Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2015/0112(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0277/2016

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0277/2016

Díospóireachtaí :

PV 01/02/2017 - 18
CRE 01/02/2017 - 18

Vótaí :

PV 02/02/2017 - 7.3
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0014

Téacsanna atá glactha
PDF 346kWORD 48k
Déardaoin, 2 Feabhra 2017 - Brussels
Clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí de chuid Chomhaontú Trádála AE-an Cholóim agus Peiriú ***I
P8_TA(2017)0014A8-0277/2016
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 2 Feabhra 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (COM(2015)0220 – C8-0131/2015 – 2015/0112(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0220),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0131/2015),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2016 chun seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag feachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil IdirnáisiúntagCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0277/2016),

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má tá rún aige an togra a leasú go substainteach nó téacs eile a chur ina ionad;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 2 Feabhra 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile
P8_TC1-COD(2015)0112

(Ós rud é gur thángthas ar chomhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, comhfhreagraíonn an seasamh ón bParlaimint leis an ngníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/540.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH

ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir lena thábhachtaí atá dlúthchomhar i bhfaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile(1) , arna leasú leis an bProtocal Aontachais leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, le haontachas Eacuadór a chur san áireamh(2), Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile(3), agus Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile(4). Chuige sin comhaontaíonn siad maidir leis an méid seo a leanas:

—  Ar iarraidh ó choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa, tuairisceoidh an Coimisiún chuig an gcoiste maidir le haon ábhar sonrach imní a bheidh aige a bhaineann le gealltanais na Colóime, Eacuadór agus Pheiriú maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme ag na tíortha sin.

—  Má ghlacann Parlaimint na hEorpa moladh chun imscrúdú coimirce a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú cúramach i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 maidir le tionscnamh ex officio comhlíonta. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha comhlíonta, déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa ina mbeidh míniú ar na tosca go léir atá ábