainc chéanna; de bhrí, mar fhreagra ar iarraidh ón mbanc, go líomhnaítear nár thug Petr Bystron aon mhíniú ar an gcúis leis na gluaiseachtaí amhrasacha sin; de bhrí, as na breabanna líomhnaithe a fuair sé in airgead tirim, gur thaisc Petr Bystron roinnt suimeanna chomh maith in Iúil 2021, in Aibreán agus Meán Fómhair 2022, agus i Meitheamh agus Iúil 2023; de bhrí go líomhnaítear go ndearna Petr Bystron iarracht tionscnamh an airgid thirim a cheilt; de bhrí go bhfuil taifid idirbhirt ag Ionchúisitheoir Poiblí München ar chuntais uile Petr Bystron agus ar an gcuideachta sin, arb é an t-aon scairshealbhóir agus bainisteoir uirthi é, ó 2020 ar aghaidh; de bhrí go líomhnaítear go bhfágfadh sin go mbeadh sé dodhéanta breis íocaíochtaí in airgead tirim a bhrath agus déanamh amach go raibh breabanna a líomhnaítear a fuair sé tráth níos luaithe ann i ndáiríre;
C. de bhrí, i roinnt pléití de chuid na parlaiminte náisiúnta, a raibh Petr Bystron ina chomhalta di tráth na bhfíoras líomhnaithe, ar cheisteanna a bhaineann leis an Rúis, go líomhnaítear gur vótáil sé, ó 2022 i leith, sa tslí is fabhraí do leasanna rialtas na Rúise agus go líomhnaítear gur thug sé dhá óráid ar a laghad os comhair Bundestag na Gearmáine inar chosain sé seasamh ar son na Rúise;
D. de bhrí go líomhnaítear go ndearna Petr Bystron, a bhí i dteideal liúntas ar ráta comhréidh, faoi Dhlí na Gearmáine maidir le Comhaltaí na Parlaiminte, a bhí beartaithe, inter alia, chun foireann a earcú, go líomhnaítear go ndearna sé conradh fostaíochta lena dhlíodóir i nDeireadh Fómhair 2021 agus go ndearna sé cúig leasú ar an gconradh sin, agus am oibre seachtainiúil agus tuarastal míosúil a dhlíodóra á leasú ag gach ceann acu; de bhrí nach bhféadfar an liúntas ar ráta comhréidh a úsáid ach amháin má tá nasc leordhóthanach ag an gcuspóir beartaithe nó ag na gníomhaíochtaí lena mbaineann le feidhmiú an tsainordaithe; de bhrí go líomhnaítear nár bhain an obair a rinneadh faoin gconradh sin le feidhmiú an tsainordaithe pharlaimintigh nó nach ndearnadh an obair a rabhthas ag súil léi, ach go líomhnaítear gur íocadh luach saothair mar sin féin mar thoradh ar an ngníomhaire inniúil a bheith curtha ar míthreoir; de bhrí go líomhnaítear gurbh ionann an íocaíocht sin agus damáiste €97 400,00 do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine;
E. de bhrí, sna blianta airgeadais 2017 go 2021, go líomhnaítear gur chuir Petr Bystron, trí chomhairleoir cánach na cuideachta arb é an t-aon scairshealbhóir agus bainisteoir uirthi é, tuairisceáin CBL mhíchearta faoi bhráid údaráis chánach München, ina raibh caiteachas príobháideach nach raibh aon bhaint aige le gníomhaíocht tráchtála na cuideachta sin; de bhrí, mar thoradh ar an bhfaisnéis mhícheart sin sna tuairisceáin CBL, go líomhnaítear go ndearnadh aisíocaíocht neamhdhlite CBL dar luach €9 949 17 san iomlán;
F. de bhrí gur toghadh Petr Bystron chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2024 sa Ghearmáin agus nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe;
G. de bhrí nach mbaineann na cionta líomhnaithe agus an iarraidh ina dhiaidh sin ar tharscaoileadh a dhíolúine le tuairim a thug Petr Bystron ná le vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
H. de bhrí go bhforáiltear, le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;
I. de bhrí go bhforáiltear mar a leanas le hAirteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:
‘(2) I gcás cion atá inphionóis, ní fhéadfar Feisire a chur faoi dhliteanas ná a ghabháil ach amháin le formheas an Bundestag, mura rud é gur gabhadh é nó í le linn dó nó di an cion a dhéanamh nó le linn an lae dár gcionn.
(3)
Beidh formheas an Bundestag de dhíth freisin chun aon srian eile maidir le saoirse an duine a chur ar Fheisire nó chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Feisire faoi Airteagal 18.
(4)
Déanfar aon imeachtaí coiriúla nó aon imeachtaí faoi Airteagal 18, arna dtionscnamh i gcoinne Feisire, agus aon choinneáil nó aon srianadh eile ar a shaoirse nó a saoirse pearsanta a chur ar fionraí ar iarratas ón Bundestag.’;
J. de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
K. de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
L. de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh Parlaimint na hEorpa aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
M. de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir(2);
1. ag cinneadh díolúine Petr Bystron a tharscaoileadh
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chun údaráis inniúil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus chun Petr Bystron.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C 200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI:EU:C:2011:543. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, Puigdemont i Casamajó agus Eile v an Pharlaimint, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.
– ag féachaint d’iarraidh ó Phríomh-Ionchúisitheoir Phoblacht na Liotuáine an 16 Meán Fómhair 2024 ar tharscaoileadh dhíolúine Petras Gražulis i dtaca le himeachtaí coiriúla a bhfuil baint aige leo, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 24 Deireadh Fómhair 2024,
– tar éis di éisteacht a thabhairt do Petras Gražulis an 18 Márta 2025 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
– ag féachaint do na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023(1),
– ag féachaint d’Airteagal 62 de Bhunreacht Phoblacht na Liotuáine,
– ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0078/2025),
A. de bhrí gur iarr Príomh-Ionchúisitheoir Phoblacht na Liotuáine, i litir dar dáta an 16 Meán Fómhair 2024, go ndéanfaí díolúine Petras Gražulis a tharscaoileadh, i dtaca le cion líomhnaithe faoi Airteagal 170(2) de Chód Coiriúil Phoblacht na Liotuáine, eadhon fonóid a dhéanamh go poiblí faoi ghrúpa daoine agus dímheas a tharraingt orthu mar gheall ar a ngnéaschlaonadh;
B. de bhrí go luaitear san iarratas go gcuirtear i leith Petras Gražulis go ndearna sé fonóid faoi ghrúpa daoine go poiblí, iad a dhíspeagadh agus uirísliú, agus gur léirigh sé a dhímheas orthu mar gheall ar a ngnéaschlaonadh agus é i ndorchlaí Seimas Phoblacht na Liotuáine (an pharlaimint) (‘an Seimas’ anseo feasta) an 26 Bealtaine 2022, ag deireadh an Seimas ina shuí ar chlárú comhpháirtíochtaí sibhialta, i gcomhthéacs plé le fear ceamara, a ndearna na meáin é a scannánú agus a chraoladh; de bhrí go dtéann an cion a bhfuil Petras Gražulis, a bhí ina chomhalta den Seimas ansin, á chúiseamh ann siar go 2022; de bhrí go ndearnadh an t-imscrúdú réamhthrialach in 2022 agus 2023, agus gur tarchuireadh an cás chuig Cúirt Réigiúnach Vilnias i mí Eanáir 2024; de bhrí go raibh díolúine ag Petras Gražulis an tráth sin mar chomhalta den Seimas, ach an 16 Samhain 2023 gur thug an Seimas a thoiliú d’imeachtaí coiriúla ina choinne;
C. de bhrí gur toghadh Petras Gražulis chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2024 agus nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe;
D. de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe agus an iarraidh ina dhiaidh sin ar tharscaoileadh a dhíolúine le tuairim a thug Petras Gražulis ná le vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
E. de bhrí go bhforáiltear, le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;
F. de bhrí go bhforáiltear an méid seo le hAirteagal 62 de Bhunreacht Phoblacht na Liotuáine: ‘Beidh Comhalta den Seimas, ina phearsa féin, dosháraithe. Ní fhéadfar Comhalta den Seimas a chur faoi dhliteanas coiriúil, a ghabháil, ná a shaoirse a shrianadh ar shlí eile gan toiliú an Seimas. Ní fhéadfar géarleanúint a dhéanamh ar Chomhalta den Seimas as a vóta ná as a óráidí ag an Seimas. Féadfar, áfach, é a chur faoi dhliteanas, faoin ngnáthnós imeachta, i leith masla pearsanta nó clúmhilleadh’;
G. de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
H. de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
I. de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
J. de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir(2);
1. ag cinneadh díolúine Petras Gražulis a tharscaoileadh
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Liotuáine agus chuig Petras Gražulis.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile v an Pharlaimint, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.
– ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Grzegorz Braun ó Phríomh-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne, dar dáta an 29 Deireadh Fómhair 2024, lena dtarchuirtear iarraidh arna tíolacadh ag Oifig an Ionchúisitheora Réigiúnaigh i Vársá, i dtaca le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne Grzegorz Braun, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 14 Samhain 2024,
– ag féachaint don fhíoras go meastar gur dhiúltaigh Grzegorz Braun dá cheart chun éisteachta faoi Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
– ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023(1),
– ag féachaint d’Airteagail 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne,
– ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0081/2025),
A. de bhrí, i litir dar dáta an 29 Deireadh Fómhair 2024, gur tharchuir Príomh-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne iarraidh ar dhíolúine Grzegorz Braun a tharscaoileadh, arna tíolacadh ag Oifig an Ionchúisitheora Réigiúnaigh i Vársá, i ndáil le roinnt cionta líomhnaithe a tharla in 2022 agus in 2023;
B. de bhrí, de réir na hiarrata, an 1 Márta 2022, i bhfoirgneamh na hInstitiúide Náisiúnta Cairdeolaíochta – Institiúid Taighde Stáit, go líomhnaítear gur sháraigh Grzegorz Braun sláine coirp oifigigh phoiblí a bhí ag gníomhú ina cháil mar Stiúrthóir ar an Institiúid Náisiúnta Cairdeolaíochta, le linn don oifigeach poiblí sin dualgais oifigiúla a chomhlíonadh agus i dtaca leis sin; de bhrí gurb ionann na gníomhaíochtaí líomhnaithe agus cion faoi Airteagal 222(1) de Chód Coiriúil na Polainne, i gcomhthráth le hAirteagal 191(1) de Chód Coiriúil na Polainne i gcomhar le hAirteagal 11(2) den Chód sin;
C. de bhrí, an 1 Márta 2022, go líomhnaítear gur mhaslaigh Grzegorz Braun Stiúrthóir na hInstitiúide Náisiúnta Cairdeolaíochta, le linn don oifigeach poiblí sin dualgais oifigiúla a chomhlíonadh agus i dtaca leis sin, trí líomhaintí a dhéanamh ina choinne agus trí na himeachtaí a shruthú ar an idirlíon, a líomhnaítear a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chlú poiblí an oifigigh agus a d’fhágfadh go gcaillfeadh sé an mhuinín ba ghá a cuireadh ann chun a ról mar Stiúrthóir na hInstitiúide Náisiúnta Cairdeolaíochta a chomhlíonadh agus gairm an dochtúra a fheidhmiú; de bhrí gurb ionann na gníomhaíochtaí líomhnaithe agus cion faoi Airteagal 226(1) de Chód Coiriúil na Polainne, i gcomhthráth le hAirteagal 212(1) agus (2) de Chód Coiriúil na Polainne i gcomhar le hAirteagal 11(2) den Chód sin;
D. de bhrí, an 27 Eanáir 2023, go líomhnaítear go ndearna Grzegorz Braun damáiste do chrann Nollag agus gur scrios sé maisiúcháin ba mhaoin de chuid dhá chomhlachas Pholannacha a raibh a n-oifigí i bhfoirgneamh na Cúirte Réigiúnaí in Kraków, agus de bhrí gur cion faoi Airteagal 288(1) de Chód Coiriúil na Polainne é an damáiste sin a dhéanamh;
E. de bhrí, an 30 Bealtaine 2023, ag ceanncheathrú Institiúid Stairiúil na Gearmáine i Vársá, go líomhnaítear go ndearna Grzegorz Braun damáiste do mhaoin ba le hInstitiúid Stairiúil na Gearmáine, ar cion é faoi Airteagal 288(1) de Chód Coiriúil na Polainne;
F. de bhrí, an 30 Bealtaine 2023, go líomhnaítear gur mhainnigh Grzegorz Braun ceanncheathrú Institiúid Stairiúil na Gearmáine a fhágáil cé gur iarr duine údaraithe air déanamh amhlaidh, ar cion é faoi Airteagal 193(1) de Chód Coiriúil na Polainne;
G. de bhrí, an 12 Nollaig 2023, laistigh d’áitreabh Sejm Phoblacht na Polainne, go líomhnaítear gur mhaslaigh Grzegorz Braun grúpa daoine go poiblí ar fhorais a gcleamhnachta reiligiúnaí agus go líomhnaítear gur mhaslaigh sé réad adhartha reiligiúnaigh (meanóra) trína choinnle lasta a mhúchadh le múchtóir dóiteáin, agus ar an gcaoi sin go líomhnaítear gur chuir sé olc ar mheanma reiligiúnach na nGiúdach, agus ar cion é faoi Airteagal 257 de Chód Coiriúil na Polainne, i gcomhthráth le hAirteagail 195(1) agus 196 de Chód Coiriúil na Polainne i gcomhar le hAirteagal 11(2) den Chód sin;
H. de bhrí, an 12 Nollaig 2023, laistigh d’áitreabh Sejm Phoblacht na Polainne, go líomhnaítear gur sháraigh Grzegorz Braun sláine coirp páirtí éagóraithe a rinne idirghabháil d’fhonn an t-ord poiblí a chosaint, trí spraeáil ó mhúchtóir dóiteáin ina raibh substaint phúdrach a dhíriú ar an bpáirtí éagóraithe; de bhrí go líomhnaítear go ndearna Grzegorz Braun miondamáiste do shláinte an pháirtí éagóraithe, a mhair suas le 7 lá, ar cion é faoi Airteagal 157(2) de Chód Coiriúil na Polainne, i gcomhthráth le hAirteagal 217a de Chód Coiriúil na Polainne i gcomhar le hAirteagal 11(2) den Chód sin;
I. de bhrí gur osclaíodh ar dtús an t-imscrúdú a rinneadh i dtaca leis na cionta líomhnaithe a leagtar amach san iarraidh ar tharscaoileadh an 25 Bealtaine 2023, tráth a raibh díolúine ag Grzegorz Braun mar Chomhalta de Sejm Phoblacht na Polainne; de bhrí, an 17 Eanáir 2024, gur dheonaigh Sejm Phoblacht na Polainne toiliú chun cúisimh choiriúla a thabhairt i gcoinne Grzegorz Braun i dtaca leis na cionta a leagtar amach san iarraidh; de bhrí gur toghadh Grzegorz Braun chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024; de bhrí, mar sin, nach raibh Grzegorz Braun ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe;
J. de bhrí nach mbaineann na cionta líomhnaithe agus an iarraidh ina dhiaidh sin ar a dhíolúine a tharscaoileadh le tuairim a thug Grzegorz Braun ná le vóta chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
K. de bhrí go bhforáiltear, le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;
L. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 105(2) agus (5) de Bhunreacht na Polainne, ón lá a fógraíodh torthaí na dtoghchán go dtí an lá a rachaidh a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear Teachta faoi réir cuntasacht choiriúil gan toiliú Sejm Phoblacht na Polainne agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú an Sejm, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é nó í agus cion á dhéanamh aige nó aici agus inar gá é nó í a choinneáil chun cúrsa ceart na n-imeachtaí a áirithiú;
M. de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
N. de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
O. de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léirigh gurbh é an rún a bhí leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
P. de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir(2);
1. ag cinneadh díolúine Grzegorz Braun a tharscaoileadh;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Polainne agus chuig Grzegorz Braun.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile v an Pharlaimint, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.
Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v an Pharlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;
Ionstraim um fhorbairt agus fás na Réigiún Teorann (BRIDGEforEU)
115k
45k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hionstraim um fhorbairt agus fás na Réigiún Teorann (BRIDGEforEU) (17102/1/2024 – C10-0057/2025 – 2018/0198(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (17102/1/2024 – C10‑0057/2025),
– ag féachaint do thuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1) agus an 24 Aibreán 2024(2),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(3) agus an 17 Aibreán 2024(4),
– ag féachaint don seasamh uaithi ar an gcéad léamh ar an togra ón gCoimisiún(5) chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0373– 2018/0198(COD),
– ag féachaint don togra leasaithe ón gCoimisiúin (COM(2023)0790),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun faoi Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach,
– ag féachaint do Riail 68 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A10-0058/2025),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú ar Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le raon feidhme na rialacha maidir le tagarmharcanna, úsáid a bhaint as tagarmharcanna san Aontas arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, agus ceanglais tuairiscithe áirithe
115k
45k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le raon feidhme na rialacha maidir le tagarmharcanna, úsáid tagarmharcanna san Aontas a sholáthraíonn riarthóir atá suite i dtríú tír, agus ceanglais tuairiscithe áirithe (5123/1/2025 – C10-0055/2025 – 2023/0379(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (5123/1/2025 – C10‑0055/2025),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Feabhra 2024(1),
– ag féachaint don seasamh uaithi ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0660),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach,
– ag féachaint do Riail 68 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0060/2025),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí
122k
44k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh margaidh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 450/2003 agus (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17082/1/2024 – C10-0054/2025 – 2023/0288(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (17082/1/2024 – C10‑0054/2025),
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Samhain 2023(1),
– ag féachaint don seasamh uaithi ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0459),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach,
— ag féachaint do Riail 68 dá Rialacha Nós Imeachta,
— ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0057/2025),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún WHA77.17 agus a glacadh an 1 Meitheamh 2024
110k
43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle lena n-iarrtar ar na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, glacadh leis na leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún WHA77.17 agus a glacadh an 1 Meitheamh 2024 (17046/2024 – C10-0005/2025 – 2024/0299(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (17046/2024),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 168(5) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(iii) agus (v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10‑0005/2025),
– ag féachaint do Riail 107(1) agus (4) agus Riail 117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shláinte Phoiblí (A10-0064/2025),
1. ag tabhairt a toilithe don dréachtchinneadh ón gComhairle;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha – EGF/2024/003 BE/Van Hool - an Bheilg
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/003 BE/Van Hool (COM(2025)0001 – C10-0056/2025 – 2025/0061(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0001 – C10‑0056/2025),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2) arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765(3), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0080/2025),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur thíolaic an Bheilg iarratas EGF/2024/003 BE/Van Hool ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis do 2 411 oibrí a bheith curtha ar iomarcaíocht(5) san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2, Rannán 29 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí), i réigiún NUTS 2 Provincie Antwerpen (BE21), laistigh de thréimhse thagartha 4 mhí don iarratas ón 8 Aibreán 2024 go dtí an 8 Lúnasa 2024;
C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 2 411 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Van Hool.
D. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go scoirfí de ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach nó duine féinfhostaithe ar a laghad, thar thréimhse thagartha 4 mhí, i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a bhí ag soláthraithe agus ag táirgeoirí iartheachtacha;
E. de bhrí go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar éileamh cóistí, agus go raibh tionchar ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar struchtúr costais;
F. de bhrí go bhfuil brú gan fasach ar thionscal mótarfheithiclí agus soláthróirí na hEorpa ó dhúshláin sheachtracha agus inmheánacha araon, amhail saobhadh ar an iomaíocht, go háirithe in earnáil na bhfeithiclí leictreacha mar gheall ar fhóirdheonú éagórach na Síne, agus costais arda fuinnimh de dheasca mórathruithe struchtúrtha;
G. de bhrí go raibh speisialtóireacht ag Van Hool i monarú busanna, cóistí, busanna tralaí, agus leantóirí; de bhrí go bhfuil laghdú tagtha ar mheándíolacháin Van Hool san Eoraip agus titim ghéar ar bhrabúsacht mar thoradh ar an laghdú atá ag teacht ar an éileamh ar chóistí mar thoradh ar thionchar na paindéime; de bhrí gur chuir boilsciú méadaitheach agus briseadh sa slabhraí soláthair tuilleadh brú ar chorrlaigh an fhiontair;
H. de bhrí gur lean an chuideachta, i gcomhréir le dlí na Beilge, an nós imeachta éigeantach maidir le hionadaithe oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo; de bhrí nach bhfuil feidhm ag an gceanglas chun aonad fostaíochta a chur ar bun, arb é is cuspóir dó seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a sholáthar d’oibrithe a leagadh as i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna, i gcás féimheachta;
I. de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
J. de bhrí go bhfuil na seirbhísí fostaíochta Pléimeannacha (VDAB) ag soláthar réamh-mhaoiniú agus chómhaoiniú náisiúnta na mbeart;
K. de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765. de bhrí, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, gur cheart ranníocaíochtaí neamhchaite a aisíoc leis an gCoimisiún;
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 7 999 015 a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán EUR 9 410 607, a chuimsíonn caiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe arb ionann é agus EUR 9 034 607 agus caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe arb ionann é agus EUR 376 000;
2. ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 29 Deireadh Fómhair 2024, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 26 Márta 2025 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 2 411 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Van Hool; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb é 2 397 oibrí spriocdhírithe a bheidh ann san iomlán;
4. á chur i bhfios go láidir go bhfuil meath ag teacht ar an earnáil thionsclaíoch faoi láthair sa Bheilg de réir Chónaidhm Fhiontair na Beilge (VBO); ag tabhairt dá haire go raibh ról tábhachtach ag an earnáil tionsclaíochta in Lier riamh anall agus gur sin an fáth a bhfuil tionchar suntasach ag an meath tionsclaíoch ar mhargadh saothair Lier; á thabhairt chun suntais gur tháinig laghdú 13 % ar líon na bpost tionsclaíoch a bhí ar fáil in Lier in 2023;
5. á chur i bhfios próifílí na n-oibrithe iomarcacha, a bhfuil aon trian díobh 50 bliain d’aois nó níos sine agus a bhfuil oideachas meánscoile nó níos lú ag 80 % díobh agus scileanna atá as dáta acu; á chur i bhfáth, agus an treocht anuas i bhfolúntais agus dáileadh geografach na bhfolúntas á gcur san i gcuntas, go mbeidh cúnamh spriocdhírithe ag teastáil ó na hoibrithe lena ndíreofar ar uas-sciliú agus ar athoiliúint chun cur leis an seans atá acu filleadh ar an obair; á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais agus na mBallstát é deis a thabhairt do na hoibrithe lena mbaineann na cáilíochtaí is gá a fháil chun fostaíocht a aimsiú amach anseo;
6. á chur in iúl gur geal léi gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do na hoibrithe: comhairleoir idirghabhála sóisialta agus clárú oibrithe, socrúchán seachtrach, tacaíocht chun post a chuardach agus socrúchán fostaíochta, gairmthreoir, athoiliúint agus gairmoiliúint, chomh maith le hoiliúint san ionad oibre; ag cur béim go háirithe ar sheirbhísí a bhaineann le tacaíocht spriocdhírithe agus measúnú pearsanta, chomh maith le hoiliúint TFC a rannchuidíonn leis an uas-sciliú is gá sa ré dhigiteach thionsclaíoch;
7. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 22 Aibreán 2024 agus, dá bhrí sin, gurb ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
8. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 14 Márta 2024 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
9. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Beilge go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
10. á mheabhrú go n-áiritheoidh údaráis na Beilge go mbeidh comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú ghné na hinscne ina gcuid lárnach den tréimhse cur chun feidhme agus go gcuirfear chun cinn iad i rith na tréimhse cur chun feidhme;
11. á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe cómhargála;
12. á mheabhrú go dtabharfaidh údaráis na Beilge aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus go n-áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe agus go leagfaidh siad béim ar bhreisluach an Aontais a bhaineann leis an idirghabháil, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear faisnéis spriocdhírithe do thairbhithe, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal;
13. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
14. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
15. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/003 BE/Van Hool
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2025/1018.)
Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint - an chalaois a chomhrac - tuarascáil bhliantúil 2023
261k
96k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh – an comhrac in aghaidh na calaoise – tuarascáil bhliantúil 2023 (2024/2083(INI))
– ag féachaint d’Airteagail 310(6) agus 325(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 25 Iúil 2024 dar teideal ‘An 35ú Tuarascáil Bhliantúil maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise - 2023’ (COM(2024)0318) (Tuarascáil CLA 2023),
– ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2023 ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)(1) agus don tuarascáil ar ghníomhaíochtaí ó Choiste Maoirseachta OLAF – 2023(2),
– ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2023 ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) arna foilsiú an 1 Márta 2024,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint(3) (an Rialachán maidir le Coinníollacht),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais(4) (an Treoir maidir le cosaint do lucht sceite eolais) agus do thuarascáil ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 maidir lena cur chun feidhme agus lena cur i bhfeidhm (COM(2024)0269),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 maidir le ‘Tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta – staid an smachta reachta san Aontas Eorpach’ (COM(2023)0800), agus do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 dar teideal ‘Tuarascáil ar thuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta’(5),
– ag féachaint do chinneadh ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 gan deireadh a chur leis an mbeart a fhorchuirtear i gcur i bhfeidhm Airteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir,
– ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 16 Feabhra 2022 i gCásanna C-156/21(6) agus C-157/21(7) agus do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir, a dtagraitear don Rialachán maidir le Coinníollacht i ngach ceann acu,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais(8) (an Rialachán Airgeadais),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1624(9), Rialachán (AE) 2024/1620(10) agus Treoir (AE) 2024/1640(11), ar gníomhartha ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad uile, arna nglacadh an 31 Bealtaine 2024 agus a bhaineann le húsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, lena n-áirítear trí bhunú an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta,
– ag féachaint do Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil(12) (Treoir CLA),
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2022 dar teideal ‘An dara tuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil’ (COM(2022)0466),
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (COM(2024)0269),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí(13) (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 dar teideal 2024 Rule of Law Report – The rule of law situation in the European Union [Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach] (COM(2024)0800),
– ag féachaint don staidéar dar teideal Strengthening the fight against organised crime: Assessing the legislative framework [An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe a neartú: Measúnú a dhéanamh ar an gcreat reachtach], a foilsíodh i mí na Nollag 2022(14),
– ag féachaint don staidéar dar teideal Strengthening the fight against corruption: assessing the legislative and policy framework [An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe a neartú: measúnú a dhéanamh ar an gcreat reachtach], a foilsíodh i mí Eanáir 2023(15),
– ag féachaint don staidéar dar teideal Compliance assessment of measures adopted by the Member States to adapt their systems to Council Regulation (EU) 2017/1939 of 12 October 2017 implementing enhanced cooperation on the establishment of the European Public Prosecutor’s Office [Measúnú comhlíontachta ar bhearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun a gcórais a oiriúnú do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘an OIPE’)] agus an síneadh a cuireadh leis, ar foilsíodh iad araon i mí na Nollag 2023(16),
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 maidir leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe (JOIN(2023)0012) agus do thogra ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2023 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2023)0234),
– ag féachaint do thuarascáil chomhpháirteach Europol-OLAF an 6 Meitheamh 2023 dar teideal Assessing the Threats to the NextGenerationEU (NGEU) Fund [Measúnú a dhéanamh ar na Bagairtí ar Chiste NextGenerationEU (NGEU)],
– ag féachaint do nóta dúnta ón Ombudsman Eorpach an 12 Meán Fómhair 2023 maidir leis an Tionscnamh Straitéiseach a bhaineann le trédhearcacht agus cuntasacht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta i ndáil le Cás SI/6/2021/PVV, a osclaíodh an 24 Feabhra 2022,
– ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) dar teideal ‘Ár ngníomhaíochtaí in 2023’, a foilsíodh an 9 Deireadh Fómhair 2024,
– ag féachaint d’Athbhreithniú 04/2023 an 6 Iúil 2023 ó CIE dar teideal ‘Bainistíocht chistí an Aontais a dhigiteáil’,
– ag féachaint do Eorabharaiméadar Speisialta 534 dar teideal Citizens’ attitudes towards corruption in the EU in 2023 [Dearcthaí na Saoránach i leith an éillithe san Aontas in 2023](17),
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 06/2023 ó CIE an 13 Márta 2023 dar teideal ‘Coinbhleacht leasa i gcaiteachas comhtháthaithe agus talmhaíochta AE — Tá creat i bhfeidhm, ach tá bearnaí sna bearta trédhearcachta agus braite’,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise an Aontais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014(18),
– ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh - an comhrac in aghaidh na calaoise - tuarascáil bhliantúil 2022(19),
– ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0049/2025),
A. de bhrí, i gcomhréir leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 325(5) CFAE, go gcuireann an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain tuarascáil arna dréachtú i gcomhar leis na Ballstáit maidir leis na bearta arna ndéanamh chun an t-airteagal seo a chur chun feidhme (ar a dtugtar tuarascálacha CLA);
B. de bhrí go bhfuil tuarascálacha CLA bunaithe go príomha ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, lena n-áirítear sonraí maidir le neamhrialtachtaí agus calaois a bhraitear, tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta (CBNR), agus ar shonraí a bhaintear as córas cuntasaíochta an Choimisiúin (ABAC);
C. de bhrí nach mór bearta éifeachtacha chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme ar bhonn eolas atá bunaithe ar shonraí maidir leis an staid shonrach i ngach Ballstát, go háirithe i gcásanna a bhaineann le gníomhaíocht choiriúil chasta;
D. de bhrí go léiríonn an líon neamhrialtachtaí a bhraitear agus a thuairiscítear torthaí iarrachtaí na mBallstát chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha sa réimse sin a chomhrac agus nach bhfuil sé le léirmhíniú mar léiriú ar leibhéal na míbhainistíochta nó na calaoise sna Ballstáit;
E. de bhrí gur gá measúnú foriomlán níos leithne a dhéanamh ar na naisc idir neamhrialtachtaí, a mbrath agus an leibhéal tuairiscithe;
F. de bhrí gur cheart bainistiú fónta acmhainní poiblí agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais ar fud bheartais uile an Aontais a bheith ríthábhachtach chun muinín na saoránach a mhéadú trína áirithiú go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtach as airgead na gcáiníocóirí;
G. de bhrí go neartódh laghdú córasach ar an mbearna CBL cosaint leasanna airgeadais an Aontais, go bhfeabhsódh sé cothroime chánach agus muinín as córais fhioscacha, go rannchuideodh sé le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí, agus go dtacódh sé le comhtháthú eacnamaíoch i measc na mBallstát, go háirithe le linn brú buiséadach;
H. de bhrí go mbaineann cosaint bhuiséad an Aontais le gníomhaithe iomadúla ar leibhéil éagsúla nach féidir leo a sainordú a bhaint amach ach amháin trí líonra struchtúrtha caidrimh agus comhordaithe laistigh d’ollstruchtúr na frithchalaoise (OSFC)(20);
I. de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt go leormhaith ar éagsúlacht na gcóras dlí agus riaracháin sna Ballstáit agus ar a leibhéil éagsúla digitithe trí chórais riaracháin agus tuairiscithe níos aontaithe, níos idir-inoibrithí agus níos inchomparáide a chruthú san Aontas chun calaois, éilliú, neamhrialtachtaí agus sáruithe eile a chosc agus a chomhrac go héifeachtach;
J. de bhrí gur cheart comhar daingean a spreagadh idir údaráis a dhéanann imscrúduithe riaracháin agus iadsan a dhéanann imscrúduithe coiriúla ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon;
K. de bhrí gur uirlisí éifeachtacha iad an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) agus ARACHNE chun buiséad an Aontais a chosaint ar rioscaí dócmhainneachta, faillí, calaoise nó neamhrialtachta arna ndéanamh ag gníomhaithe príobháideacha, i gcás EDES, agus trí chur chuige mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, i gcás ARACHNE;
L. de bhrí go bhfuil líonraí coiriúla atá ag feidhmiú san Aontas ag glacadh go hiomlán le raon iomlán na teicneolaíochta faisnéise ceannródaíche, lena n-áirítear an intleacht shaorga (IS), chun a ngníomhaíochtaí coiriúla a éascú, rud atá ina bhagairt níos casta fós ar bhuiséad an Aontais agus atá ina dhúshlán nua d’fhorfheidhmiú an dlí agus lena gceanglaítear ar OSFC dlús a chur lena iarrachtaí féachaint ar úsáid IS sa chomhrac in aghaidh na calaoise;
M. de bhrí gur réamhriachtanais iad urraim a thabhairt do na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe agus do chearta bunúsacha, chomh maith le comhlíonadh Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chun rochtain a fháil ar chistiú an Aontais;
N. de bhrí go bhfuil feidhm ag sásra coinníollachta an smachta reachta ar fud bhuiséad iomlán an Aontais mar réamhriachtanas chun rochtain a fháil ar chistí uile an Aontais agus go gceadaítear leis bearta a dhéanamh i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais, nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfaidís difear dóibh;
O. de bhrí go bhfuil forálacha in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta(21) (Rialachán STA) maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
Barúlacha ginearálta maidir le tuairisciú CLA agus maidir le mórbhagairtí
1. á chur in iúl gur geal léi Tuarascáil CLA 2023 agus a hanailísí ar na torthaí ábhartha, agus ag formhuiniú a moltaí;
2. ag teacht leis an tuairim gur gá dlús a chur leis an digitiú lena n-éascaítear comhroinnt eolais, inrochtaineacht sonraí agus próiseáil sonraí chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach agus lena bhfeabhsófaí rialachas OSFC foriomlán; á áitiú gur cheart don Aontas agus do na húdaráis náisiúnta araon úsáid uirlisí digiteacha a threisiú d’fhonn comhar a éascú;
3. á athdhearbhú go bhfuil rialachas níos intomhaiste agus níos dírithe ar thorthaí ar ghníomhaíochtaí an iliomad comhpháirteanna de OSFC ríthábhachtach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach;
4. á mheabhrú go bhfuil comhar láidir idir na húdaráis riaracháin agus bhreithiúnacha a dhéanann imscrúduithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon fíor-riachtanach; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di go bhfuil an staid fós fo-optamach, go háirithe maidir le calaois agus neamhrialtachtaí amhrasta a bhrath agus a thuairisciú agus maidir leis an obair leantach orthu, ina bhfuil difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit; á mholadh, dá bhrí sin, do na Ballstáit cur chuige réamhghníomhach a ghlacadh maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir a n-údaráis náisiúnta agus le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus chun rioscaí agus treochtaí calaoise atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach tráthúil freisin; á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn cur chuige iomlánaíoch agus cuimsitheach i leith an chomhraic in aghaidh na calaoise, lena gcumhdaítear gach céim den timthriall frithchalaoise agus a léiríonn na gníomhaithe agus na próisis iolracha, idirnasctha agus idirspleácha atá i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
5. á thabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach 9 % ar an líon foriomlán cásanna calaoise agus neamhrialtachtaí a thuairiscigh údaráis inniúla an Aontais agus náisiúnta in 2023 (13 563) i gcomparáid le 2022 (12 455); á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an leibhéal sin níos airde ná riamh agus gur cuid de threocht atá ag dul i méid le 5 bliana anuas; ag tabhairt faoi deara, thairis sin, go raibh an maoiniú foriomlán lena mbaineann i ndáil leis na cásanna sin in 2023 (EUR 1,90 billiún) i bhfad níos airde ná mar a bhí in 2022 (EUR 1,77 billiún), tar éis méadú 7,3 %; á aithint go ndéantar comparáidí i dtimthriall ilbhliantúil cur chun feidhme clár iomadúil, ar comparáidí iad atá bunaithe ar mheán 5 bliana agus atá níos iomchuí ná comparáidí ó bhliain go bliain chun cásanna fíor-ama a shainaithint agus anailís iontaofa a fháil ar threochtaí agus ar phatrúin; á chur in iúl gur mór aici, dá réir sin, go ndéantar tagairt i dTuarascáil CLA 2023 do thorthaí na tréimhse 2019-2023; á thabhairt dá haire go léiríonn an t-ardú ar an líon neamhrialtachtaí agus ar an gcistiú nach bhfuil aon torthaí dearfacha ann go bhfuil gá le buiséid a chomhghaolú le táscairí feidhmíochta na n-institiúidí inniúla;
6. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cás foriomlán a léirítear san anailís ilbhliantúil i dTuarascáil CLA 2023; á chur i dtábhacht go dtugann an staid reatha údar leis na hiarrachtaí a rinneadh chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní leordhóthanacha ar bhealach níos éifeachtaí agus go n-úsáidfear ar bhealach níos éifeachtúla iad, rud a éilíonn rialachas agus comhar níos fearr; á chur i bhfáth go bhfuil calaois, éilliú agus sáruithe ar an daonlathas, ar an gceartas agus ar an smacht reachta idirnasctha go domhain agus nach féidir dul i ngleic leo ina n-aonar; ag iarraidh ar na Coimisinéirí maidir le buiséad, calaois agus riarachán poiblí agus maidir leis an daonlathas, an ceartas agus an smacht reachta oibriú go dlúth agus láithreach chun tionscnaimh a sheoladh chun gníomhaíochtaí agus torthaí OSFC a dhéanamh intomhaiste agus níos inláimhsithe agus iad a chur faoi bhráid na Parlaiminte, i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh ag na héisteachtaí deimhniúcháin; á mholadh go gcruthófaí sineirgí níos láidre idir Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um an mBuiséad agus ard-stiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin a oibríonn ar an smacht reachta agus cosaint luachanna eile an Aontais, go háirithe Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú agus Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, chun a áirithiú go n-oibríonn na ranna sin uile le chéile, seachas ar bhealach neamh-chomhtháite, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shistéamacha sin ar bhealach níos éifeachtaí;
7. ag athdhearbhú a hiarrata go nglacfaí cur chuige iomlánaíoch i leith tuarascálacha CLA, a mheastar freisin mar uirlis rialachais OSFC, chun forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na sineirgí idir na gníomhaithe ábhartha uile, chun dea-chleachtais a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh; á chur in iúl gurb eol di, mar a cuireadh i bhfios go láidir i dTuarascáil CLA 2023, go gcuirtear cosaint oibríochtúil leasanna airgeadais an Aontais ar chalaois, ar neamhrialtachtaí agus ar ghníomhaíochtaí aindleathacha eile de chúram ar údaráis náisiúnta, ar OLAF agus ar OIPE, agus á chur in iúl gur geal léi comhtháthú thorthaí OLAF agus OIPE i dTuarascáil CLA 2023; ag iarraidh go ndéanfaí anailís níos doimhne ar an idirghníomhú idir na comhpháirteanna OSFC, agus go dtabharfaí isteach bearta chun éifeachtúlacht na n-institiúidí inniúla a mhéadú d’fhonn calaois agus neamhrialtachtaí a laghdú; á iarraidh go gcuirfear tuilleadh feabhais ar an gcur chuige iomlánaíoch sin, lena ndírítear ar léargas níos soiléire, níos iomláine agus níos nithiúla a thabhairt ar staid fhoriomlán na himeartha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena gcuimsítear gníomhaíocht frithchalaoise ina hiomláine, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon;
8. á chur in iúl gur geal léi feidhmíocht imscrúdaitheach OLAF, go háirithe an méadú ar an líon moltaí a eisíodh (309 i gcomparáid le 275 in 2022) agus an méid foriomlán a moladh don téarnamh airgeadais (EUR 1 043,8 milliún i gcomparáid le EUR 426,8 milliún in 2022) in aghaidh líon cobhsaí cásanna a osclaíodh (190 in 2023 agus 192 in 2022) agus a tugadh i gcrích (265 in 2023 agus 256 in 2022); á chur i bhfios, go háirithe, le linn na tréimhse 2019-2023, gur braitheadh níos mó ná 88 % de na neamhrialtachtaí a sainaithníodh mar neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith calaoiseach agus a bhaineann le caiteachas arna eisíoc faoi bhainistíocht dhíreach tar éis imscrúduithe OLAF; á chur in iúl gur oth léi go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag ré fhada na n-imscrúduithe maidir le seoladh déanach na mbeart feabhais dá bharr sin; ag athdhearbhú a hiarrata figiúirí cuimsitheacha atá mionsonraithe go leordhóthanach a fháil maidir leis na méideanna a d’aisghabh an Coimisiún go héifeachtach ar fhorais na moltaí airgeadais arna n-eisiúint ag OLAF; ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin ranna ad hoc maidir le OLAF a chomhtháthú sna chéad tuarascálacha CLA eile chun anailís agus tuairisciú níos mionsonraithe a fhorbairt ar a ghníomhaíochtaí agus ar na haisghabhálacha airgeadais a dhéantar;
9. á chur in iúl gur geal léi an chaoi ar fhorbair agus ar mhéadaigh OIPE, atá gníomhach go hoibríochtúil ó mhí an Mheithimh 2021 i leith, a ghníomhaíochtaí, rud a léirítear go maith sa líon imscrúduithe oscailte (1 371 i gcomparáid le 865 in 2022), ar na himscrúduithe atá gníomhach faoi láthair ar an iomlán (1 927 i gcomparáid le 1 117 in 2022) agus ar dhíotálacha (139 i gcomparáid le 87 in 2022); á chur in iúl gur mór aici leibhéal na mionsonraí i dtuairisciú OIPE, lena gcuirtear faisnéis ábhartha ar fáil maidir le go leor treochtaí agus maidir leis an staid sna Ballstáit rannpháirteacha; ag iarraidh ar OIPE a bheith níos éifeachtúla, agus é sin a léiriú sna méideanna a aisghabhfar agus ní sa líon imscrúduithe amháin;
10. ag cur i dtábhacht an bhreisluacha a thugann comhlachtaí an Aontais do chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus don chomhrac in aghaidh na calaoise, go háirithe a mhéid a bhaineann le coireacht thrasteorann, mar a léirítear leis na torthaí oibríochtúla ó OIPE agus ó OLAF in 2022 freisin; ag athdhearbhú a hiarrata go n-áiritheofar go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag gníomhaithe ábhartha uile an Aontais a bhfuil baint acu leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise agus, i ndáil leis sin, á mheabhrú don Choimisiún agus don Chomhairle go bhfillfidh gach euro a chaitear ar imscrúduithe agus ar ghníomhaíochtaí frithchalaoise ar bhuiséad an Aontais;
11. á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an gcaillteanas suntasach airgeadais de chalaois cánach breisluacha (CBL) arna tuairisciú ag OIPE ar bhuiséid náisiúnta na mBallstát agus ag an am céanna, ag bagairt ar chánachas cothrom agus ar iomaíocht chóir idir gnólachtaí sa mhargadh aonair; á chur i bhfios go láidir gur acmhainn thábhachtach é CBL do bhuiséad an Aontais freisin; á mheas gurb iomchuí castacht na bhforálacha foluiteacha maidir le córas acmhainní dílse an Aontais a chur san áireamh agus tionchar airgeadais ghníomhaíochtaí OIPE á chainníochtú(22); á chur i bhfios gur cúis imní é an líon imscrúduithe ar na cláir téarnaimh agus athléimneachta (233) agus an caillteanas airgeadais measta (EUR 1,86 billiún); á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar bearta leormhaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon;
12. ag iarraidh ar an gCoimisiún réitigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena bhféadfar obair leantach a dhéanamh ar mholtaí OLAF agus ionchúisimh OIPE, ar a n-anailís agus ar intomhaisteacht thionchar iarbhír a ngníomhaíochtaí ar chosaint bhuiséad an Aontais ó thaobh cistí míbhainistithe agus acmhainní neamhbhailithe araon a aisghabháil, d’fhonn bonn cirt breise a thabhairt do cheapadh beartas atá dírithe ar thorthaí; ag iarraidh ar an gCoimisiún fógra a thabhairt don Pharlaimint faoi thorthaí ionchúisimh OIPE;
13. á chur in iúl go bhfuil cumarsáid agus trédhearcacht fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar chalaois agus ar éilliú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt don tsochaí shibhialta, do na meáin agus don iriseoireacht iniúchach chun feasacht a fheabhsú; ag cur i bhfáth an róil lárnaigh a imríonn na meáin agus an iriseoireacht iniúchach sa chomhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe, coinbhleachtaí leasa agus mí-úsáid eile cistí poiblí; á mheas go bhfuil sé fíor-riachtanach na meáin chumarsáide a chosaint ar bhrú agus ar thionchar polaitiúil chun a neamhspleáchas agus a ról mar fhoras faire i ndáil leis an daonlathas agus bainistíocht fhónta cistí poiblí a chosaint;
14. á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag an trédhearcacht i mbainistiú cistí poiblí; ag moladh don Choimisiún agus do na Ballstáit trédhearcacht a uasmhéadú in úsáid cistí, lena n-áirítear maidir le faisnéis faoi thairbhithe deiridh;
15. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ról na n-údarás poiblí maidir le cultúr neamhfhulaingthe a chothú maidir le calaois agus á chur in iúl go bhfuil cumarsáid agus trédhearcacht fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar chalaois agus ar éilliú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt don tsochaí shibhialta, don earnáil phríobháideach, do na meáin agus don iriseoireacht iniúchach chun feasacht a fheabhsú; ag moladh don Choimisiún tacaíocht a thabhairt do na gníomhaithe ábhartha sin i bhfoirm clár oiliúna, cistiúcháin agus aon bheart eile is gá chun a neamhspleáchas ar thionchar seachtrach agus ar fhaireachas neamhdhleathach stáit, ar imeaglú agus ar iarrachtaí an bonn a bhaint dá ndlisteanacht a áirithiú, i gcomhréir le cearta bunúsacha an Aontais agus leis an smacht reachta; ag iarraidh ar an gCoimisiún feachtas feasachta poiblí uile-Aontais a sheoladh maidir leis na rioscaí a bhaineann le bréagnuacht, mífhaisnéis agus ábhar domhainbhrionnaithe i gcásanna calaoise a dhéanann difear do thionscadail atá maoinithe ag an Aontas;
16. á chur in iúl gur cúis imní di rabhadh soiléir OIPE agus Europol maidir leis an méadú atá ag teacht ar an líon grúpaí coirpeach eagraithe atá taobh thiar de na cásanna is ábhartha de chalaois trasteorann; á thabhairt dá haire go léirítear i dtuarascáil bhliantúil OIPE 209 gcion imscrúdaithe a bhaineann le heagraíochtaí coiriúla atá dírithe ar CLA ina imscrúduithe gníomhacha suas go dtí deireadh 2023; á chur in iúl go dtuigeann sí go gcuireann an choireacht eagraithe isteach go mór ar acmhainní an Aontais agus nach féidir scála na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe ar thaobh an ioncaim den bhuiséad, a mhíniú ach amháin trí rannpháirtíocht leathan grúpaí coiriúla eagraithe tromchúiseacha; á chur in iúl gurb eol di nach féidir é a chainníochtú leis na huirlisí anailíse agus tuairiscithe atá ann faoi láthair ar bhealach atá sásúil chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht nó ar easnaimh na mbeart agus na mbeartas atá i bhfeidhm; ag iarraidh ar an gCoimisiún na gníomhaíochtaí uile is gá a sheoladh go pras chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na hanailíse agus an tuairiscithe;
17. á áitiú nach bhfuil an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais trasuite go héifeachtúil i reachtaíocht náisiúnta go leor Ballstát agus, toisc nach bhfuil dlíthe náisiúnta na mBallstát comhchuibhithe, go dtugann sé deiseanna do ghrúpaí coiriúla eagraithe roinnt gníomhaíochtaí trasteorann neamhdhleathacha a dhéanamh i réimsí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais; ag athdhearbhú, dá bhrí sin, a hiarrataí roimhe seo go ndéanfaí athbhreithniú ar Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle maidir leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe(23) agus go dtabharfaí isteach sainmhíniú comhchoiteann nua ar an gcoireacht eagraithe, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar úsáid éillithe, foréigin, bagairtí nó imeaglaithe chun rialú a fháil ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nó ar sholáthar;
18. á chur i bhfios go léirítear i dtorthaí shuirbhé Eorabharaiméadair 2023 maidir le ‘dearcthaí na Saoránach i leith an éillithe san Aontas in 2023’, gur cúis mhór imní é an t-éilliú do shaoránaigh an Aontais agus do ghnólachtaí an Aontais; á áitiú go ndéanann éilliú ardleibhéil, lena n-áirítear in institiúidí an Aontais, difear nach amháin do leasanna airgeadais agus do gheilleagar an Aontais ina iomláine, ach go mbaineann sé an bonn freisin ó mhuinín na saoránach as institiúidí daonlathacha, san Aontas agus sna Ballstáit araon; á chur i bhfios go láidir go bhfuil grúpaí coiriúla eagraithe ag baint úsáid as an éilliú ar bhonn níos minice chun insíothlú a dhéanamh ar riaracháin phoiblí agus chun buntáistí eacnamaíocha a bhaint amach;
19. á chur i bhfios, i ndáil le cásanna éillithe, gur thuairiscigh OIPE 131 chion imscrúdaithe suas go dtí deireadh 2023 (bhí 87 gcás ann in 2022) agus, sna blianta 2019-2023, gur thuairiscigh 11 thír 65 chás don Choimisiún trí CBNR(24), agus go raibh na méideanna neamhrialta tuairiscithe a bhaineann leis na cásanna sin cothrom le thart ar EUR 50,5 milliún; ag iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh ar OIPE an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi cé mhéad den EUR 50,5 milliún sin a aisghabhadh;
20. á aithint go bhfuil straitéisí frithéillithe i bhfeidhm sna Ballstáit; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht agus athbhreithniú tréimhsiúil ar na straitéisí sin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé moltaí tírshonracha maidir leis an éilliú a chomhrac a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt orthu go hiomlán;
21. ag aithint iarrachtaí an Choimisiúin cásanna coinbhleachta leasa i mbainistiú acmhainní an Aontais a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu; ag thabhairt faoi deara, sa tréimhse 2019-2023, gur tuairiscíodh 419 gcás trí CBNR a bhain le coinbhleacht leasa (bhí 375 chás ann in 2018-2022) lenar bhain thart ar EUR 112 mhilliún san iomlán; á chur i bhfáth go bhfuil sé curtha in iúl ag CIE ina cuid oibre iniúchóireachta(25) gurb é CBNR an phríomhfhoinse faisnéise maidir le coinbhleacht leasa agus go bhfuil éagsúlacht ann idir na Ballstáit maidir le cainníocht agus cáilíocht na sonraí a thaifeadtar in CBNR; á chur i bhfios go láidir, i gcás ina measann na Ballstáit gur mionghné í coinbhleacht leasa i gcás calaoise níos leithne, nach ndéanann siad cásanna den sórt a thuairisciú mar chásanna a bhaineann le coinbhleachtaí leasa; ag iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar tuairisciú comhsheasmhach atá mionsonraithe go leormhaith in CBNR ar na cásanna thuas; á iarraidh go gcuirfear na forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear deimhneacht dhlíthiúil, ar bhealach a bheidh bunaithe ar mheasúnú soiléir comhréireach ar na rioscaí agus lena gceadófar do na húdaráis inniúla iad a chur i bhfeidhm go praiticiúil;
Ioncam
22. ag tabhairt faoi deara, in 2023, go raibh an líon foriomlán neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (ADT) (5 118 i gcomparáid le 4 661 in 2022) 10 % níos airde ná an meán 5 bliana (2019-2023), ach gur tháinig laghdú 12 % ar an méid go EUR 478 milliún (i gcomparáid le EUR 783 mhilliún faoi dheireadh 2022); á chur in iúl gurb oth léi, cé go léiríonn na sonraí téarnamh feabhsaithe do chásanna neamhchalaoiseacha (82 %), go bhfuil an ráta aisghabhála do chásanna calaoiseacha fós gan athrú ag 25 %, atá fós íseal agus a dháiltear go míchothrom ar fud na mBallstát;
23. á chur i bhfios gur mheas an Coimisiún, in 2023, nár léiríodh go sásúil ach i gcúig cinn de na tuarascálacha díscríofa nua a chuir na Ballstáit faoina bhráid gur cailleadh ADTanna ar chúiseanna nach raibh inchurtha i leith na mBallstát i dtrácht agus nach raibh na Ballstáit sin freagrach ó thaobh airgeadais de as an gcaillteanas; á tabhairt dá haire, os a choinne sin, gur mheas an Coimisiún in 81 chás, arbh ionann iad agus beagnach EUR 69 milliún, nár léirigh na Ballstáit go sásúil gur cailleadh ADT ar chúiseanna nach raibh inchurtha ina leith agus go raibh siad freagrach ó thaobh airgeadais de as an gcaillteanas dá bhrí sin; ag teacht ar an gconclúid, dá bhrí sin, gur féidir feabhas a chur ar bhailiú ADTanna ag na Ballstáit;
24. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé fíor-riachtanach go gcomhlíonfadh na Ballstáit a bhfreagracht maidir le ADTanna a bhailiú chun a áirithiú go ndéanfar an t-ualach a bhaineann le maoiniú chaiteachas an Aontais a roinnt go cothrom i measc na mBallstát agus go gcoimeádfar cothrom na Féinne do ghníomhaithe eacnamaíocha sa mhargadh aonair; ag iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht ghníomhaíocht a gcuid riarachán náisiúnta i réimse an téarnaimh, tar éis neamhrialtachtaí agus calaois a bhaineann le CBL a bhrath, chun an méid ADTanna a chuirtear ar fáil do bhuiséad an Aontais a mhéadú; á aithint go mbaineann an bhearna chomhlíontachta CBL le níos mó ná calaois agus imghabháil amháin, ach cumhdaítear leis freisin CBL a chailltear mar thoradh ar dhócmhainneacht, féimheacht, earráidí riaracháin agus íoslaghdú cánach dleathach; á chreidiúint, áfach, gur cuid nach beag de neamhchomhlíonadh CBL í calaois CBL, amhail calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarradih agus ag athdhearbhú a hiarrata go dtabharfar aghaidh ar an tsaincheist trí mhodhanna digiteacha, trí rialacha CBL a dhéanamh díonach ar chalaois agus trí chomhar níos láidre idir údaráis chánach náisiúnta agus comhlachtaí inniúla imscrúdaitheacha an Aontais;
25. ag aithint an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair a bhaineann le comhar le OLAF, OIPE agus Eurofisc; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair chun bunús dlí soiléir a chur ar fáil don chomhar díreach idir Eurofisc agus OIPE; ag moladh do OLAF an leas is fearr is féidir a bhaint as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil le cleachtais cúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh chun calaois chustaim agus calaois CBL ghaolmhar a bhrath agus a shainaithint, chomh maith leis na cásanna sin a thuairisciú do OIPE gan mhoill; á chur i bhfáth gur shainaithin OIPE calaois CBL in 2023 in thart ar 20 % dá chásanna gníomhacha (873 chás), arb ionann é agus an dara cineál coireachta is minice tar éis calaois chaiteachais neamhsholáthair (1 586 chás); á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar rannpháirtíocht grúpaí coirpeach eagraithe in oibríochtaí calaoise CBL agus na naisc shainaitheanta idir an cineál sin calaoise agus cineálacha eile coireanna an-tromchúiseach, amhail sciúradh airgid;
26. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an tairseach EUR 10 milliún a leagadh síos i dTreoir CLA, tairseach a bhfuil tionchar mór aici ar ghníomhaíochtaí OIPE i gcásanna calaoise CBL; á áitiú go bhfágann léirmhínithe éagsúla ar na modheolaíochtaí chun an tairseach sin a ríomh go bhfuil an cás doiléir; á chur i dtábhacht, leis an tairseach atá ann faoi láthair, go gcuirtear teorainn le díspreagadh agus go gcuirtear ar a gcumas do dhéantóirí ciona an dlínse is laige a lorg chun éalú ó idirghabháil OIPE; á chreidiúint gur cheart, leis an athbhreithniú ar Threoir CLA, deireadh a chur leis an tairseach nó í a ísliú go mór; ag iarraidh ar an gCoimisiún, idir an dá linn, treoir leormhaith a chur ar fáil maidir leis an modh ríofa do chásanna sula ndéanfar leasú ar Threoir CLA;
27. ag tabhairt dá haire, in éagmais sonraí imdhealaithe réigiúnacha agus earnála maidir leis an mbearna CBL, go gcuirtear cosc ar shainaithint na réimsí is mó atá i mbaol calaoise agus imghabhála; á iarraidh ar an gCoimisiún córas comhchuibhithe a thabhairt isteach chun an bhearna CBL a thomhas lena n-áirítear gnéithe críochacha agus earnála, agus ar an gcaoi sin forbairt straitéisí frithchalaoise atá bunaithe níos mó ar fhianaise agus atá níos spriocdhírithe a éascú;
28. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar éifeachtach agus éifeachtúil idir OLAF agus OIPE san earnáil ioncaim shonrach sin agus á áitiú go bhféadfadh brath agus tarchur leordhóthanach sonraí ag OLAF chuig OIPE bailiú CBL agus ioncaim custaim do bhuiséad an Aontais a mhéadú, agus go gcuideodh sé sin aon fhorluí idir gníomhaíochtaí an dá oifig a sheachaint;
29. á chur i bhfáth go gcuireann ilroinnt na gcóras TF i measc riaracháin chánach náisiúnta bac ar éifeachtacht an chomhraic i gcoinne na calaoise CBL agus go gcuireann sí teorainn leis an acmhainneacht do shineirgí idir údaráis náisiúnta agus údaráis AE;
Caiteachas
30. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na leibhéil arda calaoise agus neamhrialtachtaí a braitheadh, in 2023 agus in 2022 araon, faoin gcomhbheartas talmhaíochta, i bhforbairt tuaithe agus mar thacaíocht don talmhaíocht araon; á thabhairt le fios go ndeimhnítear leis na sonraí na patrúin agus na rioscaí a sainaithníodh sna blianta roimhe sin; á thabhairt faoi deara, le linn na tréimhse 2019-2023, gur tháinig méadú ar neamhrialtachtaí calaoiseacha a tuairiscíodh le haghaidh forbairt tuaithe, go príomha mar gheall ar líon méadaitheach neamhrialtachtaí a braitheadh do chlárthréimhse 2014-2020; á thabhairt dá haire gur tháinig méadú leanúnach ar an líon neamhrialtachtaí forbartha tuaithe neamhchalaoiseacha le linn na tréimhse 2019-2023 i gcomhréir le cur chun feidhme na gclár;
31. á thabhairt faoi deara go bhfuil líon agus méideanna airgeadais na neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha a tuairiscíodh do chlárthréimhse 2014-2020 i bhfad níos ísle sa bheartas comhtháthaithe ná na neamhrialtachtaí a tuairiscíodh le linn na chéad 10 mbliana de chur chun feidhme chlárthréimhse 2007-2013; á chur i bhfios go bhfuil an ráta braite calaoise(26) do chlárthréimhse 2014-2020 (0,53 %) cosúil le clárthréimhse 2007-2013, cé go bhfuil an ráta braite neamhrialta i bhfad níos ísle (0,67 %) ná an ráta a taifeadadh do chlárthréimhse 2007-2013 (25 %); á thabhairt dá haire go bhfuil tionchar suntasach ag neamhrialtachtaí aonair lena mbaineann méideanna móra airgeadais ar an ráta braite calaoise; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú breise ar an gcomhghaol idir an ráta braite calaoise agus an méid calaoise a tharla;
32. á chur in iúl gur geal léi tuarascáil anailíseach OLAF dar teideal ‘Calaois agus neamhrialtachtaí de réir réimsí den bheartas comhtháthaithe — comparáid a dhéanamh idir rioscaí’, ina dtagraítear d’fhaisnéis ó na Ballstáit don chlárthréimhse 2014-2020 suas go dtí mí na Nollag 2023 agus ina sainaithnítear réimsí atá neamhchosanta go háirithe ar riosca calaoise (amhail infheistíochtaí don chomhshaol, don athrú aeráide agus don aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht); á thabhairt le fios go raibh na méideanna airgeadais is mó i gcásanna calaoise ann i gcosaint an chomhshaoil agus i dtaighde comhshaoil, i bhforbairt teicneolaíochta agus sa nuálaíocht;
33. á athdhearbhú gur cúis bhuartha di na nósanna imeachta fada riaracháin chun déileáil leis na cásanna calaoiseacha a tuairiscíodh; á chur i bhfios, ar an meán, le linn na tréimhse 2019-2023, faoin gcomhbheartas talmhaíochta, go raibh gá le beagnach 4 bliana ó thús na neamhrialtachta chun teacht ar amhras faoi ghníomhaíocht chalaoiseach, agus beagnach 3 bliana eile chun an cás a dhúnadh tar éis é a thuairisciú don Choimisiún; á thabhairt chun suntais, maidir le comhtháthú, ar an meán agus le linn na tréimhse 2014-2020, gur thóg sé thart ar bhliain go leith teacht ar amhras go ndearnadh neamhrialtacht chalaoiseach agus níos mó ná 2 bhliain chun an cás a dhúnadh tar éis é a thuairisciú don Choimisiún; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an idirphlé le húdaráis na mBallstát, agus comhairle a chur orthu, chun fad na nósanna imeachta riaracháin a laghdú;
34. á thabhairt faoi deara, le haghaidh bainistíocht dhíreach idir 2019 agus 2023, gur luadh OLAF mar fhoinse braite neamhrialtachtaí calaoiseacha do 88,4 % de na míreanna aisghabhála, arb ionann é agus 92,1 % de na méideanna iomlána aisghabhála; ag iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis shoiléir a chur ar fáil maidir leis na sonraí agus maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh chun téarnamh tapa a fheabhsú, lena n-áirítear sonraí maidir leis na leibhéil fhoriomlána téarnaimh le haghaidh neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha;
35. á chur i bhfios go láidir, nuair a bhraitear neamhrialtachtaí calaoiseacha nó neamhchalaoiseacha, d’ainneoin bearta coisctheacha, gurb é an aisghabháil an beart a chosnaíonn leasanna airgeadais an Aontais, lena gceadaítear beartais an Aontais a chur chun feidhme i gceart agus chun caiteachas eisíoctha nach gcomhlíonann na ceanglais chistiúcháin a aisíoc; ag cur i dtábhacht thorthaí thuarascáil speisialta 7/2024 ó CIE(27) agus tagairt á déanamh don tréimhse 2014-2020, arbh é EUR 14 bhilliún an caiteachas neamhrialta a tuairiscíodh ina leith, atá le haisíoc trí aisghabháil; á chur i bhfáth gur gá an próiseas téarnaimh a bhrostú trí spriocdhátaí soiléire a leagan síos agus pionóis a ghearradh as moilleanna, ionas go dtabharfar cistí ar ais do bhuiséad an Aontais a luaithe is féidir; ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta leormhaithe a mholadh chun faisnéis iomlán a chur ar fáil maidir le caiteachas neamhrialta agus maidir leis na bearta ceartaitheacha nasctha a rinneadh;
36. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta leantacha tar éis na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, d’fhonn foghlaim ó chásanna calaoise agus nósanna imeachta a fheabhsú chun cásanna comhchosúla a chosc sa todhchaí; á mheas go bhfuil sé tábhachtach, i ndáil leis sin, go ndéanfadh na Ballstáit obair leantach ar chásanna trí anailís a dhéanamh ar na gnéithe cumasúcháin atá taobh thiar den chalaois agus measúnú a dhéanamh ar an ngá lena gcórais bhainistíochta agus rialaithe a athbhreithniú dá réir;
37. á chur in iúl go dtuigeann sí, tar éis easpa tacaíochta sa Chomhairle dá tionscnaimh in 2004 agus in 2014, nach bhfuil an Coimisiún toilteanach togra reachtach eile a chur ar aghaidh le haghaidh cúnamh riaracháin frithpháirteach i réimsí chaiteachas an Aontais nach ndéantar foráil iontu faoi láthair don chleachtas sin; ag moladh don Choimisiún leas a bhaint as an athbhreithniú ar Rialachán OLAF(28), lena gcuirtear sainordú feabhsaithe ar fáil don Oifig cheana féin chun gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú chun na forálacha reatha a fhorbairt a thuilleadh d’fhonn an bhearna sin a líonadh;
38. á thabhairt dá haire gur comhpháirt fhíor-riachtanach de shochaí dhaonlathach bhríomhar iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirt lena n-áirithítear go gcumhdaítear tuairimí éagsúla i ndíospóireachtaí poiblí; á aithint go bhféadfaidh na heagraíochtaí sin cistí a fháil ón Aontas chun tacú lena gcuid oibre chun rannchuidiú le hidirphlé daonlathach agus le rannpháirtíocht phoiblí; á thabhairt dá haire go bhfuil an tAontas Eorpach ar cheann de na hurraitheoirí airgeadais is mó atá ag eagraíochtaí sochaí sibhialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil trédhearcacht i gcruinnithe páirtithe leasmhara ríthábhachtach don sláine dhaonlathach agus gur cheart feidhm a bheith aici go cothrom maidir le gach eintiteas a bhíonn ag plé le hinstitiúidí an Aontais; á chur i bhfáth go neartaítear le doiciméadú soiléir agus le nochtadh na n-idirghníomhaíochtaí sin muinín an phobail agus cuntasacht dhaonlathach; á chur i bhfáth gur cheart an stocaireacht a bheith trédhearcach, agus gur cheart na páirtithe uile lena mbaineann a nochtadh go hiomlán; ag tabhairt dá haire go raibh líomhaintí ann ó chomhaltaí áirithe den Choiste um Rialú Buiséadach gur áiríodh i gcomhaontuithe deontais, arna dtabhairt i gcrích ag an gCoimisiún le tairbhithe de gach cineál, gníomhaíochtaí mionsonraithe brústocaireachta a d’fhéadfaí a léirmhíniú mar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur isteach ar chinnteoireacht inmheánach san Aontas; ag cur sonrú sa tuarascáil speisialta ó CIE le déanaí maidir le trédhearcacht chistiú AE a dheonaítear d’eagraíochtaí neamhrialtasacha(29), ina luaitear, cé go bhfuil úsáid chistiú AE d’abhcóideacht eagraíochtaí neamhrialtasacha dlíthiúil agus go ndeimhnítear go bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta dlíthiúla AE mar a leagtar síos i Rialachán Airgeadais AE, ag an am céanna, á thabhairt le fios gur cheart níos mó a dhéanamh chun trédhearcacht chistiú AE a fhaigheann na tairbhithe uile a fheabhsú; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún moltaí CIE a chur chun feidhme maidir le féindearbhuithe i gCóras Trédhearcachta Airgeadais an Aontais a scagadh, chomh maith le faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar an urraim na dtairbhithe do bhunluachanna agus do bhunphrionsabail an Aontais; ag meabhrú, chomh maith leis sin, thuarascáil speisialta CIE 05/2024(30); á chur i bhfios go láidir gur gá do Rúnaíocht Chlár Trédhearcachta an Aontais feabhas a chur ar a seiceálacha córasacha ar fhéindearbhuithe na n-eintiteas a dhearbhaíonn gur ‘ENRanna, ardáin, líonraí agus a macasamhail’ atá iontu; á thabhairt dá haire go bhféadfadh seiceálacha córasacha den sórt sin a bheith bunaithe ar shraith critéar, lena n-áirítear stádas neamhbhrabúis, cuspóirí a bhaineann le leas poiblí, agus neamhspleáchas, chun muinín sna heintitis uile atá cláraithe i gClár Trédhearcachta an Aontais a neartú, agus gur cheart ceanglais láidre maidir le cuntasacht agus trédhearcacht a bheith mar thaca leo;
39. á mheas, agus measúnú á dhéanamh ar shamhlacha seachadta do chaiteachas an Aontais, gur cheart soghabhálacht na roghanna éagsúla i leith calaoise agus mí-úsáide eile a chur san áireamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ó dhearadh agus ó chur chun feidhme STA, lena n-áirítear na moltaí arna ndíriú ag CIE agus ag an bParlaimint chuige, in ionstraimí cistiúcháin an Aontais amach anseo, go háirithe an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) tar éis 2027; á chur i bhfios go láidir nach mór na heasnaimh a sainaithníodh i gcur chun feidhme STA, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le calaois, cistiú dúbailte, agus easpa trédhearcachta, a bheith mar cheacht do chreataí airgeadais an Aontais amach anseo; ag cur in aghaidh aon mhacasamhlú ar shamhail STA mar atá sí faoi láthair agus á chur i bhfáth nach mór cosaintí i bhfad níos láidre, ceanglais trédhearcachta agus sásraí coiscthe calaoise a bheith ag gabháil le haon chistiú bunaithe ar fheidhmíocht sa todhchaí chun bainistíocht fhónta chistí an Aontais a áirithiú;
NextGenerationEU (NGEU) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA)
40. á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún san athbhreithniú ar na 27 bplean téarnaimh agus athléimneachta chun dul in oiriúint do shuaitheadh sa mhargadh fuinnimh tar éis mhór-ionradh na Rúise ar an Úcráin; ag tabhairt dá haire gur cheart comhtháthú REPowerEU sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a bheith ina rannchuidiú leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise de chuid na Rúise a laghdú agus neamhthuilleamaíocht na hEorpa a mhéadú;
41. á mheabhrú, mar sin féin, gur féidir moilleanna a thabhairt faoi deara agus STA á chur chun feidhme agus ag iarraidh ar an gCoimisiún fanacht ar an airdeall, go háirithe i dtreo dheireadh shaolré STA, chun a áirithiú go gcosnóidh na Ballstáit leasanna airgeadais an Aontais agus go gcaithfear airgead cháiníocóirí an Aontais go leordhóthanach;
42. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá córais láidre bhainistíochta agus rialaithe chun calaois a chosc ós rud é go bhfuil éifeacht acu coirpigh a dhíspreagadh ó iarracht a dhéanamh calaois a dhéanamh ar údaráis phoiblí; á chur in iúl gur cúis imní di na barúlacha atá tugtha ag CIE arís agus arís eile a léiríonn laigí leanúnacha i gcur chun feidhme chórais rialaithe na mBallstát, toisc go bhfuil rioscaí ag baint leis sin d’infhaighteacht sonraí iomlána agus cruinne is bonn le hiarrataí ar íocaíocht, rochtain ar na hiarrataí sin chun críoch rialaithe, agus feidhmiú éifeachtach chórais rialaithe na mBallstát chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á chur in iúl gur oth léi nach raibh na córais rialaithe ag feidhmiú go hiomlán i roinnt Ballstát nuair a cuireadh tús le cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil rioscaí ag baint le saincheisteanna den sórt sin do rialtacht íocaíochtaí STA agus do chosaint leasanna airgeadais an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit na heasnaimh arna sainaithint ina gcreat rialaithe a leigheas gan mhoill, lena n-áirítear trí na moltaí a dhírigh CIE chuige a chur chun feidhme;
43. á thabhairt faoi deara go mbraitheann creat rialaithe an Choimisiúin le haghaidh STA go príomha ar fhreagracht na mBallstát leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; ag iarraidh ar an gCoimisiún ardleibhéal airde a choinneáil ar chomhlíonadh na ngarspriocanna sonracha iniúchóireachta agus rialaithe ag na Ballstáit a cuireadh leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta sin a raibh easpa stóinseachta acu agus leanúint de na hiarrachtaí chun bearnaí cuntasachta a dhúnadh; ag tabhairt dá haire na ngníomhaíochtaí a sheol an Coimisiún tar éis mholtaí CIE maidir le laigí inaitheanta córas rialaithe agus tuairiscithe roinnt Ballstát; ag tathant ar an gCoimisiún gníomhaíocht chinntitheach agus thapa a dhéanamh nuair is gá agus úsáid iomlán a bhaint as forálacha Rialachán STA má leanann easnaimh i gcórais rialaithe na mBallstát;
44. á thabhairt dá haire gur cúis mhór imní di gur léiríodh i dtuarascáil speisialta 14/2024 ó CIE go bhféadfadh sé go ndearnadh rómheastachán ar thionchar aeráide an chaiteachais ghlais faoi STA suas le EUR 34,5 billiún, agus gur lú an tionchar a bheadh ag roinnt tionscadal ar an aistriú fuinnimh nó fiú go ndéanfaidís dochar don chomhshaol agus go méadófaí an riosca calaoise freisin;
45. á iarraidh go mbunófaí critéir shoiléire, intomhaiste d’infheistíochtaí glasa faoi bhuiséad an Aontais agus faoi STA lena áirithiú nach bhfaighidh ach tionscadail a bhfuil na tairbhí comhshaoil agus eacnamaíocha atá suntasach agus cruthaithe cistiú, agus ar an gcaoi sin cuntasacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a fheabhsú agus an riosca calaoise á laghdú;
46. á thabhairt dá haire, i gcás STA in 2023, go léirítear i dTuarascáil CLA 2023 an líon cásanna calaoise amhrasta a thuairiscigh an Coimisiún (15) agus an líon iniúchtaí (13, i gcomparáid le 16 a rinneadh in 2022), ach nach n-áirítear inti líon ard imscrúduithe OIPE (rinneadh tagairt i 233 imscrúdú do chláir téarnaimh agus athléimneachta, le caillteanas airgeadais measta EUR 1,86 billiún); á chur in iúl gur cúis imní di méadú féideartha ar an líon cásanna calaoise, éillithe, cistithe dúbailte agus coinbhleachtaí leasa sna blianta atá le teacht agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhú go tapa chun bainistíocht fhónta agus dáileadh cothrom chistí STA a áirithiú;
47. ag iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú calaoise éigeantach a thabhairt isteach trí CBNR do gach cás a bhaineann le STA, chun a áirithiú go ndéantar neamhrialtachtaí agus calaois a dhéanann difear do chistí STA a thaifeadadh agus go ndéantar monatóireacht orthu go córasach; á thabhairt dá haire gur cúis imní di an easpa trédhearcachta maidir le calaois a thuairisciú a bhaineann le cistí STA agus á éileamh go gcomhlíonann na Ballstáit uile oibleagáidí tuairiscithe caighdeánaithe;
48. ag iarraidh ar OLAF leanúint dá anailís riosca, a cuireadh ar fáil do na Ballstáit in 2023, mar aon le leagan nuashonraithe den ‘chreat riosca STA’, agus leis an oiliúint agus na seimineáir d’údaráis na mBallstát; ag formhuiniú úsáid CBNR chun neamhrialtachtaí STA a thuairisciú; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún, ar ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí speisialaithe an Aontais, agus ar na Ballstáit, comhoibriú go gníomhach agus idirghníomhú chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú agus NGEU á chur chun feidhme;
49. á thabhairt faoi deara, mar chuid den Treoraíocht maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta, gur ghlac an Coimisiún(31) Iarscríbhinn IV maidir leis an gcreat le haghaidh laghdú agus aisghabhálacha faoi STA; á chur in iúl go dtuigeann sí gur féidir íocaíocht a laghdú nuair atá íocaíochtaí fós le déanamh; á mheabhrú go dtiocfaidh deireadh le STA in 2026; á chur i bhfios nach bhfuil an aisghabháil le tionscnamh ach amháin nuair nach bhfuil aon tráthchuid eile fós ann; á chur in iúl gur cúis imní di gur léir go bhfuil an nós imeachta aisghabhála sin, a fuarthas ar iasacht ón tsamhail chun cistí comhtháthaithe a chur chun feidhme, thar a bheith neamhéifeachtach agus gur tréigeadh é sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) reatha; á chur in iúl gur oth léi go mór nach raibh aon ordú aisghabhála in ABAC faoi dheireadh 2023 maidir le STA, agus nach bhfuil aon oibleagáid fós ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a bhaineann le STA a thuairisciú trí CBNR;
50. á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an trédhearcacht maidir le scéimeanna calaoiseacha a nochtadh agus maidir le calaoiseoirí a dhíspreagadh; á athdhearbhú go bhfuil sí míshásta leis an léirmhíniú a d’fhormhuinigh an Coimisiún ar an gcoincheap ‘faighteoir deiridh’ faoi STA; ag diúltú do léirmhíniú neamhiomlán agus míthreorach an Choimisiúin(32); á thabhairt le fios, fiú de réir threoirlínte an Choimisiúin(33), gurb é an ‘faighteoir deiridh’ an ‘t-eintiteas deireanach’ a fhaigheann cistí do bheart STA, agus nár cheart aon fhaighteoir tosaigh nó idirghabhálaí cistiúcháin, amhail aireachtaí nó gníomhaireachtaí nach bhfeidhmíonn ach mar dháileoirí na gcistí, a mheas mar an ‘t‑eintiteas deireanach’; ag iarraidh ar an gCoimisiún arís a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil maidir leis an ‘bhfaighteoir deiridh’ nó leis an ‘eintiteas deiridh’ agus gan glacadh le haon fhaisnéis ó na Ballstáit maidir le ‘faighteoirí dara leibhéal’ nach bhfuil i gcomhréir leis an gcomhaontú idir na comhreachtóirí; ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a threoraíocht trí chásanna agus samplaí a sholáthar a lena bhféadfar an fhoráil a shoiléiriú agus a bheidh ina dtéarma tagartha láidir do na húdaráis náisiúnta, ar bhealach lena bhformhuineofaí leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus léirmhíniú aonchineálach ar fud na mBallstát uile; á chur i bhfáth, má leanann an Coimisiún de bheith ag diúltú trédhearcacht iomlán a áirithiú, nach mór don Pharlaimint na bearta uile atá ar fáil a bhreithniú chun comhlíonadh a fhorghníomhú;
51. á chur in iúl gur cúis imní di an tuairim ó CIE(34) maidir leis an riosca méadaitheach go gcaithfear cistí an Aontais faoi dhó ar an mbeart céanna agus go dtabharfar amach iad faoi dhó don ghníomh céanna; á chur in iúl go dtuigeann sí go ndéantar bearta comhfhreagracha i réimsí comhchosúla, amhail bonneagar iompair agus fuinnimh, a mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais agus ó STA araon, toisc go maoinítear le ciste téarnaimh paindéime an Aontais gníomhaíochtaí atá cosúil leis na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear le cláir chaighdeánacha an Aontais; á aithint go gceadaítear comhlántacht idir STA agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, ach á thabhairt faoi deara go bhféadfadh garspriocanna a bheith mar thoradh air sin a mhaoinítear go hiomlán le cistí seachas STA, toisc nach bhfuil STA nasctha le haisíoc na gcostas a thabhaítear go héifeachtach, ach go dtugann sé luach saothair do chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna; á chur i dtábhacht, leis na sraitheanna éagsúla rialachais, an timpeallacht ilroinnte TF agus na malartuithe teoranta sonraí nó úsáid uirlisí mianadóireachta sonraí amhail ARACHNE, go gcuirtear cosc ar chistiú dúbailte a bhrath, agus dá bhrí sin go bhféadfadh sé nach leor na sásraí rialaithe atá i bhfeidhm chun an riosca méadaithe sin a mhaolú go cuí; á áitiú, leis an easpa rochtana dírí ar liosta iomlán fhaighteoirí deiridh STA, go gcuirtear teorainn le cumas an Choimisiúin cásanna de chistiú dúbailte a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath; á chreidiúint go rannchuidíonn an réamhchúram a ghlac roinnt Ballstát gan STA a chomhcheangal le hionstraimí eile de chuid an Aontais leis an riosca a bhaineann le cistiú dúbailte a mhaolú; ag iarraidh ar an gCoimisiún a rialuithe i ndáil leis sin a mhéadú;
52. á thabhairt faoi deara go bhféadfaidh na Ballstáit bearta a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta gan aon chostas measta nó costais mheasta nialais(35); á chur i bhfios freisin gurb iad na garspriocanna ‘saor ó chostas’ sin an príomhthéarma tagartha chun measúnú a dhéanamh ar úsáid cheart acmhainní STA chun na gcríoch atá beartaithe dóibh; á chur in iúl go dtuigeann sí go scaoiltear na híocaíochtaí do na garspriocanna ‘saor ó chostas’ nó ‘gan chostas’ sin tar éis na garspriocanna a bhaint amach, gan beann ar an gcostas a tabhaíodh, i gcomhréir leis an gcur chuige ‘maoiniú nach bhfuil nasctha le costas’ faoi STA; á thabhairt faoi deara, áfach, go bhfágann garspriocanna den sórt sin nach féidir bainistiú fónta acmhainní STA íoctha a fhíorú, toisc go n-eisíoctar na hacmhainní sin i ndáil le garsprioc nár úsáideadh iad ina leith; ag iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a thoimhde nach féidir le beart ‘saor ó chostas’ cistiú dúbailte a spreagadh, gan beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n‑úsáidtear cistí eile de chuid an Aontais chun é a chur chun feidhme; ag iarraidh go láidir ar an gCoimisiún rialuithe ar bhearta ‘saor ó chostas’ a neartú agus treoraíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le conas aghaidh a thabhairt ar dhearadh airgeadais na mbeart lena mbaineann chun an riosca sin a chosc;
53. ag iarraidh ar an gCoimisiún arís nósanna imeachta iniúchóireachta ex post leormhaithe a choinneáil ar bun agus aird ar leith a thabhairt ar an riosca cúlaithe tar éis íocaíochta chun spriocanna a ndearnadh iniúchadh agus measúnú orthu roimhe seo mar spriocanna a comhlíonadh go sásúil a bhaint amach;
54. ag déanamh obair leantach ar thionscnamh straitéiseach an Ombudsman, a seoladh i mí Feabhra 2022 agus a dúnadh i mí Mheán Fómhair 2023, a rinneadh maidir le trédhearcacht agus cuntasacht STA, ar tionscnamh é a dtacaíonn sí go hiomlán lena thorthaí; á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé leanúnach idir an Coimisiún agus an tOmbudsman chun aghaidh a thabhairt ar na staideanna fo-optamacha a braitheadh, go háirithe maidir leis an scórchlár agus foilsiú réamhghníomhach doiciméad a bhaineann le STA;
Digitiú agus trédhearcacht chun feabhas a chur ar an gcomhrac in aghaidh na calaoise
55. á chur in iúl gur geal léi an comhaontú polaitiúil ar thángthas air maidir le téacs an athmhúnlaithe atá beartaithe ar an Rialachán Airgeadais; á chur in iúl go gcreideann sí go neartófar cosaint leasanna airgeadais an Aontais trí raon feidhme EDES a leathnú chun bainistíocht chomhroinnte a áireamh, agus trí bhunús dlí a ghlacadh chun ARACHNE a úsáid mar shamhail d’uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca uile-Aontais; ag meabhrú na n-iarrataí a rinneadh i dtuarascálacha roimhe seo chun a áirithiú go mbainfidh na Ballstáit uile úsáid as uirlisí mianadóireachta sonraí, go háirithe ARACHNE, chun caighdeáin tuairiscithe thráthúla agus dhícheallacha a áirithiú;
56. ag teacht leis an tuairim go bhféadfadh CBNR, an córas trína dtuairiscíonn na Ballstáit don Choimisiún maidir le neamhrialtachtaí agus calaois a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais, idir-inoibritheacht níos fearr a bheith aige le huirlisí corparáideacha eile de chuid an Choimisiúin, amhail ARACHNE agus EDES, agus le huirlisí digiteacha sna Ballstáit; á iarraidh go gcuirfí ar an eolas í, tar éis athmhúnlú an Rialacháin Airgeadais, maidir le dul chun cinn chomhéadan EDES-ICBNR agus maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sonraí CBNR laistigh den uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca (ARACHNE);
57. ag athdhearbhú a hiarrata go méadófaí idir-inoibritheacht idir córais sonraí agus go ndéanfaí tuairisciú, faireachán agus iniúchóireacht san Aontas a chomhchuibhiú; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi chineál trasearnálach na hidir-inoibritheachta agus gur mór aici gur glacadh an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach(36);
58. ag cur béim ar thorthaí Athbhreithniú 4/2023 ó CIE an 6 Iúil 2023 maidir le bainistiú chistí an Aontais a dhigitiú; á mheabhrú go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag an digitiú ar chalaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath, agus ar bhainistiú, rialú agus iniúchadh chistí an Aontais, trí rochtain níos éasca agus níos tapúla ar shonraí agus ar chros-seiceálacha cianda a cheadú, agus ar an gcaoi sin costais a theorannú tríd an ngá atá le rialuithe agus seiceálacha ar an láthair a laghdú;
59. á aithint go mbaineann buntáistí suntasacha le leas a bhaint as geilleagar fíor-ama sonraíbhunaithe do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus an t-ualach riaracháin ar údaráis phoiblí agus ar ghnóthais atá ag oibriú agus ag trádáil thar theorainneacha laistigh den Aontas á laghdú an tráth céanna; ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit éifeachtúlacht na comhroinnte sonraí a fheabhsú trí éiceachóras digiteach a chruthú lena gceadófar gluaiseacht rianúil, fíor-ama agus sábháilte sonraí atá caighdeánaithe, struchtúrtha agus meaisín-inléite idir gnólachtaí agus údaráis phoiblí, go háirithe riaracháin náisiúnta chánach, d’fhonn teorainn a chur leis na féidearthachtaí maidir le calaois agus imghabháil cánach a dhéanamh;
60. ag teacht leis an tuairim gur cheart an digitiú a bheith i gcroílár gach straitéise frithchalaoise, agus go háirithe gur cheart é a chomhtháthú i straitéisí frithchalaoise náisiúnta chun go mbeadh comhordú ann idir a chomhchodanna agus chun na bagairtí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua a chur san áireamh;
61. á chreidiúint go gcuireann an digitiú deiseanna ar fáil d’fheabhsuithe nithiúla ar rialachas an líonra frithchalaoise, agus go gcuidíonn sé le feabhas a chur ar thuairisciú trí chumarsáid agus inrochtaineacht a éascú, agus ar an gcaoi sin tuiscint níos fearr a fháil ar na bacainní atá fós ann agus freagairt níos tráthúla agus níos cuimsithí ó chinnteoirí agus ó chomhreachtóirí; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil bearta déanta ag breis is leath de na Ballstáit chun bearnaí scileanna sa digitiú a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe easpa faisnéise agus rochtain ar shonraí maidir le digitiú; ag moladh do na Ballstáit agus do ghníomhaithe in OSFC leanúint d’aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna trí bhearta lena n-áirítear, inter alia, comhroinnt eolais, oiliúint agus leathnú saineolais theicniúil agus scileanna i réimse an digitithe;
62. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag go leor comhpháirteanna OSFC maidir le measúnú agus forbairt bhreise a dhéanamh ar na roghanna a chuirtear ar fáil leis an intleacht shaorga agus leis an meaisínfhoghlaim chun neamhrialtachtaí a shainaithint agus a bhrath agus chun gnóthachain éifeachtúlachta a shaothrú san anailís agus i gcúraimí clasaiceacha riaracháin araon; á athdhearbhú nach mór an measúnú daonna a leanúint de bheith ina shaintréith ríthábhachtach de gach próiseas; á chur in iúl, thairis sin, go bhféadfadh an intleacht shaorga a bheith ina deis chinniúnach sa chomhrac in aghaidh na calaoise, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí anailís thapa a dhéanamh ar thacair mhóra sonraí, chomh maith le feabhas a chur ar bhrath calaoise agus ar shainaithint patrún calaoise; á mheabhrú go bhfuil úsáid rathúil IS ag brath ar chomhar éifeachtach idir na páirtithe leasmhara uile agus ar infhaighteacht sonraí ardcháilíochta, agus úsáid éifeachtach ARACHNE mar bhonn taca leis; ag tathant ar an gCoimisiún oibriú i dtreo an intleacht shaorga a fhorbairt san Eoraip chun seasamh le ceannasacht sonraí agus chun cosaint láidir sonraí a áirithiú, agus é ag teacht leis na prionsabail a leagtar amach sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga(37) agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí(38) (RGCS); ag iarraidh ar na gníomhaithe frithchalaoise uile a gcomhar a neartú chun úsáid na hintleachta saorga a ghiaráil go héifeachtach agus go freagrach sa chomhrac in aghaidh na calaoise;
63. ag aithint an bhaoil mhéadaithigh go n-úsáidfear ábhar a ghintear le IS chun próisis soláthair, idirbhearta airgeadais agus fianaise in imscrúduithe calaoise a ionramháil; ag iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do bhearta taighde agus beartais chun gníomhaíochtaí calaoiseacha arna gcumasú ag an intleacht shaorga a chomhrac, lena n‑áirítear teicneolaíocht dhomhainbhrionnaithe agus feachtais bhréagaisnéise atá bunaithe ar an intleacht shaorga a d’fhéadfadh sásraí airgeadais agus frithchalaoise a chur i mbaol; ag iarraidh ar an gCoimisiún forálacha agus pionóis dlí níos déine a mholadh d’eintitis a bhfaightear amach go bhfuil siad ag baint úsáid as IS chun calaois airgeadais a dhéanamh nó a éascú, lena n-áirítear scéimeanna sciúrtha airgid atá bunaithe ar IS, brionnú conarthaí, agus goid chéannachta dhigiteach i bpróisis soláthair;
64. ag aithint na tábhachta a bhaineann le húsáid IS chun cáilíocht agus iomláine na sonraí a mhalartaítear leis na Ballstáit a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gníomhaíochtaí OLAF, lena n-áirítear moltaí i dtuarascálacha bliantúla CLA, idirphlé déthaobhach struchtúrtha leis na Ballstáit, athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin, agus malartuithe idirinstitiúideacha lena ndírítear ar na hábhair sin;
65. á iarraidh freisin go dtabharfaí isteach tionscnamh tiomnaithe ar fud an Aontais chun sásraí braite calaoise atá bunaithe ar IS a fhorbairt laistigh de OLAF, OIPE, agus Europol, chun éifeachtúlacht a mhéadú maidir le coireanna airgeadais in aghaidh bhuiséad an Aontais a rianú agus a chosc; á mholadh go mbunófaí tascfhórsa uile-Aontais ar a mbeidh ionadaithe ó OLAF, OIPE, Europol agus aonaid náisiúnta frith-chalaoise, le fócas tiomnaithe ar bhagairtí calaoise digiteacha, lena n-áirítear teicneolaíocht dhomhainbhrionnaithe, doiciméid bhréige arna nginiúint ag IS agus calaois chéannachta shintéiseach; á chur i bhfios go láidir gur cheart don tascfhórsa sin dea-chleachtais a fhorbairt agus a chomhroinnt leis na Ballstáit;
66. á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar trasteorann méadaithe agus sásraí comhroinnte sonraí idir na Ballstáit chun calaois atá cumasaithe ag IS a chomhrac, go háirithe i réimsí ardriosca amhail CBL, custam agus dáileadh cabhrach airgeadais; ag spreagadh mol faisnéise comhpháirteach de chuid an Aontais a chruthú chun gníomhaíocht calaoiseach IS a rianú i bhfíor-am; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit IS agus anailísíocht sonraí a chomhtháthú i gcórais braite calaoise, lena n-áirithítear idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí náisiúnta agus bunachair sonraí ar leibhéal an Aontais agus coimircí láidre cosanta sonraí á gcoinneáil ar bun;
67. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta diana trédhearcachta agus iniúchta a chur chun feidhme in uirlisí braite calaoise bunaithe ar IS chun claonadh, cúbláil algartamach agus mí-úsáid i gcórais maoirseachta airgeadais a chosc; ag moladh forbairt treoirlínte eitice IS d’institiúidí frithchalaoise chun cuntasacht a áirithiú;
68. á iarraidh go dtabharfaí isteach próiseas fíoraithe fóiréinseach éigeantach don fhianaise dhigiteach uile a chuirtear isteach i gcásanna calaoise airgeadais, lena n-áiritheofar barántúlacht doiciméad agus ábhar fuaime agus físe a úsáidtear in imscrúduithe;
Sraith inmheánach OSFC an Aontais – príomhbhearta 2023 ar leibhéal an Aontais
69. á chur i bhfios go láidir gur struchtúr institiúideach ilchodach é OSFC an Aontais a ceapadh chun calaois agus cineálacha eile mí-iompair a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhrath, a chosc agus a chomhrac, bunaithe ar líonra ilsrathach comhair ina bhfuil an chéad sraith (OLAF, OIPE, Europol, Eurojust, ÚCSA, an Coimisiún, CIE agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)) bunaithe ar chomhar cothrománach idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus go bhfuil na sraitheanna eile bunaithe ar chaidrimh ingearacha idir an tAontas agus údaráis náisiúnta, agus idir údaráis an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go bhfuil forbairt tagtha ar OSFC thar na blianta trí shraith cinntí ar leithligh as ar eascair líonra nuálach eintiteas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil taithí luachmhar faighte mar gheall ar a ngníomhaíochtaí comhordaithe le blianta beaga anuas ar cheart í a mheas san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na rialacháin ábhartha; á chur i bhfáth gur bunaíodh an chéad údarás ionchúisimh Eorpach le cruthú OIPE, rud a d’éascaigh imscrúduithe agus ionchúisimh dlí choiriúil atá pras agus díreach, agus gur gá na ceachtanna a foghlaimíodh sna chéad bhlianta dá ghníomhaíocht oibríochtúil a chomhtháthú go leormhaith sa chreat reachtach chun go mbeidh sé in ann leas iomlán a bhaint as na huirlisí agus na hacmhainní atá ar fáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sainorduithe soiléire idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí éagsúla an Aontais chun an riosca forluí agus dúblála a íoslaghdú agus, ar an gcaoi sin, éifeachtúlacht fheidhmiú OSFC a áirithiú;
70. á chur in iúl gur mór aici comhtháthú na bpríomhthorthaí riaracháin agus breithiúnacha a bhain OLAF agus OIPE amach i dTuarascáil CLA 2023 faoi seach, a leanann an iliomad iarrataí ón bParlaimint go ndéanfaí tuairisciú níos cuimsithí ar na gníomhaíochtaí a dhéanann comhpháirteanna OSFC; á mheas, áfach, gur cheart aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí idir cineál, raon feidhme agus gráinneacht an dá thuarascáil agus gur cheart na réimsí comhair a léiriú go soiléir; á mheas go bhfuil údar cuí leis na difríochtaí sna figiúirí arna soláthar ag OLAF, OIPE agus i dTuarascáil CLA 2023 sna himthosca reatha; á thabhairt chun suntais nach bhféadfaidh comhlachtaí tuairiscithe sna Ballstáit tuairisciú ar imscrúduithe coiriúla ach amháin nuair a thugann na húdaráis bhreithiúnacha ábhartha údarú dóibh déanamh amhlaidh, agus go dtugann sé sin le tuiscint, cé go dtuairiscíonn OIPE agus OLAF sonraí maidir le himscrúduithe gníomhacha, gur minic nach mbíonn na comhlachtaí tuairiscithe in ann na sonraí sin a iontráil i mbunachar sonraí CBNR mar gheall ar an ngá atá le rúndacht a chosaint agus seoladh cuí imscrúduithe a áirithiú; á chur in iúl go dtuigeann sí go mbíonn éagsúlacht sna sonraí (‘deilte’) mar thoradh ar na cásanna sin nach féidir a dhíchur go dtí go gcuirtear na himscrúduithe i gcrích agus go n-áirítear na sonraí ábhartha sa tuairisciú don Choimisiún ionas gur féidir iad a áireamh i dTuarascáil CLA amach anseo;
71. á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coimisiún, i mí na Bealtaine 2023, pacáiste de bhearta frith-éillithe lena gcuimsítear togra le haghaidh treoir maidir leis an éilliú a chomhrac; á chreidiúint gur gá dlús a chur le héilliú a chosc agus a ionchúiseamh agus ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bhfaireachán ar fhorfheidhmiú na mbeart sna Ballstáit;
72. á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh líonra in aghaidh an éillithe, a tháinig le chéile den chéad uair an 20 Meán Fómhair 2023, agus go gcreideann sí go bhféadfadh mapáil na limistéar a bhfuil ardriosca éillithe ag baint leo rannchuidiú go héifeachtach le straitéis frithéillithe an Aontais a fhorbairt a thuilleadh;
73. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an smacht reachta mar cheann de bhunluachanna an Aontais agus á chur i bhfáth go bhfuil sásra coinníollachta an smachta reachta ríthábhachtach chun a áirithiú go leanann na Ballstáit de phrionsabail an smachta reachta a urramú; á athdhearbhú gur cúis mhór imní di an chaoi a bhfuil staid an smachta reachta i roinnt Ballstát, ar cúis mhór imní ann féin é sin agus a fhágann go bhféadfadh caillteanais thromchúiseacha a bheith ann ar bhuiséad an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear gach gné den sásra i bhfeidhm go docht agus go tapa i gcás ina sáraíonn na Ballstáit prionsabail an smachta reachta agus ina gcuireann sé sin isteach ar leasanna airgeadais an Aontais, nó ina bhfuil baol ann go ndéanfadh sé difear dóibh; á áitiú freisin go bhfuil gá le comhleanúnachas ar fud ionstraimí éagsúla agus measúnú á dhéanamh ar staid an smachta reachta sna Ballstáit;
74. á thabhairt dá haire go gcuirtear beart leantach ar fáil sa cheathrú Tuarascáil ón gCoimisiún 2023 maidir leis an smacht reachta, ar tuarascáil í a glacadh i mí Feabhra 2024, i dtaca leis na moltaí a eisíodh i dTuarascáil na bliana roimhe sin maidir leis an Smacht Reachta; á aithint, sa chomhrac in aghaidh an éillithe, go bhfuil athbhreithniú tugtha cothrom le dáta nó seolta ag Ballstáit éagsúla ar a straitéisí náisiúnta agus/nó ar a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta, agus go bhfuil athchóiriú déanta ag Ballstáit eile ar an dlí coiriúil chun an comhrac in aghaidh an éillithe a neartú; á thabhairt faoi deara gurb iad acmhainní teoranta na seirbhísí ionchúisimh an bac is mó ar an gcomhrac in aghaidh an éillithe i gcás go leor Ballstát; ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’iarrachtaí na mBallstát a spreagadh agus de thacú leo chun éifeachtúlacht imeachtaí coiriúla a athchóiriú agus a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eile a shainaithnítear sa tuarascáil; á mheabhrú don Choimisiún na huirlisí éifeachtacha atá ar fáil aige chun an smacht reachta a chosaint, amhail nósanna imeachta um shárú, coinníollacht ó thaobh cistiú de agus nósanna imeachta Airteagal 7 CAE, agus á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go mbainfidh sé lánúsáid astu uile; á chur i dtábhacht, i ndáil leis sin, go dtugtar isteach leis an Rialachán Airgeadais nua coinníollacht atá nasctha leis na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE agus ag iarraidh ar an gCoimisiún tosú lena chur i bhfeidhm, go háirithe i gcásanna inar seoladh nósanna imeachta um shárú cheana féin in aghaidh Ballstáit maidir le sáruithe ar na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE, toisc gur aitheantas soiléir é sin do shárú leanúnach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar bhainistiú fónta airgeadais an Aontais freisin;
75. ag tabhairt dá haire an chinnidh ón gCoimisiún gan deireadh a chur leis an mbeart faoi Airteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir(39); á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis nach gcuirfidh an Coimisiún agus an Chomhairle deireadh leis na bearta a glacadh ach amháin i gcás ina mbailítear fianaise go bhfuil na bearta feabhais arna nglacadh ag Rialtas na hUngáire éifeachtach sa chleachtas agus, go háirithe, nár braitheadh aon chúlchéimniú ar bhearta a glacadh cheana; ag cáineadh na mbagairtí, amhail spiaireacht, a bhfuil foireann institiúidí an Aontais nochta dóibh, amhail foireann OLAF le linn a misean imscrúdaithe san Ungáir; á chur i bhfáth go mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin an bonn go mór den smacht reachta agus de shláine institiúidí an Aontais; á iarraidh go mbunófaí bearta láidre cosanta go tapa chun baill foirne institiúidí an Aontais a chosaint agus iad ar mhisin; ag iarraidh ar údaráis na hUngáire bearta nithiúla láithreacha a dhéanamh chun neamhspleáchas breithiúnach a chosaint, chun seasamh le saoirse na meán agus chun moltaí na Tuarascála ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta a chur chun feidhme go hiomlán chun seiceálacha agus cothromaíochtaí daonlathacha a athbhunú; ag tathant ar an gComhairle leanúint de nós imeachta Airteagal 7 CAE in aghaidh Rialtas na hUngáire;
76. á chur i dtábhacht go bhfuil urraim don smacht reachta, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh an éillithe, ina príomhchinntitheach de thimpeallacht an mhargaidh aonair lena gcothaítear infheistíocht, fás, poist agus nuálaíocht, agus lena gcosnaítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus oibreoirí eacnamaíocha a oibríonn thar theorainneacha; á chur i bhfáth go bhfuil an Coimisiún freagrach as fíorú dian a dhéanamh, mar choinníoll chun cistiú a eisíoc, ar chomhlíonadh na ngarspriocanna a bhaineann leis an smacht reachta atá comhtháite i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta éagsúla na mBallstát; á mheabhrú go bhfuil an phríomhfhreagracht ar an gCoimisinéir um an daonlathas, an ceartas agus an smacht reachta, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisinéir um an mbuiséad agus comhrac calaoise agus um an riarachán poiblí a ceapadh le déanaí, as an gcóras ginearálta coinníollachta a chur i bhfeidhm go hiomlán; ag iarraidh ar an gCoimisiún gan ‘idirphlé’ leis na Ballstáit ná an nós imeachta ‘píolótach’ a úsáid mar mhodh neamhiata chun seoladh nósanna imeachta iarbhír um shárú a sheachaint; ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin tosaíocht a thabhairt go cothrománach do sháruithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe maidir le Treoir CLA agus le Rialachán OIPE(40); á chur in iúl gur geal léi an ráiteas i dTreoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin maidir le tábhacht an smachta reachta do chistí an Aontais agus an gealltanas ón gCoimisinéir um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán Poiblí coimircí láidre a thabhairt isteach maidir leis an smacht reachta sa chéad CAI eile;
77. á mheas gur gá cosaint chomhluachanna an Aontais atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE atá san áireamh faoi láthair i Rialachán na bhForálacha Coiteanna a neartú a thuilleadh; ag iarraidh ar an gCoimisiún féachaint conas a d’fhéadfaí sásra atá coibhéiseach leis na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha a fhorbairt mar ghné ghinearálta i ngach réimse de bhuiséad an Aontais, d’fhonn raon níos leithne beartas a nascadh leis na luachanna uile atá leagtha amach in Airteagal 2 CAE; ag iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun cistiú a nascadh le coinníollacha an smachta reachta agus le hathchóirithe is gá a chur i gcrích chun cur chuige cuimsitheach a áirithiú, a chuirtear i bhfeidhm go cothrománach ar chistí uile an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach a shaothrú agus tograí a chur ar aghaidh chun bosca uirlisí an Aontais um an smacht reachta a neartú a thuilleadh mar thosaíocht, lena n-áirítear coinníollacht neartaithe an smachta reachta maidir le cistí arna n-imscaradh sa chlárthréimhse reatha;
78. á áitiú go bhfuil dlúthnasc idir an t-éilliú agus sciúradh airgid, agus go bhfuil sciúradh airgid ar cheann de na cumasóirí is tábhachtaí do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha ag coirpigh eagraithe, ós rud é go gcuireann sé ar a gcumas dóibh fáltais a gcoireanna a aistriú isteach sa gheilleagar dleathach; á aithint go bhfuil sé deacair sciúradh airgid a chosc, a bhrath agus a chomhrac mar gheall ar chórais dlí náisiúnta ilchineálacha agus cur i bhfeidhm ilroinnte chreat an Aontais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, gur glacadh an pacáiste uaillmhianach reachtach maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, pacáiste lena ndéanfar rialacha náisiúnta a chomhchuibhiú agus lena bhfeabhsófar an comhrac comhchoiteann in aghaidh sciúradh airgid ar fud an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an tÚdarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA); á mheas go mbeidh ról lárnach ag an ngníomhaireacht nua sa chreat nua um an sciúradh airgid a chomhrac trína freagrachtaí comhordaithe agus maoirseachta; á mheabhrú go bhfuil sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí nasctha go bunúsach agus á iarraidh go mbeidh ról níos láidre ag OIPE, OLAF agus CIE maidir leis na feiniméin sin a chomhrac;
79. ag teacht leis an tuairim gur neartaíodh cosaint leasanna airgeadais an Aontais leis an Rialachán Airgeadais athmhúnlaithe; á chur i bhfios gur leathnaíodh raon feidhme EDES chun bainistíocht chomhroinnte agus dhíreach a chuimsiú agus chun forais nua eisiaimh a chur ar fáil; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach bunús dlí d’uirlis scórála riosca agus mianadóireachta sonraí a bheidh le húsáid ag na Ballstáit uile agus i ngach modh bainistíochta; á chur in iúl gur oth léi nach dtiocfaidh an dá bheart sin i bhfeidhm ach in 2028 agus ón gcéad CAI eile, rud a fhágann go mbeidh roinnt blianta eile gan trédhearcacht chuimsitheach maidir le faighteoirí deiridh chistí an Aontais agus go gcaillfear deis ríthábhachtach na sonraí sin a úsáid chun coimircí in aghaidh an éillithe agus na calaoise a neartú;
80. á chur in iúl gur mór aici gur glacadh plean gníomhaíochta nuashonraithe(41) maidir le Straitéis Frithchalaoise 2019 ón gCoimisiún; á thabhairt dá haire go n-áirítear ann 44 ghníomhaíocht a dháiltear ar sheacht dtéama lena gcumhdaítear, go háirithe, digitiú, comhar, STA, calaois chustaim, agus múscailt feasachta maidir le cúrsaí cultúir eiticiúla agus frithchalaoise;
81. á chur i bhfios gurb é clár frithchalaoise an Aontais (CFCA) an t-aon chlár caiteachais atá tiomnaithe go sonrach don chomhrac in aghaidh na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus go gcuireann sé tacaíocht ábhartha ar fáil d’údaráis uile na mBallstát mar chomhpháirteanna de shraith sheachtrach OSFC, chun an comhrac in aghaidh na calaoise a neartú; á thabhairt faoi deara go bhfuil an tsolúbthacht is gá ag CFCA chun oiriúnú don tírdhreach frithchalaoise atá ag síorathrú agus go bhfuil sé ailínithe le tréimhse 7 mbliana (2021-2027) an CAI reatha; á thabhairt dá haire, go dtí seo, gur rannchuidigh 55 % de chur chun feidhme iomlán CFCA leis an aistriú digiteach;
82. ag iarraidh ar an gCoimisiún cur le rath CFCA agus ag moladh don Choimisinéir um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise chun CFCA a mheas mar shamhail atá le leathnú sa chéad CAI eile, i gcomhréir leis an gcúram, a léirítear sa litir mhisin, tacaíocht a fháil d’iarrachtaí na mBallstát leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
83. á chur in iúl gur díol sásaimh di an chéad iarraidh comhlachais CFCA a fuarthas in 2023 ó thír nach bhfuil san Aontas, eadhon an Úcráin, lena ndearnadh comhaontú comhlachais lena gcumhdaítear a rannpháirtíocht sa chlár a chaibidliú agus a glacadh i mí an Mhárta 2024;
84. á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuarthas sa mheastóireacht eatramhach is déanaí ón gCoimisiún ar Hercule III gnéithe a d’fhéadfadh cur isteach ar éifeachtúlacht an chláir, go háirithe nach raibh na hacmhainní ag lucht riaracháin Ballstát áirithe chun a chur ar a gcumas dóibh déileáil le ceanglais riaracháin an chláir;
85. ag tabhairt faoi deara na n-iarrataí athdhearbhaithe ó OIPE chun cumas braite chomhpháirteanna ábhartha OSFC a neartú, agus á mheabhrú, i gcomhréir le Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin, go bhfuil béim le leagan ar anailís sonraí mar uirlis chun calaois a bhrath; á thabhairt chun suntais, chuige sin, a thábhachtaí atá sé sainmhínithe a chomhchuibhiú chun sonraí inchomparáide a fháil ar fud an Aontais; ag spreagadh an Choimisiúin chun úsáid CBNR a neartú mar uirlis chun tacú le hanailís riosca iniúchóirí agus gníomhaíochtaí iniúchóireachta á n-ullmhú; ag iarraidh ar OLAF a thairiscint oiliúna d’fhoireann an Choimisiúin a mhéadú, lena n-áirítear iniúchóirí agus gníomhaithe ábhartha sa chiorcad sreafa airgeadais;
86. á chur in iúl gurb eol di go bhfuil idirghníomhú idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais agus idir údaráis náisiúnta agus OIPE i gceist le struchtúr díláraithe OIPE; á chur in iúl go dtuigeann sí go n-oibríonn OIPE bunaithe ar rialacháin an Aontais atá infheidhme go díreach ach go n-éilíonn sé freisin bearta cur chun feidhme leormhaithe atá le glacadh trí reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir CLA agus gníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht náisiúnta go hiomlán i gcomhréir le Rialachán OIPE agus le Treoir CLA, imeachtaí um shárú a thionscnamh agus athbhreithniú ar na gníomhartha dlí sin a mholadh chun OIPE a dhéanamh níos éifeachtaí i bhfeidhmiú a shainordaithe;
87. ag tabhairt dá haire thorthaí an mheasúnaithe comhlíontachta ar na bearta a ghlac na Ballstáit chun a gcórais a oiriúnú do Rialachán OIPE(42), a cuireadh i láthair i mí Mheán Fómhair 2023; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil go leor cásanna fós fo-optamach agus gur gá aghaidh a thabhairt orthu toisc go lagaíonn siad éifeachtacht chosaint leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin imscrúduithe coiriúla; ag tagairt, go háirithe, do shannadh na hinniúlachta idir seirbhísí ionchúisimh náisiúnta agus OIPE; á chur i bhfáth freisin go sonraítear i Rialachán OIPE cásanna féideartha OIPE a thuairisciú go díreach agus gan moill mhíchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún fíorú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh iomlán Rialachán OIPE ag na Ballstáit agus ar an tuairisciú pras a dhéanann siad maidir le hamhras faoi chalaois i réimsí atá faoi inniúlacht OIPE go díreach chuige;
88. á chur in iúl gur údar imní di, i roinnt mhaith Ballstát, nach ‘cúirt’ ná ‘binse’ é an t‑údarás náisiúnta ainmnithe a dhéanann cinneadh maidir le heasaontais idir OIPE agus údaráis náisiúnta i ndáil leis an inniúlacht cás a ionchúiseamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún a fhíorú agus faireachán a dhéanamh i dtaobh an bhfuil Airteagal 25(6) agus Airteagal 42(2)(c) de Rialachán OIPE á gcomhlíonadh go hiomlán ag na Ballstáit, ar airteagail iad lena gceanglaítear go bhféadfaí achomharc a dhéanamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) in aghaidh cinneadh ó údarás náisiúnta maidir le sannadh na hinniúlachta;
89. á chur i bhfáth go bhféadfadh an rialú atá á dhéanamh faoi láthair ag na húdaráis náisiúnta ar acmhainní agus trealamh ‘riachtanach’ na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha agus an gá atá le tagairt a dhéanamh d’fhorálacha na n-údarás náisiúnta maidir le ‘socruithe leordhóthanacha’ maidir le slándáil shóisialta, pinsin agus cumhdach árachais srian a chur le huathriail agus neamhspleáchas ghníomhaíochtaí OIPE; á iarraidh ar an gCoimisiún réitigh leormhaithe a mholadh san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar Rialachán OIPE;
90. á chur i bhfios go bhfuil trasuí Threoir CLA éagsúil idir na Ballstáit, rud a dhéanann difear, i gcásanna áirithe, d’fheidhmiú trasteorann inniúlachtaí OIPE; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme cuí Threoir CLA a áirithiú agus athbhreithniú uirthi a mholadh, bunaithe ar an taithí a fuarthas;
91. á chur i bhfios go láidir, le hAirteagal 25(3) de Rialachán OIPE, lena dtugtar mionléiriú ar fheidhmiú inniúlacht OIPE i gcás cionta neamh-CLA a bhfuil dlúthbhaint acu le cionta CLA, go n-ardaítear ceisteanna dlíthiúla agus praiticiúla agus gur gá tuilleadh cuíchóirithe a dhéanamh chun úsáid éifeachtach a bhaint as creat dlíthiúil OIPE; ag iarraidh ar an gCoimisiún réitigh oiriúnacha a mholadh san athbhreithniú atá le teacht ar Rialachán OIPE chun cumas OIPE a neartú chun coireacht eagraithe trasteorann a imscrúdú;
92. á athdhearbhú(43) go bhfuil ról tábhachtach ag OIPE maidir leis an smacht reachta a chosaint agus maidir leis an éilliú a chomhrac san Aontas, agus ag spreagadh an Choimisiúin dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéal comhair na mBallstát le OIPE sna tuarascálacha ar an smacht reachta; á chur in iúl gur díol sásaimh di aontachas na Polainne agus na Sualainne leis an OIPE; á thabhairt dá haire gur geal léi an fógra a thug Éire le déanaí go bhfuil sé ar intinn aici a bheith rannpháirteach; ag iarraidh ar Rialtas na hUngáire, an t-aon Bhallstát amháin atá fágtha nár tháinig isteach in OIPE go fóill, d’ainneoin nach raibh aon bhac dlíthiúil ná bunreachtúil air, dul isteach in OIPE gan a thuilleadh moille; á mheabhrú gur léiríodh tacaíocht fhorleathan an phobail d’aontachas na hUngáire trí 680 000 síniú a bhailiú i bhfabhar dul isteach in OIPE, rud a léiríonn éileamh láidir sochaíoch ar chosaintí dlí feabhsaithe in aghaidh na calaoise agus an éillithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais;
93. ag athdhearbhú a hiarrata go seolfaí malartú tuairimí maidir leis an soiléiriú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar inniúlacht OIPE laistigh dá shainordú, mar a shainítear sa Chonradh, maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
94. á thabhairt dá haire gur tháinig méadú ar an gcomhar idir na gníomhaithe ábhartha in 2023, agus go raibh OIPE agus Eurojust ag comhoibriú ar 26 chás leanúnacha ag deireadh 2023; á thabhairt faoi deara freisin gur chomhoibrigh OIPE agus Europol go héifeachtúil in 2023 maidir le hábhair oibríochtúla éagsúla, agus á chur in iúl go dtuigeann sí gur tháinig méadú faoi dhó beagnach ar an gcomhar sin in 2023, agus tacaíocht á tabhairt ag Europol maidir le 47 gcás arna iarraidh sin do OIPE; ag iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh go sonróidh OIPE agus Eurojust na critéir éifeachtúlachta ar ar a mbonn a dhéanann siad a ngníomhaíochtaí;
95. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí OLAF agus OIPE a gcomhar a neartú; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil faisnéis á malartú idir an dá oifig chun imscrúduithe comhthreomhara ar na hábhair chéanna a sheachaint, agus, in 2023, gur oscail OLAF 22 imscrúdú chomhlántacha agus gur iarr OIPE ceithre imscrúdú tacaíochta; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil na sineirgí a eascraíonn as úsáid imscrúduithe comhlántacha (sean-Airteagal 12(f) de Rialachán OIPE) agus imscrúduithe tacaíochta (sean-Airteagal 12(e) de Rialachán OIPE) fo-optamach; ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna dlíthiúla agus oibríochtúla atá leis sin agus a rialacháin á n-athbhreithniú aige;
96. á chur in iúl gur cúis imní di an easpa anailíse agus faisnéise cruinne maidir leis na haisghabhálacha chun tairbhe bhuiséad an Aontais ar cheart iad a theacht i ndiaidh imscrúduithe OLAF agus OIPE araon; á chur in iúl gurb eol di go dtéann tionchar AOSFC ar shlándáil na saoránach agus ar fhorfheidhmiú an smachta reachta san Aontas thar chainníochtú na n-aisghabhálacha airgeadais amháin; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart torthaí na n-iarrachtaí a dhéantar chun OSFC a chruthú a bheith dírithe ar intomhaisteacht agus a bheith inláimhsithe ar a laghad maidir leis na gnéithe buiséadacha; á chur i dtábhacht gur cheart tionchar na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a mheasúnú agus a chur san áireamh agus acmhainní á leithdháileadh agus sainorduithe á sainiú;
97. á chur in iúl go dtuigeann sí nár chuir an Coimisiún sonraí ar fáil go fóill maidir leis na haisghabhálacha chun tairbhe bhuiséad an Aontais tar éis ghníomhaíochtaí OIPE arna dtuairisciú don Choimisiún, mar a fhoráiltear le hAirteagal 103(2) de Rialachán OIPE, agus go bhfuil an t-ábhar sin san áireamh i litir mhisin an Choimisinéara um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán poiblí; á thabhairt faoi deara go bhfuil reo sócmhainní fíor-riachtanach chun coireacht a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais a chomhrac, agus go bhfuil méid áirithe ama ag teastáil chun an reo a thiontú ina choigistiú agus ina aisghabhálacha iarbhír; á chur i dtábhacht nach bhfuil coinne leis go dtiocfaidh an méid arna choigistiú ar ais do bhuiséad an Aontais mar réamhshocrú; á thabhairt dá haire, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán OIPE, gur cheart an t‑ioncam a d’fhéadfadh teacht as bearta urghabhála agus coigistíochta arna ndéanamh ag Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha sna Ballstáit a theacht ar ais isteach i mbuiséad an Aontais agus go bhféadfaí é a chur san áireamh i mbuiséad an Aontais mar ioncam neamhshannta; ag iarraidh ar an gCoimisiún na socruithe is gá a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta ábhartha chun go mbeidh na suimeanna sin in ann dul isteach i mbuiséad an Aontais;
98. á chur i bhfios nach ndéantar sonraí maidir le haisghabhálacha éifeachtacha tar éis mholtaí airgeadais OLAF a fhoilsiú i dTuarascáil Bhliantúil OLAF ná in aon tuarascáil oifigiúil eile ón gCoimisiún; á chur in iúl gur oth léi nach gcuirtear ach sonraí comhiomlánaithe ar fáil agus go dtagraíonn siad do 2 299 moladh airgeadais arna n‑eisiúint ag OLAF idir 2012 agus 2023 le haghaidh méid foriomlán de thart ar EUR 9 mbilliún; á thabhairt le fios go maítear san anailís ar na figiúirí atá ar fáil go bhféadfaí feabhsú go mór; á thabhairt faoi deara go bhfuil bearna mhór ann idir na méideanna atá molta ag OLAF lena n-aisghabháil, an méid a suíodh a bheith in-aisghabhála ag seirbhísí an Choimisiúin agus an méid a aisghabhadh go héifeachtach ar deireadh; á chur in iúl gur cúis imní di na rátaí ísle aisghabhála i gcás caiteachas míchuí (i gcás gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi mhodhanna bainistíochta comhroinnte agus indírí, is é 34 % agus 11 % an ráta, faoi seach, agus i gcás aisghabháil faoi bhainistíocht dhíreach amháin, is é 22 % an ráta); ag iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a chur ar fáil ina mbeidh gráinneacht leormhaith maidir le haisghabháil agus measúnú a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an mbearna aisghabhála; á chur i bhfáth gur gá do OLAF agus don Choimisiún comhchritéir mheastóireachta a chomhaontú, agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, lena n-áirithítear cóineasú agus soiléireacht níos fearr, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an mheasúnaithe téarnaimh airgeadais; á chur i bhfios go láidir gur tomhas tábhachtach ar éifeachtúlacht OSFC é an téarnamh tar éis moladh OLAF agus imscrúduithe OIPE agus á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir leis sin;
Sraith sheachtrach OSFC an Aontais – príomhbhearta ar an leibhéal náisiúnta in 2023
99. á chur in iúl go dtuigeann sí go meastar go bhfuil leibhéal foriomlán chur chun feidhme mholtaí an Choimisiúin a eisíodh i dTuarascáil CLA 2022 ag na Ballstáit sásúil; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil difríochtaí suntasacha fós ann idir na Ballstáit; á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe na cásanna ina ndearna roinnt Ballstát tuairisciú neamhleor ar neamhrialtachtaí trí CBNR; á mheabhrú go bhfuil tuairisciú éigeantach faoi na rialacháin atá ann faoi láthair agus ag spreagadh OLAF chun a ghníomhaíochtaí maoirseachta agus faireacháin a neartú d’fhonn tuairisciú aonfhoirmeach a bhaint amach ar fud an Aontais;
100. ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chuimsitheacht an tuairiscithe in CBNR ag tíortha a thairbhíonn de chúnamh réamhaontachais agus á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh na hArd-Stiúrthóireachta um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú chun oibleagáidí na dtíortha is iarrthóirí neamhrialtachtaí in CBNR a thuairisciú go tráthrialta;
101. ag spreagadh na mBallstát na neamhrialtachtaí a bhaineann le STA a thuairisciú in CBNR, i gcomhréir le moltaí CIE; ag iarraidh ar an gCoimisiún an úsáid sin a bhaineann na Ballstáit as CBNR a éascú trí thacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm oiliúna, seimineár agus malartú dea-chleachtas;
102. á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht na Sualainne agus na Polainne in OIPE, rud a cinneadh in 2024, chomh maith leis an gcuspóir atá ag Rialtas nua na hÉireann dul isteach in OIPE; á áitiú nach mór do na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach go fóill é sin a dhéanamh gan mhoill agus ag iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht in OIPE a dhreasú trí bhearta dearfacha;
103. á athdhearbhú gur forais iad comhar neamhéifeachtach nó míthráthúil, nó easpa comhair na mBallstát le OIPE agus OLAF le gníomhaíocht faoin Rialachán Coinníollachta; ag iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar an bhfaisnéis uile ó OIPE agus ó OLAF maidir le cásanna nach gcomhlíonann na Ballstáit a n-oibleagáidí;
104. á áitiú gurb iad na Straitéisí Náisiúnta Frithchalaoise an uirlis is éifeachtaí le haghaidh comhordú idir na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus earnála éagsúla agus an iliomad eintiteas áitiúil ar a gcuirtear na cúraimí ina n-eagraítear an timthriall frithchalaoise; á thabhairt dá haire gur thuairiscigh 21 as 27 mBallstát in 2023 go raibh straitéis frithchalaoise acu; á thabhairt faoi deara nach raibh straitéis náisiúnta frithchalaoise iomlán ach ag 10 as 21 Bhallstát(44) agus nach raibh ach straitéisí earnála, seachas náisiúnta, i bhfeidhm ag 11 Bhallstát; á aithint go bhfuil éagsúlacht mhór sa chur chuige a ghlacann na Ballstáit ina gcuid straitéisí frithchalaoise sa lá atá inniu ann; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon straitéis frithchalaoise ag sé Bhallstát; á chur in iúl gur oth léi an cás an-mhíshásúil sin, a chuireann isteach ar shláine chaiteachas an Aontais agus a bhaineann an bonn de mhuinín na saoránach in institiúidí an Aontais;
105. á áitiú go mbainfeadh na Ballstáit tairbhe as meastóireacht thréimhsiúil ar a gcreataí frithchalaoise; ag iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun athbhreithnithe neamhspleácha nó piaraí a dhéanamh ar a gcreataí frithchalaoise chun comhsheasmhacht a fheabhsú agus ardchaighdeáin a shaothrú;
106. ag spreagadh an Choimisiúin tionscnaimh infhorfheidhmithe a mholadh chun an caidreamh a shoiléiriú agus machnamh a dhéanamh ar nasc a bhunú idir glacadh straitéisí náisiúnta frithchalaoise ag na Ballstáit agus leibhéal na tacaíochta airgeadais a fhaigheann siad;
107. ag iarraidh ar an gCoimisiún cleachtadh faireacháin a sheoladh, mar ullmhúchán don athbhreithniú ar Rialachán OLAF, maidir le staid na himeartha i ndáil leis na Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise atá bunaithe sna Ballstáit; á mholadh don Choimisiún pleanáil a dhéanamh chun a struchtúr, a ról, a bhfreagrachtaí agus a sainordú a nuashonrú agus a athdhearadh; á chur in iúl gur oth léi an leibhéal fo-optamach foirne ar fud fhormhór na Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise sna Ballstáit; á chur i bhfios go láidir gur gá leibhéil leordhóthanacha saineolais a áirithiú i measc na foirne i struchtúir náisiúnta comhordaithe frith-chalaoise; ag iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh agus tacú leo chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin mar ábhar tosaíochta, lena n-áirítear i gcomhthéacs thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh;
108. ag cur i dtábhacht go láidir an róil a imríonn údaráis phoiblí i gcothú cultúir neamhfhulaingthe in aghaidh na calaoise agus á chur i bhfáth, go háirithe, a thábhachtaí atá sé calaois a chosc chun a áirithiú nach dtarlódh calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus mí-úsáid eile cistí sa chéad áit; á mheabhrú go bhfuil trasuí ceart Threoir CLA, a glacadh an 5 Iúil 2017, ríthábhachtach chun buiséad an Aontais a chosaint, chun beartais uile an Aontais a n-úsáidtear airgead an Aontais ina leith a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcomhthéacs cur chun úsáide STA, agus chun raon feidhme na n‑imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh arna ndéanamh ag OIPE a shuí, a bhfuil a inniúlacht bunaithe faoi threoir Threoir CLA, mar a chuirtear chun feidhme í leis an dlí náisiúnta; á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go ndéanfaidh údaráis náisiúnta, lena n‑áirítear rialtais, sna Ballstáit uile calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus aon mhí-úsáid eile cistí poiblí a cháineadh, agus cur chuige réamhghníomhach á ghlacadh maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta éifeachtacha i réimsí lena n‑áirítear measúnú riosca, cumarsáid agus comhroinnt faisnéise, agus oiliúint foirne; ag iarraidh ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh go tráthúil trí nósanna imeachta um shárú chun trasuí comhsheasmhach Threoir CLA agus dliteanas éifeachtach daoine dlítheanacha agus nádúrtha – agus smachtbhannaí ina leith;
109. á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag sceithirí maidir brath, imscrúdú agus ionchúiseamh calaoise a threisiú; á chur in iúl go dtuigeann sí, faoi dheireadh 2023, go raibh reachtaíocht náisiúnta glactha ag 24 Bhallstát chun an Treoir maidir le cosaint do lucht sceite eolais a thrasuí agus gur dhearbhaigh siad go raibh an trasuí críochnaithe acu; á chur in iúl gur oth léi, áfach, i mí an Mhárta 2023, tar éis anailís a dhéanamh ar na bearta náisiúnta a glacadh, go raibh ar an gCoimisiún sé Bhallstát a tharchur chuig CBAE toisc nár thrasuigh siad an Treoir agus toisc nár thug siad fógra faoi bhearta trasuite, agus gur iarr sé ar an gCúirt smachtbhannaí airgeadais a fhorchur; á chur in iúl gur cúis imní di na himeachtaí breise um shárú(45) atá ar siúl in aghaidh sé Bhallstát eile; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bhfaireachán ar bhearta náisiúnta trasuite agus tuairisciú don Pharlaimint dá réir sin; á chur i bhfáth nach mór don Pharlaimint í féin a áirithiú go práinneach freisin go ndéanfar an Treoir a thrasuí i gceart, mar a daingníodh le rialú CBAE an 11 Meán Fómhair 2024, a léirigh nach dtugtar le creat reatha na Parlaiminte cosaint chothrom éifeachtach in aghaidh frithbheartaíochta; ag iarraidh ar an bParlaimint rialacha láidre a ghlacadh láithreach i gcomhréir leis an Treoir chun a sceithirí féin a chosaint;
110. á thabhairt dá haire go ndearna Rannán Imscrúdaitheach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI IG/IN) 10 dtarchur chuig OIPE agus 17 dtarchur chuig OLAF faoi dheireadh 2023; á chur in iúl gurb eol di go bhféadfar eintitis a bhfuair BEI IG/IN amach go raibh siad ag gabháil do chleachtais thoirmiscthe a eisiamh, is é sin le rá go ndearbhófaí go bhfuil siad neamh-incháilithe, ar feadh tréimhse shonraithe, ó aon chonradh a dhámhachtain dóibh nó ó aon chaidreamh a dhéanamh le BEI; á thabhairt faoi deara, in 2023, gur eisiadh cúig oibreoir eacnamaíocha ar feadh íostréimhse 3 bliana mar thoradh ar na himeachtaí eisiaimh sin, agus gur tháinig cúig chuideachta eile ar chomhaontuithe socraíochta lena gcuirtear coinníollacht i bhfeidhm maidir lena n‑incháilitheacht;
An ghné sheachtrach de chosaint leasanna airgeadais an Aontais
111. á chur in iúl gur geal léi freagairt an Choimisiúin ar a hiarraidh go méadófaí an faireachán agus an rialú ar na cistí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, an Eoraip Dhomhanda, chun cúnamh a thabhairt do thíortha nach bhfuil san Aontas, agus tríd an teachtaireacht chomhpháirteach le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála(46); á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar bearta frithéillithe a phríomhshruthú in ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais; ag athdhearbhú a molta tacaíocht bhuiséadach a chur ar fionraí agus cistí chuig tíortha nach bhfuil san Aontas a shaoradh, lena n-áirítear tíortha is iarrthóirí, i gcás inar léir nach ndéanann na húdaráis fíorghníomhaíocht in aghaidh éilliú forleathan, gan cur isteach ar thacaíocht don phobal sibhialta; á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll riachtanach é urraim a thabhairt do luachanna an Aontais agus tiomantas do chur chun cinn na luachanna sin do na comhpháirtithe uile ar mian leo teacht isteach san Aontas; á athdhearbhú gur próiseas bunaithe ar thuillteanas é aontachas leis an Aontas trína ndéantar measúnú ar gach iarratasóir ar a thuillteanas féin agus ar an gcaoi a bhfuil sé ag comhlíonadh chritéir Chóbanhávan; á mheas gur cheart, agus modheolaíocht an mhéadaithe athbhreithnithe á cur i bhfeidhm, go ndíreofaí go háirithe ar athchóirithe bunúsacha, agus gur cheart coinníollacht chothrom agus dhian a chur i bhfeidhm mar aon le hinchúlaitheacht i gcás ina dtarlaíonn bacainní; á mheas nach mór uirlisí iomchuí a úsáid chun a áirithiú go léiríonn tíortha is iarrthóirí comhlíonadh nithiúil agus inbhuanaithe leis an smacht reachta, leis na prionsabail dhaonlathacha agus leis na cearta bunúsacha, sula dtagann siad isteach san Aontas agus ina dhiaidh;
112. á thabhairt faoi deara go mbeidh tacaíocht shuntasach fós de dhíth ar an Úcráin sa chéad CAI eile i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus, ó thaobh comhaontú síochána inbhuanaithe de, go mbeidh tacaíocht de dhíth ar an Úcráin le haghaidh atógáil iarchogaidh, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh seirbhísí agus athchóirithe rialtais láir;
113. á mheas go bhféadfaí na trí cholún den tSaoráid don Úcráin a athmhúnlú dá réir agus gur cheart an atógáil a ailíniú le ceanglais réamhaontachais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá dlúthchomhordú agus comhar le sásra comhordaithe na hÚcráine a bhunaigh an G7; ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit uile a dtacaíocht don Úcráin a mhéadú, agus bearta iomchuí á gcur i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí chalaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí in úsáid chistí an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú, lena n-áirítear trí sheiceálacha níos críochnúla a dhéanamh, chun a áirithiú go ndéantar faireachán agus rialú leordhóthanach ar chistí an Aontais a sheoltar chuig an Úcráin agus chuig a tíortha comharsanachta agus go rachaidh siad chun sochair dóibhsean is mó a bhfuil gá acu leis sa deireadh;
114. á chur i bhfáth go bhfágann an méid tacaíochta airgeadais nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a fuair an Úcráin ón Aontas le blianta beaga anuas, agus a imscaradh sna dálaí fíordhíobhálacha a atá ann mar gheall ar an gcogadh leanúnach, go nglacfar bearta iomchuí chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní den sórt sin mar a bheartaítear iad a úsáid, go háirithe i gcás ina bhfuil siad dírithe ar bhonneagar a fheabhsú agus i gcás ina bhfuil sé i gceist iad a dhul chun sochair do dhaoine i ngátar;
115. á chur i bhfios gur mór aici an obair atá déanta ag OLAF agus ag OIPE maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí oiliúint a chur ar fáil chun acmhainn riaracháin agus uathriail a mhéadú, imscrúduithe a dhéanamh san Úcráin agus comhaontú ar an socrú oibre le Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine chun comhar a éascú maidir le himscrúdú ar éilliú; ag iarraidh ar oifigí inniúla an Aontais leanúint dá gcomhoibriú le húdaráis na hÚcráine agus dá dtacaíocht dóibh;
116. ag aithint, ina leith sin, an dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin maidir le hathchóirithe a chur chun cinn a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna, le cuntasacht, le comhrac an éillithe agus le comhrac an sciúrtha airgid, d’ainneoin na ndálaí deacra a bhí ann mar thoradh ar chogadh foghach leanúnach na Rúise; ag moladh don Úcráin leanúint ar aghaidh ar chonair an athchóirithe, lena n-áirítear maidir le tionchar na n‑olagarcaí sa pholaitíocht;
117. á chur in iúl gur geal léi na smachtbhannaí feabhsaithe atá glactha ag an Aontas in aghaidh na Rúise go dtí seo, lena gcuimsítear toirmeasc ar náisiúnaigh agus eintitis Rúiseacha páirt a ghlacadh i gconarthaí soláthair phoiblí san Aontas agus srianta ar chistiú de chuid an Aontais d’eintitis atá faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú na Rúise; á aithint, áfach, d’ainneoin na mbeart atá ann faoi láthair, gur féidir le daoine aonair agus eintitis atá faoi réir na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise fós teacht ar bhealaí chun dul timpeall ar na smachtbhannaí agus ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar na Ballstáit raon feidhme agus éifeachtacht an bheartais smachtbhannaí in aghaidh na Rúise agus na Bealarúise a choinneáil ar bun, a neartú agus a leathnú;
118. á aithint go bhfuil na Ballstáit agus a n-údaráis inniúla ábhartha freagrach as smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú go héifeachtach, agus as sáruithe a shainaithint agus pionóis iomchuí a fhorchur; ag cur i dtábhacht go láidir an róil atá ag údaráis chustaim agus na tábhachta a bhaineann lena ndlúthchomhar maidir le forghníomhú aonfhoirmeach smachtbhannaí a neartú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an Tionscnamh Custaim Baltach;
119. á chur i bhfios go láidir gurb é an tAontas an soláthraí is mó de chúnamh seachtrach do dhídeanaithe Palaistíneacha; á chur i bhfáth nach mór leanúint de thacaíocht a sholáthar ó bhuiséad an Aontais chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chothú i réigiún an Mheánoirthir, chun an sceimhlitheoireacht, an fuath, an bunachas agus an bhréagaisnéis a chomhrac, chomh maith le cearta an duine a chur chun cinn, an tsaoirse ó phionós a chomhrac agus an cloí leis an smacht reachta a neartú; á chur i bhfios go láidir, dá réir sin, nach féidir le buiséid an Aontais, in imthosca ar bith, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a théann in aghaidh na gcuspóirí sin; á thabhairt dá haire, tar éis ionsaithe uafásacha sceimhlitheoireachta Hamas an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus líomhaintí faoi mhí-úsáid chistí an Aontais le haghaidh na sceimhlitheoireachta, go bhfuil athbhreithniú maoinithe déanta ag an gCoimisiún, inar iarradh fós, cé gur thángthas ar an gconclúid ann nár aimsíodh aon fhianaise, go dtí seo, gur atreoraíodh airgead chun críoch neamhbheartaithe (lena n-áirítear chun tacaíocht a thabhairt do sceimhlitheoirí atá i bpríosún) agus gur tuairiscíodh ann gur oibrigh na coimircí a bhí i bhfeidhm go maith, bearta breise áirithe a measadh a bheith riachtanach a dhéanamh; á mheabhrú go gcaithfear gach giall a ghabh Hamas a scaoileadh saor; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéantar cistí an Aontais a leithdháileadh agus a bhainistiú go héifeachtach chun na spriocanna atá beartaithe dóibh a bhaint amach, fiú trí ghrinnscrúdú a dhéanann OIPE, OLAF agus CIE i gcás inarb iomchuí; ag meabhrú na saincheiste leanúnaí maidir le scrios na dtionscadal atá maoinithe ag an Aontas in Gaza agus ar an mBruach Thiar agus á iarraidh go mbeadh níos mó cuntasachta agus coimircí sa chomhthéacs sin;
120. á chur i bhfáth gur beart iomchuí é tacaíocht bhuiséadach a chur ar fionraí i dtíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear tíortha is iarrthóirí, i gcás nach ndéantar fíorghníomhaíocht in aghaidh éilliú forleathan; á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go dtabharfar tosaíocht don chomhrac in aghaidh an éillithe le linn caibidlíocht réamhaontachais, le fothú acmhainneachta trí chomhlachtaí speisialaithe frith-éillithe a bhunú; ag iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh a áirithiú don phobal sibhialta, i gcás inar féidir, trí bhealaí malartacha, i gcásanna ina gcuirtear cistiú ar fionraí chomh maith;
121. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun calaois a chomhrac; á chur in iúl gur oth léi an easpa comhair ó roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le rochtain iomlán thráthúil gan teorainn a sholáthar do CIE ar na doiciméid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh; á thabhairt dá haire go bhfuil an Coimisiún tar éis cur leis an gcumarsáid a dhéanann sé le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag iarraidh air iarrachtaí a threisiú a thuilleadh chun rochtain ar gach doiciméad a iarrtar a áirithiú;
o o o
122. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Feabhra 2022; An Ungáir v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, Cás-C 156/21, ECLI:EU:C:2022:97.
Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98.
Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj).
Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).
Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).
An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile, Blondes, E., Disley, E., Hulme, S. et al., Staidéar dar teideal Strengthening the fight against organised crime – Assessing the legislative framework [An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe a neartú — Measúnú a dhéanamh ar an gcreat reachtach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, mí na Nollag 2022.
An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, le Tipik agus Spark Legal and Policy Consulting don Choimisiún Eorpach, mí Mheán Fómhair 2023.
Suirbhé a rinneadh arna iarraidh sin d’Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Imirce agus Gnóthaí Baile (AS HOME) agus arna chomhordú ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún.
OLAF, OIPE, Europol, Eurojust, an Coimisiún, CIE, an tÚdarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA), an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus údaráis na mBallstát agus an tseirbhís comhordúcháin frith-chalaoise (AFCOS).
Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020D2053).
Córas leictreonach a forbraíodh chun neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha a braitheadh sna Ballstáit agus atá in úsáid ag 35 thír a thuairisciú.
Tuarascáil speisialta CIE 01/2019 an 10 Eanáir 2019 dar teideal ‘Fighting fraud in EU spending’, [Comhrac in aghaidh na calaoise i gcaiteachas AE], míreanna 23-28, Tuarascáil speisialta CIE 06/2019 an 16 Bealtaine 2019 dar teideal ‘Tackling fraud in EU cohesion spending’ [Dul i ngleic le calaois i gcaiteachas comhtháthaithe AE], míreanna 47-57, agus Tuarascáil speisialta CIE 06/2023 an 13 Márta 2023 dar teideal ‘Conflict of interest in EU cohesion and agricultural spending — Framework in place but gaps in transparency and detection measures’ [Coinbhleacht leasa i gcaiteachas comhtháthaithe agus talmhaíochta AE — Creat i bhfeidhm ach bearnaí i mbearta trédhearcachta agus braite] — mír 80.
Ríomhtar ráta an bhraite calaoise (FDR) mar chéatadán méideanna neamhrialta airgeadais atá nasctha le neamhrialtachtaí calaoiseacha maidir le híocaíochtaí iomlána. Ríomhtar ráta an bhraite neamhrialtachta mar chéatadán de mhéideanna neamhrialta airgeadais atá nasctha le neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha maidir le íocaíochtaí iomlána.
Tuarascáil speisialta CIE 7/2024 an 7 Bealtaine 2024 dar teideal ‘Na córais atá ag an gCoimisiún chun caiteachas neamhrialta AE a aisghabháil – Is féidir níos mó a aisghabháil agus é a dhéanamh níos tapa’.
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle, IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32013R0883).
Tuarascáil speisialta CIE 11/2025 an 7 Aibreán 2025 dar teideal ‘Trédhearcacht chistiú an Aontais a dheonaítear d’eagraíochtaí neamhrialtasacha – In ainneoin an dul chun cinn atá déanta, níl an forléargas iontaofa fós’.
Tuarascáil speisialta 05/2024 ó CIE an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘Clár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh – Cuireann sé faisnéis úsáideach ach theoranta ar fáil maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta’.
Freagraí an Choimisiúin ar thuarascáil speisialta CIE an 2 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘Ionsú cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ag déileáil le moilleanna, ach tá rioscaí fós ann a mhéid a bhaineann le bearta a chríochnú agus le cuspóirí STA a bhaint amach’, lch. 4.
Tuarascáil speisialta 22/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Cistiú dúbailte ó bhuiséad an Aontais – Níl eilimintí bunriachtanacha sna córais rialaithe trína ndéanfaí an riosca méadaithe a eascraíonn as samhail maoiniúcháin RRF nach bhfuil nasctha le costais a mhaolú’ agus a tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2022.
Doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2021 dar teideal Guidance to Member States Recovery and Resilience Plans [Treoir maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na mBallstát] (SWD(2021)0012).
Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R0903).
Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R1689).
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32016R0679).
Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj) .
Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin – athbhreithniú 2023’ (COM(2023)0405), ag gabháil leis an doiciméad oibre ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta – athbhreithniú 2023’ (SWD(2023)0245).
JUST/2022/PR/JCOO/CRIM/0004 — Creatchonradh JUST/2020/PR/03/0001 maidir le Seirbhísí anailíse dlíthiúla, lena n-áirítear measúnú comhlíontachta ar bhearta trasuite náisiúnta, i réimsí beartais an Cheartais agus na dTomhaltóirí.
As na 10 straitéis náisiúnta frithchalaoise sin, ní chumhdaítear le ceann amháin gach céim den timthriall frithchalaoise, níl peirspictíocht ilbhliantúil ag ceann amháin agus is gá dhá cheann a thabhairt cothrom le dáta.
Tuarascáil ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (COM(2024)0269).
Teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 maidir leis an troid in aghaidh an éillithe (JOIN(2023)0012).
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 ar rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2023 (2024/2052(INI))
– ag féachaint do thuarascáil ar ghníomhaíochtaí 2023 ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Grúpa BEI) an 1 Feabhra 2024 dar teideal ‘A Blueprint for Sustainable Living’ [Treoirphlean chun Maireachtáil go hInbhuanaithe], agus do dhoiciméad BEI an 2 Feabhra 2023 dar teideal ‘EIB Group Operational Plan 2023-2025’ [Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI, 2023-2025],
– ag féachaint do Thuarascáil Infheistíochta BEI, 2023/2024, dar teideal Transforming for competitiveness [Claochlú a dhéanamh chun a bheith iomaíoch], a foilsíodh an 7 Feabhra 2024,
– ag féachaint do dhoiciméad BEI an 8 Bealtaine 2023 dar teideal ‘Mid-term review of the EIB Energy Lending Policy’ [Athbhreithniú meántéarma ar Bheartas Iasachta Fuinnimh BEI],
– ag féachaint do Thuarascáil Ghrúpa BEI ar chur chun feidhme Bheartas Trédhearcachta Ghrúpa BEI in 2023, a foilsíodh an 1 Iúil 2024,
– ag féachaint do dhoiciméad BEI an 27 Samhain 2023 dar teideal ‘The EIB Group PATH Framework – Version 1.2 November 2023 – Supporting counterparties on their pathways to align with the Paris Agreement’ [Creat PATH Ghrúpa BEI – Leagan 1.2 Shamhain 2023 – Ag tacú le contrapháirtithe ar a gconairí chun ailíniú le Comhaontú Pháras],
– ag féachaint do dhoiciméid ó Ghrúpa BEI agus doiciméid BEI an 21 Meitheamh 2024 dar teideal ‘EIB Group 2024-2027 Strategic Roadmap’ [Treochlár Straitéiseach Ghrúpa BEI, 2024-2027] agus an 29 Samhain 2023 dar teideal ‘EIB Global Strategic Roadmap’ [Treochlár Straitéiseach Domhanda BEI],
– ag féachaint do Thuarascáil Ghrúpa BEI ar Inbhuanaitheacht, 2023, a foilsíodh an 25 Iúil 2024,
– ag féachaint do nóta faisnéise ó BEI an 6 Feabhra 2023 dar teideal ‘The European Investment Bank’s approach to human rights’ [Cur chuige an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i leith chearta an duine],
– ag féachaint do Thuarascáil 2023 ar Shásra Gearán Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 10 Meitheamh 2024,
– ag féachaint do dhoiciméad ó BEI an 14 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Diversity, Equity and Inclusion at the EIB Group’ [Éagsúlacht, Cothromas agus Cuimsiú ag Grúpa BEI],
– ag féachaint d’fhoilseachán ó BEI an 23 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘EIB Audit Committee Annual Reports for the year 2023’ [Tuarascálacha Bliantúla Choiste Iniúchóireachta BEI don bhliain 2023],
– ag féachaint do thuarascáil ó Ghrúpa BEI an 15 Iúil 2024 dar teideal ‘EIB Group activities in EU cohesion regions 2023’ [Gníomhaíochtaí Ghrúpa BEI i réigiúin chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, 2023],
– ag féachaint do thuarascáil ó BEI an 19 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal ‘EIB Investment Survey 2023 – European Union overview’ [Suirbhé Infheistíochta BEI, 2023 – Forléargas an Aontais Eorpaigh],
– ag féachaint do thuarascáil BEI an 26 Meitheamh 2024 dar teideal ‘EIB Group support for EU businesses: Evidence of impact in addressing market failures’ [Tacaíocht Ghrúpa BEI do ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh: Fianaise ar thionchar maidir le haghaidh a thabhairt ar chliseadh sa mhargadh],
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Márta 2024 dar teideal ‘A new European Defence Industrial Strategy: Achieving EU readiness through a responsive and resilient European Defence Industry’ [Straitéis nua um Thionscal Cosanta na hEorpa: Ullmhacht an Aontais a bhaint amach trí Thionscal Cosanta an hEorpa at bheith níos freagrúla agus níos athléimní] (JOIN(2024)0010),
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 22/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Double funding from the EU budget’ [Cistiú dúbailte ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh],
– ag féachaint do thuarascáil ó BEI an 29 Nollaig 2023 dar teideal ‘European Investment Bank Group Risk Management Disclosure Report – June 2023’ [ Tuarascáil ó Ghrúpa BEI ar Nochtadh Bainistíochta Riosca – Meitheamh 2023],
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Páipéar Bán Comhpháirteach maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa’ (JOIN(2025)0120),
– ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0068/2025),
A. de bhrí go bhfuil BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) mar chuid de Ghrúpa BEI; de bhrí gurb é BEI an banc forbartha iltaobhach is mó ar domhan; de bhrí go bhfuil BEI faoi cheangal conartha rannchuidiú le lánpháirtiú an Aontais; de bhrí go n-áirítear ar phríomhthosaíochtaí BEI cistiú a chur ar fáil do thionscadail chun lánpháirtiú agus comhtháthú sóisialta na hEorpa a chothú; de bhrí go ngníomhaíonn CEI mar chomhlacht tiomnaithe chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh i réimsí na fiontraíochta, an chruthaithe post agus an chomhtháthaithe eacnamaíoch;
B. de bhrí, mar bhanc atá faoi úinéireacht Bhallstáit an Aontais, go bhfuil BEI á rialú ag Bord Gobharnóirí, Bord Stiúrthóirí agus Coiste Bainistíochta, agus go gcoinníonn sé sásraí inmheánacha láidre maidir le cuntasacht, rialachas agus iniúchóireacht; de bhrí go bhfuil CEI faoi úinéireacht BEI (60 %), an Aontais (30 %) agus institiúidí airgeadais (10 %) ó na Ballstáit, ón Ríocht Aontaithe agus ón Tuirc, agus go bhfuil sé á bhainistiú ag Cruinniú Ginearálta scairshealbhóirí CEI, an Bord Stiúrthóirí agus an Príomhfheidhmeannach, le sásraí inmheánacha neamhspleácha le haghaidh cuntasachta, rialachais agus iniúchóireachta, a chomhroinntear cuid acu ar leibhéal an Ghrúpa;
C. de bhrí go bhfeidhmíonn BEI agus CEI araon laistigh de mhargadh iomaíoch ach go gcoinnítear iad ar ardchaighdeáin trédhearcachta agus rannpháirtíochta geallsealbhóirí mar chomhlachtaí an Aontais;
D. de bhrí go gcuireann Grúpa BEI beartais an Aontais chun cinn laistigh agus lasmuigh den Aontas agus go gcomhoibríonn sé go dlúth le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus le hinstitiúidí náisiúnta eile, agus go ndéanann sé a mhaoiniú a ailíniú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais; de bhrí gur leag Grúpa BEI ocht dtosaíocht straitéiseacha amach ina Threochlár Straitéiseach do 2024-2027: gníomhú ar son na haeráide, claochlú digiteach, cosaint, comhtháthú, talmhaíocht, bonneagar sóisialta, maoiniú seachtrach agus Aontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn;
E. de bhrí go bhfuil sé de chúram ar BEI freisin acmhainní a dhaingniú trí ghníomhaíochtaí iasachtaíochta, atá ríthábhachtach chun beartais an Aontais a chur chun feidhme;
F. de bhrí go mbeartaítear le clár oibre straitéiseach na Comhairle Eorpaí do 2024-2029 ról feabhsaithe do Ghrúpa BEI mar spreagadh do chosaint agus do shlándáil an Aontais, agus ag cur béim ar an ngá atá le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais agus folláine eacnamaíoch agus shóisialta na saoránach a fheabhsú trí iarrachtaí suntasacha comhinfheistíochta, agus cistiú poiblí agus príobháideach araon á ghiaráil;
G. de bhrí gur moladh i dtuarascáil Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa(1) go leor bealaí chun ról BEI a leathnú maidir le beartais an Aontais a mhaoiniú agus chun cur ar chumas BEI níos mó riosca a ghlacadh chuige féin;
H. de bhrí gurb é príomh-mhisean Ghrúpa BEI acmhainneacht na hEorpa maidir le cruthú post agus fás eacnamaíoch a neartú; de bhrí gur cheart dá infheistíochtaí dul i ngleic le neamhionannais trí rochtain ar phoist, ar dheiseanna oiliúna, ar thithíocht agus ar oideachas a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an dífhostaíocht; de bhrí gur den ríthabhacht é bacainní ar mhaoiniú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do chuideachtaí meánchaipitlithe a shárú; de bhrí go bhfeidhmíonn scéimeanna iasachtaithe agus ráthaíochta poiblí mar uirlisí beartais frith-thimthriallacha ríthábhachtacha, go háirithe le linn cora chun donais eacnamaíocha, agus go gcuidíonn siad le teipeanna struchtúracha margaidh a mhaolú;
I. de bhrí gur bunchloch d’ollstruchtúr airgeadais na hEorpa don fhorbairt é BEI agus gurb é an t-iasachtóir iltaobhach is mó i réigiúin chomharsanachta an Aontais é, lena n-áirítear tíortha Chomharsanacht an Oirthir, na Balcáin Thiar, an Meánoirthear, agus an Afraic Thuaidh; de bhrí go meastar go gcuideoidh BEI leis an mbearna san infheistíocht tháirgiúil idir an Eoraip agus a phríomhiomaitheoirí a dhúnadh trí infheistíocht sa nuálaíocht, i dteicneolaíocht na cumarsáide agus i maoin intleachtúil a mhéadú;
J. de bhrí go bhfuil rath chuspóirí beartais an Aontais agus a gcur chun feidhme éifeachtach ag brath níos mó agus níos mó ar Ghrúpa BEI; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh doimhneacht agus cáilíocht mhaoirseacht na Parlaiminte ar oibríochtaí airgeadais BEI i gcomhréir le déine an chomhair idir BEI agus an Coimisiún, rud atá an-suntasach anois;
K. de bhrí go n-éilíonn samhail ghnó BEI na caighdeáin is airde sláine, cuntasachta agus trédhearcachta, agus nach mór bearta láidre a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun calaois airgeadais, éilliú, sciúradh airgid, sceimhlitheoireacht, coireacht eagraithe agus imghabháil cánach agus seachaint cánach araon a chomhrac; de bhrí go bhfuil creat rialaithe ag Grúpa BEI arb é is aidhm dó rioscaí smachtbhannaí a chosc agus a mhaolú;
L. de bhrí go gcloíonn Grúpa BEI le sainmhíniú Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht ar riosca comhlíontachta, agus é mar aidhm aige cosc a chur ar an riosca a bhaineann le smachtbhannaí dlíthiúla nó rialála, caillteanas airgeadais ábhartha, nó damáiste do chlú; de bhrí go ndéanann an Banc bearta iomchuí chun na rioscaí sin a mhaolú trína áirithiú go gcomhlíonfar go docht creataí dlíthiúla agus rialála, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon;
Oibríochtaí airgeadais agus feidhmíocht BEI
1. á aithint go bhfuil BEI ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil i dtimpeallacht ina bhfuil dúshláin shuntasacha dhomhanda, lena n-áirítear teannas geopholaitiúil, tionchair an athraithe aeráide agus tosca eile a bhfuil tionchar acu ar an ngeilleagar domhanda; á mholadh go bhféachfaí ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht BEI trí anailís mhachnamhach, ag díriú go háirithe ar an tionchar ar iomaíochas agus ar fhás;
2. á aithint go bhfuil maoiniú BEI ag éirí níos tábhachtaí i gcomhthéacs rátaí arda úis agus airgeadas poiblí srianta; ag dréim leis go dtabharfaidh BEI, i gcomhthéacs ionchas eacnamaíoch dúshlánach agus iomaíocht dhomhanda mhéadaithe, aghaidh a thabhairt ar shrianta ar iomaíochas an Aontais, amhail praghsanna luaineacha fuinnimh, ganntanais scileanna i bpríomhearnálacha agus infheistíochtaí neamhleora sa nuálaíocht agus i dteicneolaíochtaí nua;
3. ag tabhairt dá haire gur bhain Grúpa BEI torthaí láidre comhdhlúite amach arbh ionann iad agus EUR 2,272 billiún in 2023 faoi na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS), i gcomparáid le EUR 2,327 billiún in 2022, rud a léiríonn laghdú 2,4 % bliain ar bhliain; á iarraidh go ndéanfaí anailís mhionsonraithe ar na tosca a chuireann leis an laghdú sin, go háirithe ós rud é go raibh fás eacnamaíoch seasta i gceist leis an tréimhse; á thabhairt faoi deara gur shroich cúlchistí BEI os cionn EUR 56 bhilliún in 2023, suas ó EUR 53,9 billiún in 2022 agus EUR 36 bhilliún in 2014;
4. ag tabhairt dá haire gur fhan cóimheas leachtachta iomlán BEI go maith laistigh de theorainneacha inmheánacha go dtí deireadh 2023 agus go raibh cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) BEI ag 33,1 % in 2023, i bhfad níos airde ná meánchóimheas na n-institiúidí suntasacha arna maoirsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) an tráth sin; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach rátáil AAA BEI a choinneáil le hionchas ‘cobhsaí’ chun maoiniú fabhrach margaidh a áirithiú ar rátaí fabhracha agus gur cheart í a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil seasamh creidmheasa ard BEI ríthábhachtach dá shamhail ghnó rathúil;
5. á iarraidh ar BEI a sheasamh láidir caipitil agus brabúis arda leanúnacha a choinneáil, ach ag tabhairt dá haire go bhfuil sé d’acmhainn ag an mBanc luaineachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtorthaí a ionsú gan caipiteal scairshealbhóirí ná a rátáil chreidmheasa a chur i mbaol, go bhfuil sé de chumas aige níos mó riosca a ghlacadh in infheistíochtaí straitéiseacha agus go bhfuil sé in ann níos mó infheistíochta a dhéanamh i dtionscadail nuálacha ardriosca ina bhfuil caipiteal príobháideach fós drogallach;
6. á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar a thrédhearcacht institiúideach trí mhiontuairiscí níos mionsonraithe ar chruinnithe a Bhoird Stiúrthóirí a fhoilsiú, lena n-áirítear taifid vótála agus réasúnuithe a bhaineann go sonrach leis an tionscadal, agus rúndacht dhlisteanach á hurramú i gcás ina bhfuil géarghá leis;
7. á thabhairt chun suntais gur shroich eisíocaíochtaí iomlána BEI EUR 54,4 billiún in 2023, le EUR 53,4 billiún óna acmhainní dílse, i gcomparáid le EUR 54,3 billiún (EUR 53,3 billiún óna acmhainní dílse) in 2022; ag tabhairt faoi deara gurbh ionann eisíocaíochtaí CEI ar infheistíochtaí cothromais phríobháidigh agus EUR 139,7 milliún in 2023, i gcomparáid le EUR 113,7 milliún in 2022; ag tabhairt dá haire, de réir samhail eacnamaíoch a d’fhorbair Roinn Eacnamaíochta BEI agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin go comhpháirteach, go meastar go gcruthóidh infheistíocht fhoriomlán Ghrúpa BEI laistigh den Aontas in 2023 thart ar 1 460 000 post nua in AE-27 faoi 2027 agus go gcuirfidh sí borradh 1.03 pointe céatadáin faoi OTI an Aontais; á iarraidh ar Ghrúpa BEI dáileadh geografach níos cothroime infheistíochtaí a áirithiú chun a dtionchar a uasmhéadú ar fud réigiúin uile an Aontais, agus fás comhtháite agus cuimsitheach á chur chun cinn ar fud an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir atá faoi ghannionadaíocht agus ar limistéir bheagfhorbartha;
8. á mheabhrú go sainordaítear le Reacht BEI cothromaíocht gheografach i measc a fhoirne agus nach mór roghnú na mball foirne a bheith bunaithe ar fhiúntas, agus ionadaíocht chothrom náisiúnach ó na Ballstáit uile á cur san áireamh ag an am céanna; ag spreagadh an Bhainc faireachán leanúnach a dhéanamh ar chothromaíocht gheografach i measc a fhoirne agus an próiseas earcaíochta a choigeartú dá réir, más gá;
9. ag cur sonrú i dtiomantas Ghrúpa BEI calaois chánach, imghabháil cánach, seachaint cánach, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac go dian; á iarraidh go ndéanfaí trédhearcacht na dtairbhithe deiridh, sásraí faireacháin, agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí a neartú tuilleadh chun cuntasacht iomlán a áirithiú;
10. á chur i bhfáth gur cheart do BEI, mar chomhlacht de chuid an Aontais, a chleachtais trédhearcachta a ailíniú go hiomlán leis na caighdeáin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001(2) maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid; á iarraidh ar an mBanc a áirithiú go ndéanfar doiciméid a bhaineann le tionscadail arna maoiniú agus cinntí a rinneadh a nochtadh go réamhghníomhach, gan ach eisceachtaí teoranta agus cuí-réasúnaithe a bheith ann; á athdhearbhú a thábhachtaí atá fíor-rochtain phoiblí mar bhunchloch na cuntasachta institiúidí;
InvestEU, simpliú an chreata airgeadais ilbhliantúil, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
11. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh, an 13 Nollaig 2023, Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2024-2026, ina leagtar amach na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí chun straitéis Ghrúpa BEI a chur chun feidhme sna trí bliana amach romhainn; á iarraidh go ndéanfaí coigeartuithe ar dhálaí nua an mhargaidh, lena n-áirítear simpliú agus laghdú maorlathais chun deireadh a chur le bacainní ar mhaoiniú do FBManna, ar bacainní iad nach mór a mhéadú go suntasach; á aithint go bhfuil sé ríthábhachtach gníomhaíochtaí agus sainorduithe ardriosca a mhéadú chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil d’earnálacha ard-bhreisluacha agus nuálacha;
12. á mheabhrú go ndearnadh 75 % (EUR 19,6 billiún) de ráthaíocht bhuiséadach sin an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear faoi Rialachán InvestEU a leithdháileadh do Ghrúpa BEI(3); á thabhairt chun suntais gur fhormheas BEI, in 2023 amháin, 30 oibríocht faoi InvestEU arbh fhiú EUR 9,1 billiún san iomlán iad; á chreidiúint, chun leanúint de bheith iomaíoch, go bhfuil gá le hinfheistíochtaí suntasacha, ón earnáil phríobháideach go príomha; á chreidiúint go gcuirfí feabhas ar iomaíochas agus fás na hEorpa trí dhíriú ar thionscadail nuálacha, ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí atá ag méadú; ag tabhairt dá haire gur gá infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh chuige sin; á iarraidh, dá bhrí sin, ar BEI ról níos suntasaí a bheith aige maidir le dí-rioscú straitéiseach trí ráthaíochtaí, agus ar an gcaoi sin infheistíocht chaipitil phríobháideach a spreagadh;
13. á iarraidh ar Ghrúpa BEI tairbhithe deiridh a oibríochtaí maoinithe a nochtadh go córasach, i gcás inarb indéanta agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí cosanta sonraí, go háirithe i gcás tionscadail a fhaigheann tacaíocht faoi ráthaíochtaí agus sainorduithe buiséadacha an Aontais, chun muinín agus maoirseacht an phobail a áirithiú;
14. á chur i bhfáth gurb amhlaidh, faoi chuimsiú chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 2021-2027, a bhainistíonn BEI 87 sainordú ón gCoimisiún, líon is ionann agus 130 sainordú má áirítear iadsan a bhaineann le bainistíocht chomhroinnte agus arna sannadh ag na rialtais áitiúla agus ag na Ballstáit, agus ag tabhairt dá haire go ndéanann BEI 457 dtuarascáil ar a laghad a chur i dtoll a chéile in aghaidh na bliana ina leith sin; á chur i bhfios go meastar dímhaorlathú agus simpliú a bheith riachtanach chun gur féidir úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní;
15. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé shainordú de chuid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) á mbainistiú ag BEI i gceithre Bhallstát, a síníodh in 2021 (an Ghréig agus an Iodáil), 2022 (an Rómáin) agus 2024 (an Spáinn), arb ionann iad agus EUR 8,7 billiún san iomlán; á aithint, trí ionstraimí ‘maoinithe nach bhfuil nasctha le costais’ a ghlacadh, ar ionstraimí iad atá leathnaithe go suntasach le RRF, go bhfuil baol ann go mbeidh earráidí agus cistiú dúbailte ann; á chur in iúl gur cúis bhuartha di trédhearcacht, iniúchadh agus faireachán ar chur chun feidhme RRF; á iarraidh ar BEI comhoibriú leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar shrianta acmhainneachta rialtais agus ar an easpa scileanna teicniúla chun a áirithiú go ndéanfar acmhainní RRF a bhainistiú ar bhealach chomh héifeachtach agus is féidir, i gcomhréir le struchtúir náisiúnta agus ceanglais tuairiscithe uile RRF a chomhlíonadh, go háirithe maidir le tionscadail agus athchóirithe infheistíochta a chur chun feidhme; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar BEI, ina ról comhairleach, staonadh ó shásraí maoinithe nua a mholadh bunaithe ar shamhail RRF gan bearta ceartaitheacha a dhéanamh, lena n-áirítear sa chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027 atá ar na bacáin; á chur i bhfáth, cé go bhfuil BEI ag iarraidh simpliú a dhéanamh, nár cheart dó dochar a dhéanamh d’fhóntacht bhainistiú acmhainní an Aontais ná don chumas maoirseacht agus cuntasacht a choinneáil, mar a shainordaítear sna Conarthaí;
16. á iarraidh go ndéanfar iniúchadh neamhspleách, cuimsitheach ar na hionstraimí comhroinnte riosca uile arna mbainistiú ag Grúpa BEI, lena n-áirítear iad siúd atá nasctha leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun na caighdeáin is airde trédhearcachta, cuntasachta agus seachanta rioscaí cistiúcháin dhúbailte a áirithiú;
Slándáil fuinnimh
17. ag tabhairt dá haire go mbíonn BEI ag tacú go leanúnach le slándáil an tsoláthair, agus is é an dóigh a ndéanann sé amhlaidh, go príomha, ná trí eangacha leictreachais agus bonneagar trasteorann a threisiú, tríd an éileamh ar fhuinneamh a laghdú trí bhíthin tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus trí ghiniúint cumhachta ísealcharbóin a chothú; ag moladh an fhíorais gur thacaigh BEI le gnéithe nua den tslándáil fuinnimh, amhail freagairt ar an éileamh agus stóráil fuinnimh, agus go ndearna sé forbairt soláthair inbhuanaithe amhábhar criticiúil (CRM) atá riachtanach don aistriú fuinnimh a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí anailís phráinneach ar fhíorthionchar na dtionscadal sin a cuireadh chun feidhme go dtí seo, go háirithe ar a dtionchar ar infhaighteacht agus ar chostas fuinnimh agus, dá bhrí sin, ar iomaíochas ginearálta chuideachtaí na hEorpa;
18. á athdhearbhú gur gá aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ag cur béim ar an ngá atá le haistriú fuinnimh atá cothrom agus cuimsitheach; á mheabhrú go bhfuil an ghéarchéim fuinnimh ag cur leis an mboilsciú, ag méadú neamhshlándáil an tsoláthair bia agus ag cur brú ar bhuiséid teaghlaigh; ag spreagadh BEI chun an Sásra um Aistriú Cóir agus an Ciste don Nuachóiriú a ghiaráil chun tacú leis na réigiúin agus na pobail is mó a ndéanann an t-aistriú fuinnimh difear dóibh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Sásra um Aistriú Cóir a úsáid chun tacú le hoibrithe agus le réigiúin a ndéanann céimniú amach breoslaí iontaise difear dóibh, lena n-áirithítear rochtain ar athoiliúint agus ar phoist ardcháilíochta; á aithint go bhfuil go leor earnálacha ag dul i ngleic le dúshláin a eascraíonn as éifeachtaí comhcheangailte an oiriúnaithe do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus as iarmhairtí na géarchéime fuinnimh agus an bhoilscithe; á chur i bhfáth gur gá a gcostais a thabhairt go leibhéal atá iomaíoch le breoslaí iontaise agus dul in oiriúint don athchóiriú leanúnach ar na beartais ghlasa chun dlús a chur le húsáid teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin;
19. á aithint gur gné nua ríthábhachtach é plean REPowerEU i bhfreagairt bheartais an Aontais ar an ngéarchéim fuinnimh; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i mí Iúil 2023, a rinne Grúpa BEI spriocanna maoinithe ghealltanas mhí Dheireadh Fómhair 2022 a mhéadú ó EUR 30,0 billiún go dtí 2027 go EUR 45,0 billiún (REPowerEU+), chun dlús a chur lena iarrachtaí ar thacú le slándáil fuinnimh an Aontais Eorpaigh; á iarraidh go dtabharfaí forléargas soiléir ar chistiú dúbailte a d’fhéadfadh a bheith ann do thionscadail fuinnimh;
20. á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, in 2023, a sholáthair BEI tuairim is EUR 21.4 billiún de mhaoiniú le haghaidh tionscadail fuinnimh, ar de sin a soláthraíodh thart ar EUR 19,8 billiún san Aontas Eorpach agus EUR 1,6 billiún lasmuigh den Aontas Eorpach; á mheas gur gá ní hamháin méid an mhaoinithe do thionscadail a bhaineann le fuinneamh a mhéadú, ach éifeachtúlacht na n-infheistíochtaí a mhéadú freisin; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, a thábhachtaí atá comhthairiscint BEI ar chúnamh teicniúil inniúil agus ar thacaíocht airgeadais nuálach, agus ag spreagadh an Bhainc chun raon na dtáirgí nuálacha maoinithe a thairgtear d’oibreoirí eacnamaíocha a leathnú, a théann níos faide ná an tairiscint mhargaidh chaighdeánach;
21. á chreidiúint gur féidir le hidrigin agus a díorthaigh, go háirithe nuair a fhaightear ó fhuinneamh in-athnuaite iad, rannchuidiú go suntasach le spriocanna dícharbónaithe an Aontais agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú; ag tathant ar BEI ról ceannasach a ghlacadh maidir le hinfheistíochtaí príobháideacha a shlógadh, atá bunriachtanach chun táirgeadh hidrigine a mhéadú ar fud an Aontais, agus neodracht theicneolaíoch á háirithiú ag an am céanna agus tacú le raon éagsúil réiteach nuálach ar dhícharbónú, lena n-áirítear tuilleadh taighde eolaíoch atá dírithe ar éifeachtúlacht na teicneolaíochta hidrigine a fheabhsú agus a chobhsú; ag spreagadh an Bhainc cost-éifeachtúlacht na dtionscadal sin a mheas ó thaobh a saolré iomláine de;
Beartas cosanta agus slándála
22. á chur in iúl gur geal léi an ról suntasach atá ag Grúpa BEI maidir le tacú le beartas cosanta agus slándála an Aontais trí chistiú a chur ar fáil agus infheistíocht phríobháideach a ghiaráil chun neamhspleáchas straitéiseach agus athléimneacht an Aontais a fheabhsú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cumais infheistíochta BEI, lena dtacaítear le tionscnaimh a rannchuidíonn le tionscal cosanta an Aontais a neartú, bonneagar cibearshlándála a chur chun cinn agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí cosanta criticiúla a chur chun cinn;
23. á chur in iúl gur mór aici go socraítear an tslándáil agus an chosaint mar cheann de phríomhthosaíochtaí an Bhainc ina Threochlár Straitéiseach do 2024-2027; á thabhairt chun suntais, i mí na Bealtaine 2024, gur fhormheas Bord Stiúrthóirí BEI Plean Gníomhaíochta Ghrúpa BEI maidir leis an Tionscal Slándála agus Cosanta, a leanann Tionscnamh Straitéiseach Slándála na hEorpa 2022 de chuid Ghrúpa BEI atá dírithe ar thacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíocht dé-úsáide, chun feabhas a chur ar an tacaíocht do thionscal slándála agus cosanta an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcuirtear tacaíocht ó Ghrúpa BEI ar fáil do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha laistigh den earnáil slándála agus cosanta faoin bprionsabal ‘dé-úsáide’, lena seastar leis an gcritéar ‘úsáid shibhialta inchreidte’, ach lena dtarscaoiltear an tástáil ioncaim; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó Bhord Stiúrthóirí BEI an 21 Márta 2025 chun incháilitheacht an Bhainc a leathnú chun tionscal agus bonneagar slándála agus cosanta na hEorpa a mhaoiniú, trína áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí eisiata chomh teoranta agus is féidir ó thaobh raon feidhme de;
24. á chur in iúl gur geal léi infheistíochtaí spriocdhírithe BEI i mbonneagar cosanta agus sibhialtach araon agus ag cur béim ar an ngá atá le hinfheistíocht straitéiseach i dteicneolaíochtaí a fhreastalaíonn ar chuspóirí sibhialta agus cosanta araon, i gcomhréir le spriocanna níos leithne an Aontais maidir leis an nuálaíocht a chur chun cinn agus slándáil an Aontais a fheabhsú; á iarraidh ar Ghrúpa BEI athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar leathnú a bheartais nua maidir le hearraí dé-úsáide;
25. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe sa tionscal slándála agus cosanta agus chun cómhargadh Eorpach don chosaint a fhorbairt; á chreidiúint go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaithe beaga maidir le hacmhainneacht agus neamhspleáchas an Aontais a neartú chun táirgí cosanta nuálacha a fhorbairt; ag spreagadh BEI chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chomhar trasteorann taighde agus forbartha (T&F), go háirithe tríd an mbealach a réiteach do ghníomhaithe beaga chun páirt a ghlacadh i slabhraí soláthair na cosanta; á chur i bhfáth gur féidir le hinfheistíocht mhéadaithe BEI in earnáil na cosanta infheistíocht ó bhainc thráchtála sa réimse céanna a spreagadh agus á mheas gur gá solúbthacht an iasachtaithe do FBManna a mhéadú i ndáil leis sin;
26. ag tabhairt dá haire go dtagann na hacmhainní a leithdháiltear chun tacú le hearnáil na cosanta agus na slándála go príomha ón gCiste Eorpach Cosanta (EDF) (EUR 8 mbilliún), ó Thionscnamh Straitéiseach Slándála na hEorpa (SESI) (EUR 8 mbilliún) agus ón gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP) (EUR 1,5 billiún); á iarraidh go ndéanfaí leithdháileadh tiomnaithe caipitil ar chosaint agus go ndéanfaí raon feidhme na n-infheistíochtaí incháilithe a choigeartú tuilleadh chun an ról uaillmhianach a chomhlíonadh maidir le rannchuidiú le síocháin agus slándáil na hEorpa a leagtar síos sa Pháipéar Bán maidir le hUllmhacht Cosanta Eorpach 2030 do Ghrúpa BEI; á chur in iúl gur geal léi gur comhtháthaíodh SESI de chuid BEI atá ann cheana, ar fiú EUR 8 mbilliún é, i sprioc thrasearnálach bhuan maidir leis an mbeartas poiblí agus gur cuireadh deireadh le huasteorainn réamhshainithe do mhaoiniú sa réimse sin. á chreidiúint go gcuirfidh na bearta sin ar chumas an Bhainc freagairt do na riachtanais infheistíochta sa tslándáil agus sa chosaint, agus a oibríochtaí agus a staid láidir airgeadais á gcoimirciú ag an am céanna; á chreidiúint go gcumasóidh an cinneadh a rinne an Bord Gobharnóirí i mí an Mheithimh 2024 cóimheas giarála an Bhainc a mhéadú infheistíochtaí méadaithe i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, lena n-áirítear sa tslándáil agus sa chosaint;
27. á chur i bhfios go láidir breisluach na mbeart nuálach atá glactha ag BEI chun dlús a chur le hinfheistíochtaí sa tslándáil agus sa chosaint, agus breisluach an ‘ionaid ilfhreastail’ a ghníomhaíonn mar phointe iontrála aonair do chliaint agus do gheallsealbhóirí seachtracha, a dtugann sé cúnamh saineolach dóibh chun rochtain a chuíchóiriú agus chun dlús a chur le himscaradh an mhaoinithe atá ar fáil faoi SESI; ag spreagadh BEI leanúint de bhearta comhaontaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena simplítear nósanna imeachta cliant agus lena gcuirtear dlús breise le próisis infheistíochta, agus a áirithiú ag an am céanna go gcaomhnófar rátáil AAA;
28. ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur fhormheas BEI i mí an Mheithimh 2023 méadú ar SESI le haghaidh infheistíochtaí slándála san Aontas ó EUR 6,0 billiún go EUR 8,0 billiún don tréimhse ó 2022 go 2027, lena n-áirítear earnálacha an spáis agus na cibearshlándála freisin; ag spreagadh BEI chun comhpháirtíochtaí institiúideacha a neartú le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus le comhpháirtithe eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais;
29. ag moladh chomhar BEI leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear rialtais na mBallstát, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus Ciste Nuálaíochta ECAT; á chur in iúl gur mór aici, go háirithe, comhar Ghrúpa BEI le GEC agus á chur in iúl gur geal léi gur síníodh nuashonrú ar an meabhrán tuisceana idir an dá chomhlacht an 3 Deireadh Fómhair 2024, rud a chuirfidh ar a gcumas comhpháirtíochtaí straitéiseacha a neartú agus riachtanais mhaoinithe a shainaithint go comhpháirteach chun tacú ar bhealach níos fearr le taighde, forbairt agus nuálaíocht (TFN) i réimse na slándála agus na cosanta san Aontas;
30. á iarraidh ar BEI an comhar sin le príomh-gheallsealbhóirí a neartú tuilleadh d’fhonn tionchar, sineirgí agus comhlántacht le cláir chosanta an Aontais a mhéadú, lena n-áiritheofar go gcomhlánóidh a infheistíochtaí spriocanna beartais cosanta níos leithne an Aontais agus go rannchuideoidh siad le barainneachtaí scála a bhaint amach i gcumais chosanta na hEorpa; á iarraidh ar BEI slándáil agus athléimneacht réigiúnach a fheabhsú, go háirithe in Oirthear na hEorpa agus sa Mheánmhuir trí bhonneagar a chruthú lena dtacaítear leis an tslándáil réigiúnach agus lena gcothaítear comhar níos fearr idir Ballstáit an Aontais maidir le cúrsaí cosanta; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé comhar le Ciste Nuálaíochta ECAT a fhiosrú chun feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta, i gcomhthráth le húsáid Shaoráid Cothromais Cosanta CEI;
Bonneagar sóisialta agus tithíocht
31. á iarraidh ar BEI cur leis an nglacadh riosca do thionscadail a sholáthraíonn seirbhísí bunriachtanacha le tairbhí soiléire agus intomhaiste fadtéarmacha; á chur in iúl gur geal léi, ar an gcaoi sin, gníomhaíochtaí agus bearta Ghrúpa BEI i réimse na tithíochta agus an bhonneagair shóisialta a rannchuidíonn le tithíocht inacmhainne, cuimsiú sóisialta agus forbairt réigiúnach, agus a thacaíonn freisin leis an inbhuanaitheacht agus leis an nuálaíocht; á iarraidh ar BEI tosaíocht a thabhairt dá infheistíochtaí i dtreo na spriocanna sin chun fás eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus comhtháthú réigiúnach níos fearr a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais ag an am céanna; á iarraidh ar an mBanc díriú ar fhorbairt uirbeach inbhuanaithe agus ar fhás cuimsitheach trína áirithiú go gcomhlíonfar riachtanais tithíochta agus bonneagair an Aontais ar mhaithe le hEoraip níos láidre, níos comhtháite agus níos rathúla;
32. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil méadú suntasach tagtha ar chostais ceannaigh agus cíosa tithíochta le blianta beaga anuas, rud a laghdaíonn inacmhainneacht go leor limistéar cathrach san Aontas agus a chuireann teorainn leis an rochtain ar thithíocht; á chur i bhfáth nach mór ról níos láidre a bheith ag BEI maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear tacaíocht don bhonneagar sóisialta in ocht dtosaíocht straitéiseacha Ghrúpa BEI do 2024-2027 agus ag aontú go bhfuil infheistíochtaí i dtithíocht atá tíosach ar fhuinneamh, inbhuanaithe agus inrochtana, agus oideachas atá inrochtana go héasca ríthábhachtach chun borradh a chur faoin táirgiúlacht agus chun sochaithe láidre athléimneacha a chothú; ag spreagadh BEI chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i gcomharchumainn tithíochta, i dtionscadail tithíochta sóisialta agus athchóirithe atá tíosach ar fhuinneamh lena ndírítear ar theaghlaigh ar ioncam íseal; á chreidiúint gur gá bacainní infheistíochta airgeadais agus neamhairgeadais araon a shárú agus acmhainní agus acmhainneachtaí a shlógadh ar mhórscála chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí móra infheistíochta tithíochta san Aontas;
33. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tús curtha ag BEI, i gcomhar leis an gCoimisiún, le hardán infheistíochta uile-Eorpach atá dírithe ar thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a chur chun cinn, lena gcomhcheanglaítear seirbhísí comhairleacha agus maoiniú, agus ag spreagadh na rannpháirtithe leanúint den tionscnamh sin;
34. á chur in iúl gur geal léi tiomantas BEI an brú ar mhargaí tithíochta san Eoraip a mhaolú; á chur i bhfáth go bhfuil méadú suntasach tagtha ar phraghsanna ceannaigh agus cíosa tithíochta le blianta beaga anuas, rud a fhágann inacmhainneacht ceantar meitreapholaiteach iomadúil san Aontas Eorpach a bheith ag dul i laghad agus rochtain orthu sin a bheith á cur i mbaol; ag cur béim ar an bhfíoras go léirítear in anailís BEI go bhfuil thart ar 1,5 milliún aonad tithíochta nua in aghaidh na bliana de dhíth ar an Aontas chun déileáil leis an éileamh, agus gur gá thart ar 75 % de stoc foirgneamh an Aontais a athchóiriú, arb ionann é agus 5 mhilliún aonad breise in aghaidh na bliana; á chur in iúl gur geal léi go dtacaíonn BEI le hatógáil na tithíochta atá ann cheana agus le tógáil cóiríochta sóisialta agus inacmhainne nua; ag spreagadh BEI chun níos mó maoinithe a shlógadh do thionscadail tithíochta inacmhainne i measc na mBallstát;
35. á iarraidh go neartófaí cúnamh teicniúil agus saineolas airgeadais chun tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe i réimsí ina bhfuil acmhainneacht infheistíochta íseal, chun rochtain ar chistiú BEI a fheabhsú; á chreidiúint gur cheart go gcothódh comhar le húdaráis áitiúla, le rialtais áitiúla agus le hionadaithe na sochaí sibhialta forbairt tithíochta sóisialta atá oiriúnach do chách a chothú, agus go háirithe do na daoine is leochailí; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil éifeachtacht ghníomhaíocht BEI in earnáil na tithíochta agus an bhonneagair shóisialta ag brath freisin ar dheireadh a chur le constaicí beartais agus rialála;
36. ag tabhairt dá haire gur shínigh BEI, in 2023, EUR 8,3 billiún de thacaíocht airgeadais d’oibríochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, a raibh 65 % de le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh; á iarraidh ar BEI tosaíocht a thabhairt do réitigh fhadtéarmacha inacmhainne agus inrochtana, agus d’infheistíochtaí inbhuanaithe, amhail athchóirithe fuinneamhéifeachtúla agus athúsáid foirgneamh folamh;
37. á chreidiúint gur cheart go n-áiritheodh na hinfheistíochtaí gaolmhara marthanacht leordhóthanach sula n-údarófar aon athrú cinn scríbe nó úsáide;
38. á iarraidh ar BEI tógáil ar a thaithí sheanbhunaithe mar luasaire infheistíochtaí Eorpacha agus a acmhainneacht a chur in úsáid freisin in earnálacha an oideachais agus na hoiliúna agus an chúraim sláinte, lena n-áirítear trí sheirbhísí comhairleacha; á iarraidh ar an mBanc tacaíocht d’acmhainneachtaí cúraim sláinte a neartú, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, agus ar an gcaoi sin ról níos láidre a áirithiú don Eoraip sa domhan;
Tacaíocht do FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis agus gnólachtaí i gceantair thuaithe agus iargúlta, Aontas na Margaí Caipitil agus ról CEI
39. á thabhairt chun suntais go bhfuil FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais; ag tabhairt dá haire go mbíonn bacainní suntasacha roimh na gnólachtaí sin maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú, ar mhargaí agus ar thallann, rud a chuireann srian ar a bhfás; á dhearbhú go bhfuil fás gnó, dinimiceas agus infheistíocht phoiblí bunriachtanach chun nuálaíocht, iomaíochas agus táirgiúlacht a chothú; ag spreagadh Ghrúpa BEI leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, go háirithe sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, trí chláir airgeadais shaincheaptha, sásraí comhroinnte riosca agus ionstraimí airgeadais spriocdhírithe, agus breisíocht na n-acmhainní poiblí chun na gcríoch sin á háirithiú agus plódú caipitil phríobháidigh á sheachaint; ag tabhairt dá haire gur féidir ionstraimí éagsúla chun tacú le hiasachtú do ghnólachtaí a chomhcheangal ag brath ar an gcomhthéacs, agus go ndíríonn ionstraimí éagsúla Ghrúpa BEI ar theipeanna margaidh agus ar chineálacha éagsúla gnólachtaí; á chur i bhfáth gur gá cúnamh teicniúil a chur ar fáil do FBManna sula bhformheasfar an tionscadal, chun rochtain ar chistiú BEI a fheabhsú;
40. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh forbairt margaidh urrúsúcháin a fheidhmíonn go maith a bheith ina chéad chéim thábhachtach i dtreo Aontas láidir na Margaí Caipitil (CMU) a bhunú; á chreidiúint go rachaidh Aontas na Margaí Caipitil chun tairbhe do thomhaltóirí agus do FBManna trí dheiseanna infheistíochta ardtáirgeachta a thairiscint san fhíorgheilleagar agus, ar deireadh, go gcuirfidh sé borradh faoin margadh caipitil fiontair trí rochtain ar fhoinsí cistiúcháin éagsúlaithe a fheabhsú; á chreidiúint gur cheart go mbeadh sé ina thosaíocht gnólachtaí Eorpacha atá i mbun fáis a mhaoiniú le caipiteal Eorpach, mar a léiríodh leis an Tionscnamh Eorpach um Churaidh Teicneolaíochta, a seoladh i mí Feabhra 2023 chun cuideachtaí teicneolaíochta Eorpacha a bhfuil gealladh fúthu a mhaoiniú agus chun cosc a chur ar ghnólachtaí a dhíol le hinfheisteoirí coigríche mar gheall ar an easpa infheistíochta Eorpaí; ag spreagadh CEI féachaint an bhféadfaí an dara glúin den tionscnamh sin a bhunú; á thabhairt faoi deara go bhfuil an Tionscnamh Eorpach um Ghnólachtaí atá i mbun Fáis, a bhfuil sé d’aidhm aige maoiniú ríthábhachtach a sholáthar le haghaidh chuideachtaí ardteicneolaíochta na hEorpa agus iad ar shéala a bheith ina gcuideachtaí cruthanta, ina chomhlánú ar Thionscnamh Crann Taca Teicneolaíochta na hEorpa; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh na hinfheistíochtaí sin i gcomhréir le gníomhaíochtaí beartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi laigí comparáideacha mhargadh caipitil fiontair na hEorpa i ndáil le margaí iomaitheoirí eile, agus gur minic a bhíonn sé d’oibleagáid ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí Eorpacha atá i mbun fáis ceannaitheoirí eachtracha a athlonnú nó a chuardach nó brath ar fhoinsí maoinithe seachas caipiteal fiontair, rud a fhágann nach mbíonn siad chomh hoiriúnach céanna d’ardfhás;
41. ag aithint gurb é misean CEI tacú le rochtain a bheith ag micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide Eorpacha ar mhaoiniú; á chreidiúint gur cheart do CEI dlús suntasach a chur lena ghníomhaíochtaí chun éiceachóras caipitil fiontair na hEorpa a fhorbairt, agus cothromaíocht gheografach á coinneáil ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí CEI a neartú, infheistíocht mhéadaithe in earnálacha ardfháis a chumasú, comhroinnt riosca idir infheisteoirí poiblí agus príobháideacha a fheabhsú, agus nuálaíocht a chur chun cinn ar fud na hEorpa; á mheas gur gá faireachán a dhéanamh ar an ráta méadaithe tacaíochta do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide;
42. ag spreagadh CEI chun a uirlisí faireacháin a fhorbairt tuilleadh chun feidhmíocht fhadtéarmach cistí caipitil fiontair agus oibríochtaí maoinithe FBManna a rianú ar bhealach níos fearr, go háirithe maidir le cruthú post, scaipeadh nuálaíochta agus tionchar réigiúnach; á chur i bhfáth freisin go bhfuil ról ríthábhachtach ag cuideachtaí móra Eorpacha i struchtúr eacnamaíoch na hEorpa, go háirithe iad siúd atá ag feidhmiú in earnálacha bunriachtanacha amhail fuinneamh, cosaint agus bonneagar; á iarraidh go mbeadh cur chuige cothrom ann lena n-áiritheofar go leanfaidh BEI de thacaíocht a thabhairt do chuideachtaí móra Eorpacha chun caipiteal infheistíochta a áirithiú do mhórthionscadail agus do thionscnaimh taighde agus forbartha, agus ar an gcaoi sin iomaíochas domhanda na hEorpa a fheabhsú;
43. ag moladh Ghrúpa BEI as tacaíocht a thabhairt do thart ar 400 000 FBM agus cuideachta mheánchaipitlithe in 2023 amháin, trí bhíthin EUR 31,1 billiún de mhaoiniú, lena n-áirítear iasachtaí agus ráthaíochtaí do ghnólachtaí, (ar de sin a bhain CEI leas as EUR 14,9 billiún), ar slógadh os cionn EUR 134 bhilliún dá bharr, agus ag tabhairt dá haire gur oibrigh sé i gcomhar le beagnach 300 institiúid chomhpháirtíochta ar fud na hEorpa chun na críche sin; ag spreagadh BEI chun leanúint dá ról maidir le feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do FBManna, a mbíonn bacainní rompu go minic ar chistiú ó institiúidí airgeadais traidisiúnta, lena gcuirtear maoiniú spriocdhírithe ar fáil chun acmhainní leordhóthanacha a áirithiú chun fás agus rath a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi agus á iarraidh go ndéanfaí líon na n-institiúidí comhpháirtíochta a leathnú go leanúnach chun cumhdach leathan geografach agus earnála a bhaint amach;
44. á mheabhrú gur scoireadh de leas a bhaint as an gCiste Ráthaíochta Eorpach in 2023 agus go ndearnadh eisíocaíochtaí, a bhfuil sé d’aidhm acu cuidiú le FBManna téarnamh ó dhrochthionchar na paindéime, le tuairim is 200 000 FBM ar fud an Aontais; ag meabhrú gur léiríodh imní i rúin roimhe seo faoi thrédhearcacht na bpróiseas cinnteoireachta agus faoi fhaisnéis ar na faighteoirí deiridh;
45. á chur in iúl gur geal léi go gcuimsíonn bearta CEI maidir le frithsciúradh airgid, cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus seachaint cánach measúnuithe riosca do tháirgí agus d’idirbhearta, dícheall cuí críochnúil ar chontrapháirtithe agus scagadh a dhéanamh ar na struchtúir úinéireachta agus ar phríomhdhaoine aonair i gcoinne smachtbhannaí agus na meáin dhíobhálacha; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach oiliúint éigeantach foirne agus gur tugadh comhaontú i gcrích le hAonad um Fhaisnéis Airgeadais Lucsamburg maidir le tuairisciú agus obair leantach ar aon idirbhearta amhrasacha a bhraitear;
46. á iarraidh ar Ghrúpa BEI beartas cuimsitheach agus ceangailteach uile-ghrúpa cosanta do sceithirí a bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937(4), lena n-áiritheofar bealaí tuairiscithe slána, cosaint i gcoinne frithbhirt, agus sásraí leantacha iomlána;
Príomhréimsí beartais an chomhtháthaithe, an ghníomhaithe ar son na haeráide agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil, agus an digitithe
47. á chur in iúl gur mór aici gur gheall BEI ina threoshuíomh comhtháthaithe 2021-2027 40 % ar a laghad dá mhaoiniú iomlán san Aontas a thiomnú idir 2022 agus 2024 do thionscadail i réigiúin chomhtháthaithe; ag tabhairt dá haire, in 2023, gurbh ionann an maoiniú sin agus EUR 29,8 billiún, arb ionann é agus 45 % de shínithe iomlána an Bhainc san Aontas; á chur i bhfios go láidir gur tháinig méadú ar an sciar sin de mhaoiniú BEI a leithdháiltear ar réigiúin bheagfhorbartha ó 24 % in 2022 go 26 % in 2023, rud a d’fhág gur méid EUR 17,2 billiún a bhí ann, atá i bhfad os cionn na sprice 21 % a leagtar síos i dTreoshuíomh Comhtháthaithe BEI do 2023; á iarraidh an athuair ar BEI leanúint d’fhaireachán, d’anailís agus d’aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh lena gcuirtear cosc ar réigiúin nó ar thíortha áirithe tairbhe iomlán a bhaint as tacaíocht agus cúnamh airgeadais BEI;
48. ag aithint an róil atá ag CEI maidir le rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas trí raon leathan ionstraimí airgeadais; ag tabhairt dá haire gurbh ionann gealltanais CEI maidir le ráthaíochtaí creidmheasa, caipiteal fiontair agus infheistíochtaí cothromais phríobháidigh do réigiúin chomhtháthaithe in 2023 agus EUR 6,8 billiún, arb ionann é agus 48 % de ghealltanais iomlána CEI san Aontas; ag tabhairt dá haire go raibh CEI gníomhach go háirithe in 2023 i Lár agus in Oirthear na hEorpa;
49. ag tabhairt dá haire go n-áirítear i gCreat Inbhuanaitheachta Comhshaoil agus Sóisialta BEI beartas agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta athbhreithnithe lena gcuirtear cur chuige comhtháite chun cinn maidir le measúnú tionchair agus riosca agus bainistiú riosca;
50. ag aithint gur thacaigh Seirbhísí Comhairleacha BEI le níos mó ná 1 000 tionscadal i réigiúin chomhtháthaithe le 15 bliana anuas; á iarraidh ar an mBanc deiseanna maoinithe a chur chun cinn go gníomhach i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, lena n-áirítear trí bhorradh a chur faoi sheirbhísí comhairleacha a bheith in oifigí áitiúla BEI; á mheas gur gá dáileadh geografach thacaíocht BEI chun comhtháthú sóisialta a mhéadú a chur san áireamh freisin;
51. á thabhairt chun suntais tionscnaimh BEI i réigiúin chomhtháthaithe chun tacú leis an earnáil cúraim sláinte, lena n-áirítear clár HERA Invest, ráthaíocht EUR 100 milliún a bunaíodh leis an gCoimisiún chun tacú le taighde agus forbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí práinneacha sláinte trasteorann; ag moladh do BEI chun infheistíochtaí spriocdhírithe a chur chun cinn i bpríomhchumasóirí sistéamacha amhail cúram sláinte, oideachas, tithíocht shóisialta, nascacht dhigiteach agus maoiniú áitiúil do chathracha agus do réigiúin, lena n-áiritheofar cothromaíocht gheografach níos fearr, trí iasachtú díreach nó trí ionstraimí airgeadais, agus sineirgí a ghiaráil idir deontais an Aontais agus iasachtaí BEI chun nascacht iarnróid trasteorann a fheabhsú, rud atá ríthábhachtach chun comhtháthú níos fearr laistigh de mhargadh aonair an Aontais;
52. ag aithint gur Banc Aeráide AE é treoshuíomh straitéiseach BEI ó 2019 i leith; ag cur béim ar an bhfíoras gurb amhlaidh, in 2023 amháin, a shínigh BEI EUR 41,8 billiún de mhaoiniú le haghaidh an ghníomhaithe ar son na haeráide agus EUR 25,1 billiún de mhaoiniú le haghaidh na hinbhuanaitheachta comhshaoil (EUR 35,1 billiún agus EUR 15,9 billiún, faoi seach, in 2022); ag tabhairt dá haire gurbh ionann maoiniú BEI d’oiriúnú don athrú aeráide agus EUR 2,7 billiún in 2023, arbh ionann é agus 6,4 % dá ghníomhú iomlán ar son na haeráide (i gcomparáid le EUR 1,9 billiún, nó 5,4 %, in 2022); á chur in iúl gur geal léi gurbh ionann an maoiniú don ghníomhú ar son na haeráide agus don inbhuanaitheacht comhshaoil, ina iomláine, agus 60 % de mhaoiniú BEI in 2023; á iarraidh go gcoinneofaí neodracht theicneolaíoch ina straitéis infheistíochta maidir leis an aeráid agus maoiniú inbhuanaithe;
53. á mheabhrú gur bunaíodh le Beartas BEI um Iasachtú Fuinnimh (ELP), a glacadh in 2019, ‘céimniú amach tacaíochta do thionscadail fuinnimh atá ag brath ar bhreoslaí iontaise neamhlaghdaithe’ agus gur tugadh isteach idirthréimhse ina bhféadfadh an Banc leanúint de thionscadail atá faoi bhreithmheas cheana féin a fhormheas, ach nár fhormheas an Bord Stiúrthóirí aon tionscadal den sórt sin tar éis dheireadh 2021; á thabhairt dá haire, in 2022, gur thug Grúpa BEI síneadh sealadach agus eisceachtúil isteach ar na díolúintí ó Chreat Ailíniú Pháras do Chontrapháirtithe (ar a dtugtar PATH) chun tacú le REPowerEU, chun tionscadail a chumhdach a bhfuil ardábhar nuálach agus tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha san Aontas acu; á thabhairt faoi deara, in 2023, gur chinn Grúpa BEI an síneadh sealadach agus eisceachtúil céanna a chur i bhfeidhm freisin maidir le tionscadail de mheon REPowerEU lasmuigh den Aontas; ag tabhairt dá haire go meastar go mbeidh na síntí sealadacha agus eisceachtúla sin i bhfeidhm go dtí 2027, faoi réir athbhreithniú ar threochlár an Bhainc Aeráide a bhfuiltear ag dréim leis in 2025; ag meabhrú a rúin roimhe seo(5) agus á áitiú go gcuireann PATH an creat iomchuí ar fáil chun tacú le contrapháirtithe ar a gconairí chun ailíniú le cuspóirí Chomhaontú Pháras; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfidh BEI dlús lena rannpháirtíocht lena chliaint uile chun forbairt a bpleananna dícharbónaithe a chothú;
54. ag cur sonrú san athbhreithniú meántéarma ar Threochlár Bhanc Aeráide Ghrúpa BEI, a formheasadh in 2023, lena n-áirítear creat simplithe Ailínithe Pháras do mhicrifhiontair, an t-athbhreithniú ar cheanglais nochta chreat PATH d’idirghabhálaithe airgeadais agus síneadh sealadach ar liosta na dtíortha inar féidir le BEI gníomhú mar airgeadaí aonair de thionscadail um oiriúnú don athrú aeráide mar gheall ar a leochaileacht ar leith i leith an athraithe aeráide;
55. á chur in iúl gur geal léi gur chuir Grúpa BEI talmhaíocht agus bithgheilleagar san áireamh i measc a phríomhthosaíochtaí, ach ag tabhairt dá haire nach bhfuair an talmhaíocht, an t-iascach agus an fhoraoiseacht ach 1,1 % de stoc iasachtaithe BEI in 2023; á mheas go bhfuil sé tábhachtach do BEI méideanna suntasacha a chlárú chun earnáil na talmhaíochta a mhaoiniú agus trí nósanna imeachta simplithe;
56. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an talmhaíocht ina príomhspreagadh don fhás agus don fhorbairt i gceantair thuaithe; ag aithint na ndúshlán méadaitheach atá roimh earnáil na talmhaíochta agus gur gá d’fheirmeoirí an Aontais iad féin a chur in oiriúint do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh agus boilsciú atá ag dul i méid a bhainistiú; á iarraidh ar Ghrúpa BEI tacaíocht a fheabhsú agus nuálaíocht a chothú don earnáil ríthábhachtach sin, a bhfuil ról suntasach aici maidir le slándáil bia a áirithiú, agus leas á bhaint as cur chuige Aon Sláinte Amháin AE trí shláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil a chomhtháthú chun córais agraibhia inbhuanaithe, athléimneacha agus tháirgiúla a chruthú; á thabhairt chun suntais na dúshláin airgeadais atá roimh fheirmeoirí, go háirithe oibreoirí óga agus beaga, ag tabhairt dá haire go mbíonn rátaí ratha níos ísle ag feirmeoirí agus ag na fiontair san earnáil sin agus iad ag cur isteach ar mhaoiniú;
57. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh cur chuige aistrithe cóir ag tacaíocht BEI chun talmhaíocht inbhuanaithe a bhaint amach lena gcosnaítear an comhshaol, sláinte an duine agus leas ainmhithe, agus feabhas á chur ag an am céanna ar shlite beatha feirmeoirí, go háirithe d’fheirmeacha beaga agus meánmhéide; á áitiú go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le ceantair thuaithe chun forbairt chothrom agus chuimsitheach, athnuachan ó ghlúin go glúin agus rochtain chomhionann ar dheiseanna airgeadais do mhná agus d’fhir a chur chun cinn; ag athdhearbhú a hiarrata ar Ghrúpa BEI a rannpháirtíocht in earnáil na talmhaíochta a mhéadú trí rochtain ar chistiú a fheabhsú;
58. á chur in iúl gur mór aici go bhfuil Grúpa BEI ar cheann de phríomhthacaithe an digitithe san Aontas, go háirithe maidir le bonneagar digiteach a mhaoiniú agus tacú le gnólachtaí nuathionscanta digiteacha nuálacha; ag spreagadh BEI chun feabhas a chur ar a thacaíocht do líonraí digiteacha lena neartaítear uathriail theicneolaíoch agus nuálaíocht an Aontais in eochairtheicneolaíochtaí;
59. á chreidiúint go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach phoiblí i mbonneagar teileachumarsáide, go háirithe i gceantair thuaithe, chun neamhionannas digiteach a laghdú agus eisiamh sóisialta a chosc; ag spreagadh BEI chun tacú le saoránaigh Eorpacha litearthacht dhigiteach leormhaith a fháil chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine scothaosta agus orthu siúd atá faoi mhíchumas;
60. á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag earnáil na cibearshlándála maidir le gnólachtaí agus rialtais a chosaint ar ardbhagairtí digiteacha agus ar thionchar eachtrach; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú ar infheistíochtaí slándála ó EUR 6 bhilliún go EUR 8 mbilliún, arna maoiniú trí SESI chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála, lena n-áirítear iad siúd i dtionscal an Spáis Nua;
61. á chur in iúl gur geal léi fócas BEI ar chomhionannas inscne agus ar chumhachtú eacnamaíoch na mban, rud a d’fhág go ndearnadh infheistíocht EUR 5,8 billiún san iomlán sa réimse sin in 2023 (i gcomparáid le EUR 5,1 billiún in 2022); á chreidiúint go bhféadfadh BEI méadú breise a dhéanamh ar iasachtaí micreamhaoiniúcháin do ghnólachtaí atá faoi stiúir ban, a bhfuil idirdhealú fós le déanamh orthu i dtaca le rochtain ar mhaoiniú;
62. á thabhairt chun suntais go bhfuil slándáil soláthair amhábhar criticiúil ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach araon, agus d’earnáil na cosanta agus do bhonn tionsclaíoch an Aontais i gcoitinne; á iarraidh ar BEI infheistíochtaí in earnáil CRM a mhéadú chun cabhrú le soláthar amhábhar príomhúil agus tánaisteach araon a éagsúlú agus chun réitigh an gheilleagair chiorclaigh a fhorbairt, go háirithe T & F le haghaidh ábhair mhalartacha, amhail ábhair bhithbhunaithe; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur glacadh tionscnamh straitéiseach nua CRM an 21 Márta 2025, lena bhfuiltear ag dréim le maoiniú EUR 2 bhilliún d’infheistíocht CRM in 2025, Tascfhórsa nua CRM agus ionad ilfhreastail tiomnaithe chun píblíne oibríochtaí CRM agus gníomhaíochtaí comhairleacha agus saineolas teicniúil agus comhpháirtíochtaí méadaithe a thógáil agus a bhainistiú;
Gníomhaíochtaí BEI lasmuigh den Aontas Eorpach
63. á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, agus é dhá bhliain ar an bhfód, a sholáthair BEI Domhanda EUR 8,4 billiún de mhaoiniú (i gcomparáid le EUR 9,1 billiún in 2022); ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ós rud é go bhfuil maoiniú BEI Dhomhanda teoranta do 50 % de chostas iomlán tionscadail, a bhíonn infheistíochtaí á cómhaoiniú i gcomhar le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta agus bainc forbartha iltaobhacha go féiltiúil; á iarraidh ar BEI agus ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh in iniúchadh inmheánach agus i bhfeidhmeanna rialaithe neamhspleácha chun sláine agus fóntacht na n-oibríochtaí uile a ráthú;
64. á mheabhrú go bhfuil BEI Domhanda i measc phríomhghníomhaithe cur chun feidhme na Tairsí Domhanda Eorpaí agus, dá réir sin, go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfidh sé na caighdeáin is airde trédhearcachta agus cuntasachta i bhfeidhm;
65. ag tabhairt dá haire gur ghlac Bord Stiúrthóirí BEI Treochlár Straitéiseach Domhanda BEI agus go bhfuil sé tiomanta cearta an duine agus an smacht reachta a urramú agus a chur chun cinn sna tionscadail a dtacaíonn sé leo;
66. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh idirghabhálacha Ghrúpa BEI san Úcráin á dtreorú ag na tosaíochtaí maidir le hatógáil na tíre a comhaontaíodh leis an Aontas, agus go mbeidh siad comhsheasmhach leis na modhanna agus na creataí a leagtar amach i bPlean na hÚcráine agus le forálacha Chonarthaí AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil breis iarrachtaí á ndéanamh ag BEI chun tabhairt faoi chalaois agus éilliú i ndáil le tionscadail sin Ghrúpa BEI arna gcur chun feidhme san Úcráin; á iarraidh go leanfaí de choinníollacht iomchuí a chur i bhfeidhm maidir leis an gcúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil don Úcráin, agus béim á leagan ar shásraí éifeachtacha formhaoirseachta a áirithiú, amhail rochtain ar fhaisnéis agus ar áitribh, agus ar fhaireachán a dhéanamh ar chuairteanna, agus á iarraidh go leathnófaí coinníollacht chuig gach tír nach bhfuil san Aontas a gcuireann sé maoiniú ar fáil dóibh;
67. ag tathant go neartófaí cumas riaracháin agus iniúchóireachta údaráis na hÚcráine atá freagrach as gníomhaíochtaí cistithe a chur chun feidhme, faireachán, rialú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, go háirithe chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh maoirseacht shoiléir agus neamhshrianta ag BEI i gcónaí;
68. á chreidiúint go bhfágfaidh ról treisithe a bheith ag BEI go mbeidh breisluach ag roinnt le hatógáil na hÚcráine agus an próiseas um méadú araon agus leis na comhpháirtíochtaí ionchasacha faoi chlár oibre Global Gateway an Aontais agus an beartas comharsanachta agus go mbeifear in ann tacú tuilleadh leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; ag moladh don Choimisiún breis comhair a dhéanamh le BEI chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le fuinneamh agus amhábhair, a threisiú;
69. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh, in 2024, an tSaoráid don Úcráin, a leanann tionscnamh BEI don Úcráin (EU4U) agus lena mbunaítear sásra tacaíochta bunaithe ar acmhainní buiséadacha an Aontais; ag spreagadh na mBallstát chun a áirithiú go leanfar de thacaíocht láidir a chur ar fáil don tír i gcomhréir lena riachtanais;
70. á chur i bhfáth gurb amhlaidh, chun tacú leis an Úcráin, atá punann iasachta dar luach os cionn EUR 7 mbilliún tiomargtha ag BEI ó thús na coinbhleachta leis an Rúis in 2014; á chur i bhfios go láidir gurbh ionann risíocht BEI (idir eisíoctha agus gan a bheith eisíoctha go fóill) agus EUR 5,750 billiún amhail an 31 Nollaig 2023, a cumhdaíodh go príomha le ráthaíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur dheonaigh an Banc ráthaíochtaí airgeadais freisin ar neamhchosaintí do chontrapháirtithe atá lonnaithe san Úcráin, a chumhdaítear go hiomlán le Ráthaíochtaí Cuimsitheacha AE, ar mhéid sínithe de EUR 388,7 milliún ag deireadh 2023 (i gcomparáid le EUR 478,8 milliún ag deireadh 2022);
71. ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar rannpháirtíocht airgeadais BEI san Úcráin; á iarraidh ar an mBanc nuashonruithe rialta, mionsonraithe a chur ar fáil don údarás buiséadach agus do na comhlachtaí iniúchóireachta ábhartha maidir le heisíocaíocht agus cur chun feidhme na gcistí a chumhdaítear le ráthaíochtaí an Aontais;
72. á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar díréireach ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar réigiúin thoir an Aontais atá ar theorainn na Rúise agus na Bealarúise; ag tarraingt aird ar na costais a sheasann na réigiúin agus na Ballstáit sin mar thoradh ar a dteorainn chomhroinnte le tíortha comharsanacha naimhdeacha, go háirithe an gá atá acu cistí poiblí a atreorú níos mó i dtreo na slándála, na cosanta agus na hullmhachta, agus ag an am céanna déileáil le hacmhainní atá laghdaithe go mór mar gheall ar chur isteach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, ar thrádáil trasteorann agus ar mhalartuithe eile, agus i gcláir chomhtháthaithe; á iarraidh ar BEI é sin a chur san áireamh ina chinntí maoinithe;
73. á chur in iúl gur geal léi na hinfheistíochtaí suntasacha a rinneadh sa Mholdóiv chun tacú leis an athléimneacht eacnamaíoch, chun feabhas a chur ar an tslándáil fuinnimh, chun feabhas a chur ar an mbonneagar agus chun cabhrú le dul chun cinn na tíre i dtreo lánpháirtiú an Aontais; á aithint gur infheistigh BEI domhanda EUR 1,2 billiún in 2023, móide EUR 700 milliún breise sna Balcáin Thiar chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus chun gréasáin iarnróid a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar in 2024 agus an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis don Mholdóiv a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa;
74. ag aithint an róil atá ag BEI maidir le tacú leis na Balcáin Thiar agus iad ag iarraidh ballraíocht san Aontas a bhaint amach, i gcomhréir le beartas an Aontais um méadú; á thabhairt faoi deara gur infheistigh BEI Domhanda EUR 1,2 billiún sna Balcáin Thiar in 2023, lenar slógadh breis agus EUR 6 bhilliún in infheistíochtaí; ag tabhairt dá haire gur leithdháileadh formhór an mhaoinithe ar nascacht inbhuanaithe, agus ina dhiaidh sin línte creidmheasa do FBManna, tionscadail bhonneagair in earnálacha an chúraim sláinte, an oideachais agus na scileanna, agus soláthar uisce agus sláintíocht;
75. á iarraidh ar BEI comhoibriú le hinstitiúidí déthaobhacha agus iltaobhacha eile chun modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le haghaidh anailís tionchair forbartha, d’fhonn breisluach agus tionchair dhearfacha fhadtéarmacha a áirithiú;
Ollstruchtúr cuntasachta BEI
76. á mheabhrú gurb í an Ard-Chigireacht (IG) atá i gceannas ar fhormhaoirseacht inmheánach BEI, ina bhfuil trí rannán a bhaineann le cuntasacht – meastóireacht ar oibríochtaí, an sásra gearán, agus imscrúdú calaoise – a bhfuil róil chomhlántacha acu agus a rannchuidíonn le láimhseáil chomhsheasmhach líomhaintí agus gearán;
77. á thabhairt faoi deara gur láimhseáil Sásra Gearán BEI (BEI-CM) 104 chás san iomlán in 2023 (97 in 2022); ag tabhairt dá haire go bhfuarthas 60 gearán nua in 2023 (54 in 2022), ar measadh go raibh 44 díobh inghlactha agus gur bhain 29 díobh le tionscadail arna maoiniú ag BEI, a raibh 27 díobh lonnaithe in áiteanna lasmuigh den Eoraip;
78. ag tabhairt dá haire gurb é Coiste BEI um Ghearáin Soláthair coiste neamhspleách sin BEI a láimhseálann gearáin faoi nósanna imeachta soláthair tionscadail a bhaineann le tionscadail arna maoiniú ag BEI in áiteanna lasmuigh den Aontas;
79. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Rannáin Imscrúdaitheach (IG/IN) ar oibriú i gcomhar leis na comhlachtaí eile d’ollstruchtúr frithchalaoise AE, agus ar iarrachtaí a dhéanamh ina dteannta, go háirithe an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a fuair 37 % de na tarchuir arna ndéanamh i leith imscrúduithe in 2023 (27 gcás as 74 chás); ag spreagadh IG/IN a chomhar le gach comhpháirt d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais a neartú;
80. ag tabhairt dá haire go ndéanann IG/IN gníomhaíochtaí réamhghníomhacha braite calaoise trí úsáid a bhaint as an Uirlis Scórála Riosca Calaoise agus Sláine agus as an róbat um Baol Éillithe sa Soláthar agus, in 2023, gur sainaithníodh, in 24 athbhreithniú, spriocanna le haghaidh trí athbhreithniú réamhghníomhacha iomlána agus chríochnúla ar shláine; á iarraidh ar an mBanc measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí na huirlisí digiteacha sin a fheabhsú tuilleadh chun tacú le trédhearcacht agus cuntasacht airgeadais;
81. á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, in ainneoin na n-iarrataí a rinne an Pharlaimint arís agus arís eile, nach bhfuil faisnéis leormhaith ar áireamh i dtuarascáil bhliantúil IG/IN ar mhéid airgeadais na gcásanna a láimhseálann sí, na cistí nó na sainorduithe a ndéantar difear dóibh, na cineálacha tionscadal lena mbaineann, na bearta maolaitheacha arna nglacadh, ról sheirbhísí BEI agus na n-idirghabhálaithe nó na gcomhpháirtithe sna cásanna, nó fiú na Ballstáit lena mbaineann; á iarraidh ar ionadaithe IG/IN leibhéal na rannpháirtíochta, na n-idirghníomhaíochtaí agus na trédhearcachta leis an bParlaimint a mhéadú, go háirithe maidir le rialú na ngníomhaíochtaí airgeadais; ag athdhearbhú a hiarrata ar IG/IN dul níos faide ná tuairisc insinte amháin a thabhairt ar roinnt cás-staidéar, agus léargais luachmhara a thuairisciú go tréimhsiúil ar a mhéid a chosnaítear leasanna airgeadais; á mholadh go nglacfadh IG/IN samhail tuairiscithe atá cosúil leo siúd a úsáideann comhlachtaí imscrúdaitheacha eile, amhail OIPE agus OLAF, ina saothraítear cothromaíocht chuí idir trédhearcacht agus dualgas rúndachta nó rúndachta gairmiúla;
82. á chur in iúl gurb eol di go ndéantar foráil i mBeartas Eisiaimh BEI do phróiseas eisiaimh uathrialach nach bhfuil go hiomlán coibhéiseach le Córas Luathbhraite agus Eisiaimh an Choimisiúin ó thaobh caighdeáin chinnteoireachta, torthaí agus leigheasanna de; ag athdhearbhú a hiarrata ar Ghrúpa BEI agus ar an gCoimisiún comhoibriú chun na bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus leigheasanna a mholadh, lena n-áirítear nós imeachta brostaithe chun cinntí eisiaimh BEI a fhorfheidhmiú tríd an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh; ag tabhairt faoi deara gurb amhlaidh, in 2023, mar thoradh ar imeachtaí eisiaimh bunaithe ar thorthaí IG/IN, a cuireadh cosc ar chúig chuideachta páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht arna maoiniú ag BEI go ceann tréimhse cúig bliana;
83. á chur in iúl gur geal léi gur formheasadh Creat-Bheartas Rialaithe Inmheánaigh Ghrúpa BEI in 2023; ag aithint thorthaí an phróisis ailínithe grúpa idir BEI agus CEI a mhéid a léiríonn siad samhlacha gnó agus struchtúir rialachais éagsúla an dá eintiteas; ag tagairt, go háirithe, do bharúlacha an Choiste Iniúchóireachta gur cheart go bhforbródh iniúchóireacht inmheánach agus an creat rialaithe inmheánaigh araon chun bheith ina bhfeidhmeanna grúpa;
84. ag tabhairt dá haire gurb é iniúchóir seachtrach neamhspleách BEI an tríú líne chosanta; á chur i bhfios go bhfágann uainíocht rialta iniúchóirí agus sannachán dearcthaí úra a bheith ann, agus á thabhairt faoi deara, uime sin, gur cheart uainíocht a dhéanamh ar iniúchóir seachtrach BEI go tréimhsiúil, ach go ndearnadh a shainordú a fhadú go dtí 2027 agus gurb é iniúchóir Ghrúpa BEI é ó bhí 2009 ann;
85. á chur in iúl gur mór aici go bhfuil Creat Bainistithe Riosca Ghrúpa BEI agus na Tuarascálacha leathbhliantúla ó Ghrúpa BEI ar Nochtadh Bainistíochta Riosca éifeachtach agus go bhfuil siad ailínithe le ceanglais agus caighdeáin theicniúla an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh;
86. á chur i bhfáth, in 2023, in ainneoin dálaí deacra margaidh, gur lean punann BEI de leibhéil an-íseal neamhchosaintí neamhthuillmheacha (NPEnna) a léiriú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, fiú má bhaineann cuid shuntasach de phunann iasachta an Bhainc tairbhe as feabhsuithe creidmheasa nó as ráthaíochtaí Bhallstáit AE, go n-eascraíonn ardcháilíocht phunann BEI as cur chun feidhme dícheallach bheartais iasachtaithe BEI an-éifeachtach;
87. á thabhairt chun suntais nach dtagann BEI faoi raon feidhme chur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa, go háirithe an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil(6) agus an Treoir(7) (CRR, CRD), agus dá bhrí sin go bhfuil an Banc i dteideal a cheanglais chaipitil agus leachtachta a chinneadh ar bhealach atá leormhaith agus iomchuí dá ghníomhaíochtaí, dá mhisean agus do dhálaí an mhargaidh; á chur i bhfios go bhfuil Grúpa BEI tiomanta do chomhlíonadh na gcleachtas baincéireachta agus margaidh is fearr agus gur féidir leis a n-infheidhmeacht a chinneadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta; á chur i bhfáth nár cheart go gcruthódh cur chun feidhme na norm sin ualach gan údar; á chur in iúl gur geal léi go ndearna Grúpa BEI an Próiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta go deonach; á chur i bhfios gur cheart go mbeadh sé sin i gcomhréir le struchtúr rialachais agus misean BEI;
88. á chur in iúl go dtuigeann sí gurb amhlaidh, i gcomhréir le riachtanais iomlaoideacha AE, a d’fhormheas institiúidí AE, in 2024, an t-athrú ar an reacht arna mholadh ag Bord Gobharnóirí BEI tríd an teorainn reachtúil ar a chóimheas giarála(8) a leasú agus é a ardú ó 250 % go 290 %, chun a chur ar a chumas do BEI níos mó infheistíochta a dhéanamh gan a bhonn cothromais a mhéadú;
89. ag tabhairt dá haire go bhfágann an cóimheas giarála leasaithe go bhféadfar dul san fhiontar tuilleadh; ag aithint go bhfuil infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite, i mbonneagar inbhuanaithe agus i dteicneolaíochtaí nuálacha ríthábhachtach d’iomaíochas an Aontais, ach gur minic a bhíonn riosca níos mó ag baint leo mar gheall ar éiginnteacht na bhfillteacha; á chur i bhfios go bhféadfadh méadú ar ghlacadh riosca luaineacht thorthaí BEI a mhéadú, ach ag tabhairt faoi deara go gcoinníonn BEI maoláin chaipitil a thacódh le gníomhaíochtaí riosca leathnaithe;
90. á chur in iúl gur cúis mhór imní di staid Northvolt AB, monaróir ceallraí a mheastar a bheith ríthábhachtach san aistriú glas; á chur i bhfáth gur bhain Northvolt tairbhe as pacáiste suntasach iasachtaithe BEI de bheagán os cionn EUR 942,6 milliún mar chuid den mhaoiniú fiachais chun suíomh gigeamhonarchach a leathnú; ag tabhairt dá haire go ndearna Northvolt iarratas ar fhéimheacht i mí an Mhárta 2025; á iarraidh ar BEI mionsonraí a chur ar fáil maidir leis an bpróiseas meastóireachta agus cinnteoireachta chun Northvolt AB a chistiú agus maidir leis na cúiseanna ba chúis le teip an tionscadail;
91. á chur i bhfáth go rabhthas ag dréim leis go méadódh leathnú an láithreáin gigeamhonarcha an acmhainneacht aschuir bhliantúil do tháirgeadh ceallraí agus go raibh tábhacht straitéiseach ag baint leis don iomaíochas domhanda agus go raibh sé comhsheasmhach le straitéisí an Aontais san earnáil;
92. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhord Stiúrthóirí BEI grinn-athbhreithniú inmheánach a sheoladh gan moill mhíchuí chun an damáiste airgeadais, na cúiseanna agus an cúlra a bhaineann le cliseadh an tionscadail shuaitheanta sin a fhíorú agus chun foghlaim ón taithí sin chun atarlú staide comhchosúla a chosc nó chun luathbhrath na staide sin a chumasú;
93. á áitiú gurb an breisluach is mó atá ag roinnt le tacaíocht ón Aontas ná go bhfágann sí gur féidir infheistíochtaí ardriosca i dtionscadail nuálacha a chothú, spriocanna straitéiseacha de chuid an Aontais Eorpaigh a mhéadú agus tabhairt faoi thionscadail aistrithe fhadtéarmacha nach féidir maoiniú a fháil ón earnáil phríobháideach; á chreidiúint, chun a spriocanna maidir le nuálaíocht agus iomaíochas a shaothrú go héifeachtach, gur cheart go ndíreodh clár InvestEU ar infheistíocht ardriosca agus mhéadaithe a mhaoiniú agus gur cheart do Ghrúpa BEI níos mó agus níos mó tionscadal ardriosca a dhéanamh, ar cheart infheisteoirí Eorpacha a bheith rannpháirteach go príomha agus go fabhrach iontu, lena gcomhcheanglaítear imscaradh acmhainní InvestEU atá níos dírithe ar ionsú riosca le treoshuíomh coibhéiseach in úsáid acmhainní airgeadais dílse Ghrúpa BEI; ag tathant ar BEI coinníollacha níos déine a thabhairt isteach chun cosc a chur ar mhaoiniú poiblí an Aontais a úsáid chun cuideachtaí a athlonnaíonn táirgeadh lasmuigh den Eoraip a fhóirdheonú, lena n-áiritheofar go rannchuideoidh gach tionscadal arna chistiú ag BEI le hathléimneacht thionsclaíoch fhadtéarmach na hEorpa;
94. á chur in iúl gurb eol di gur minic is státseirbhísigh ina dtíortha tionscnaimh iad comhaltaí Choiste Bainistíochta BEI sula gcuirtear tús lena dtéarmaí sa Bhanc Eorpach Infheistíochta, a mhaireann idir dhá bhliain agus sé bliana de ghnáth, agus a bhíonn siad i dteideal, uime sin, deiseanna forbartha gairmiúla a shaothrú faoi réir coinníollacha áirithe le linn na tréimhse marana (a fadaíodh go tréimhse 24 mhí tar éis dheireadh a dtéarma sa Bhanc Eorpach Infheistíochta); ag tabhairt dá haire go n-iarrtar ar chomhaltaí an Choiste Bainistíochta an Coiste um Eitic agus um Chomhlíonadh a chur ar an eolas faoi aon chaibidlíocht ar fhostaíocht ionchasach agus formheas a lorg lena haghaidh a luaithe is féidir;
95. ag athdhearbhú go láidir gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile go neartófaí an sásra chun coinbhleachtaí leasa laistigh de BEI a chosc agus chun feabhas a chur ar láimhseáil cásanna den sórt sin, agus chun sainiú níos fearr a dhéanamh ar na téarmaí faoinar féidir le leas-uachtaráin BEI páirt a ghlacadh i gcinntí maidir le hoibríochtaí ina dtíortha tionscnaimh, agus á áitiú go dtabharfar aghaidh ar na hábhair sin in athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar chód iompair an Choiste Bainistíochta;
96. á thabhairt chun suntais gur rialaigh an tOmbudsman Eorpach i gCás 611/2022/KR an 31 Deireadh Fómhair 2023 gur ghlac iar-leas-uachtarán páirt i gcomhaontuithe maoinithe a fhormheas idir BEI agus banc náisiúnta le haghaidh spreagadh(9) ina thír thionscnaimh díreach seachtainí sular tháinig sé chun bheith ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an mbanc náisiúnta le haghaidh spreagadh sin, in ainneoin gur thug Príomhoifigeach Comhlíontachta BEI comhairle i gcoinne na ngníomhaíochtaí sin le linn an phróisis ceapacháin; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an cás seo ann roimh theacht i bhfeidhm chód iompair reatha an Choiste Bainistíochta, ina bhfuil forálacha sonracha anois maidir le fostaíocht ionchasach a chomhaltaí; ag tabhairt dá haire, san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na rialacha is infheidhme maidir lena Choiste Eitice agus Comhlíontachta, go bhfuil gealltanas tugtha ag BEI breithniú a dhéanamh ar mholadh an Ombudsman Eorpaigh cinntí an Choiste a phoibliú;
97. á thabhairt faoi deara go bhfuil bearta maolaitheacha, amhail imfhálú agus tréimhsí marana, ar na clásail réamhchúraim is coitianta a bhíonn le húsáid agus cás imrothlach á láimhseáil agus á chur in iúl go dtuigeann sí gurb iad comhaltaí an Choiste Bainistíochta a chuireann bearta den sórt sin i bhfeidhm, nó a chloíonn leo, lena n-áirítear iadsan a tuairiscíodh sna meáin le deireanas;
98. ag teacht le tuairim an Ombudsman Eorpaigh gur cheart ról Choiste Eitice agus Comhlíontachta BEI a neartú a mhéid a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar na poist nua atá beartaithe do chomhaltaí an Choiste Bainistíochta agus gur cheart go mbeadh sé in ann bearta maolaithe riosca a fhorchur agus a fhorfheidhmiú; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil ról an Choiste um Eitic agus um Chomhlíonadh tar éis éirí níos feiceálaí le blianta beaga anuas agus go bhfuil plé inmheánach ar siúl maidir le conas a éifeachtúlacht a fheabhsú;
99. á iarraidh ar an mBanc borradh a chur faoi rannpháirtíocht cuideachtaí Eorpacha i bpróisis soláthair a sheoltar le haghaidh tionscadail arna maoiniú ag BEI; ag spreagadh an Bhainc chun comhairle a thabhairt d’iasachtaithe tosaíocht a thabhairt d’incháilitheacht do chuideachtaí Eorpacha chun iomaíochas na hEorpa a neartú;
100. ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI ionadaíocht gheografach chuí a áirithiú, lena n-áirítear ar leibhéil na meánbhainistíochta agus na hardbhainistíochta, agus á iarraidh air miondealú bliantúil ar inscne agus ar náisiúntacht a fhoilsiú do phoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta;
Grinnscrúdú, trédhearcacht agus maoirseacht
101. á chur in iúl gur oth léi go mór nach bhfuil rochtain iomlán fós ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) ar na sonraí uile a bhaineann le hoibríochtaí BEI; á aithint nach ndéanann an tAontas gníomhaíochtaí uile BEI a mhaoiniú go díreach agus, dá bhrí sin, nach bhfuil rochtain uathoibríoch ag CIE ar na gníomhaíochtaí uile; á áitiú gur cheart rochtain a bheith ag CIE ar an bhfaisnéis is gá chun measúnú cuimsitheach agus uileghabhálach a dhéanamh ar oibríochtaí uile BEI a bhaineann le cistí an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar trí idirghabhálaithe airgeadais, atá ceaptha chun beartais an Aontais a chur chun feidhme; á iarraidh ar CIE grinnscrúdú iomlán a dhéanamh, ar feadh a cumais, ar na hoibríochtaí uile a bhaineann le buiséad an Aontais ar aon slí;
102. á thabhairt faoi deara go gcuirtear na príomhchúraimí iniúchta ábhartha de chúram ar Choiste Iniúchóireachta BEI, ar comhlacht lán-neamhspleách é; á chreidiúint go bhféadfaí, mar thoradh ar ionadaithe seachtracha cáilithe a bheith rannpháirteach i gcúraimí sonracha de chuid an Choiste Iniúchóireachta, oibiachtúlacht anailísí an Choiste Iniúchóireachta a fheabhsú;
103. ag tabhairt dá haire go n-aimsítear comhréiteach i mBeartas Trédhearcachta BEI idir prionsabal na hoscailteachta agus an gá atá le faisnéis íogair a choimirciú; ag tabhairt faoi deara go léirítear sa bheartas cén fhaisnéis ba cheart a fhoilsiú go réamhghníomhach agus cá huair ba cheart déanamh amhlaidh – lena sonraítear, mar shampla, gur cheart achoimrí ar thionscadail a fhoilsiú trí seachtaine ar a laghad sula ndéantar breithniú i dtaobh maoiniú an tionscadail a bheith á fhormheas ag Bord Stiúrthóirí BEI – agus go leagtar amach ann na maoluithe ábhartha; á iarraidh go gcuirfí faisnéis fhiúntach ar fáil do gheallsealbhóirí sna hachoimrí sin;
104. ag tabhairt dá haire gur fhormheas Bord Stiúrthóirí BEI 449 dtionscadal in 2023 agus gur foilsíodh beagnach gach ceann (94 %) de na hachoimrí ar thionscadail, i bhformhór na gcásanna (57 %) sular formheasadh iad; ag tabhairt faoi deara go ndéantar oibríochtaí uile sin BEI a dhéantar trí idirghabhálaithe airgeadais a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BEI agus go soláthraíonn BEI sonraí arna iarraidh sin;
105. á mheabhrú go bhfuil rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid uile BEI i gcomhréir leis an toimhde i bhfabhar nochtadh; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart gach iarratasóir a chur ar an eolas roimh ré faoi rochtain phoiblí ar dhoiciméid, agus gur cheart aon diúltú a bheith bunaithe ar eisceachtaí sonraithe amháin; á chur i bhfáth gur cheart do BEI breithniú a dhéanamh ar fhaisnéis a fhoilsiú, ar bhealach tráthúil, maidir le réasúnaíocht agus comhthéacs na dtionscadal agus maidir leis an míniú ar a n-ailíniú le spriocanna beartais an Aontais agus ar a rannchuidiú leo; á iarraidh ar BEI torthaí iniúchóireachta ar a oibríochtaí airgeadais is mó a fhoilsiú go córasach, lena n-áiritheofar grinnscrúdú neamhspleách ar a bhainistiú riosca agus ar a mheasúnuithe tionchair; ag dréim leis go ndéanfaidh BEI neamhnochtadh a theorannú do na heisceachtaí is infheidhme a liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001(10) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006(11); á iarraidh go ndéanfar moltaí an Ombudsman arna n-eisiúint tar éis a fhiosrúcháin ar bheartas nochta BEI agus iarrataí gaolmhara ar rochtain ar dhoiciméid a chur chun feidhme ina n-iomláine;
106. á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ghinearálta ar fhaighteoirí uile chistiú an Aontais aitheantas a thabhairt dá bhunús agus infheictheacht aon chistithe ón Aontas a fhaightear a áirithiú; á iarraidh ar Ghrúpa BEI a áirithiú go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh critéir infheictheachta thacaíocht airgeadais AE;
107. á thabhairt chun suntais go bhfuil an Banc ag obair chun an t-am is gá a laghdú chun táirge a thabhairt ó cheapadh go dtí infhaighteacht ar an margadh (am go margadh) trína thimthriallta tionscadail a dhigitiú go hiomlán; á iarraidh ar an mBanc dlús a chur lena iarrachtaí maidir lena oibríochtaí a dhigitiú;
108. ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI a bheartas maidir le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a neartú agus a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear trí staonadh ó chistiú a thabhairt do thairbhithe nó d’idirghabhálaithe airgeadais a bhfuarthas amach go bhfuil baint acu le cleachtais den sórt sin, nó a bhfuil baol mór ann go mbeidh siad rannpháirteach iontu;
109. á athdhearbhú go bhfeabhsófaí idirphlé níos struchtúrtha idir an Pharlaimint agus BEI trí mheabhrán comhair a ghlacadh; ag moladh, ina leith sin, chomhar suaithinseach BEI leis an bParlaimint i ndáil le hullmhú an rúin seo, agus ag tabhairt dá haire gur solaoid fhollasach leathanaigeantachta agus trédhearcachta é;
Gníomh iardain i leith na moltaí ón bParlaimint
110. ag tathant ar BEI leanúint de thuairisciú a dhéanamh ar stádas na moltaí a d’eisigh an Pharlaimint roimhe seo, go háirithe maidir leis na torthaí a baineadh amach agus tionchar na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun a thosaíochtaí agus beartais an Aontais a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
tionchair (eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta) a straitéise infheistíochta agus na torthaí arna mbaint amach ó thaobh rannchuidiú le forbairt chothromaithe agus sheasta an mhargaidh inmheánaigh chun leasa an Aontais;
(b)
gníomhaíochtaí arna nglacadh chun feabhas a chur ar chosc agus ar chomhrac coinbhleachtaí leasa, calaoise, éillithe agus cineálacha féideartha mí-iompair eile;
(c)
bearta nua chun trédhearcacht a neartú;
(d)
bearta chun tacaíocht do FBManna agus d’oibreoirí eacnamaíocha incháilithe a neartú le linn beartais an Aontais á gcur chun feidhme;
(e)
obair leantach ar na héilimh agus ar na hiarrataí a ghlactar trí bhíthin an rúin seo;
o o o
111. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus á iarraidh go ndéanfadh an Chomhairle agus Bord Stiúrthóirí BEI díospóireacht ar sheasaimh sin na Parlaiminte a léirítear ann.
Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj.
Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1937/oj).
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338. ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).
Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1367/oj).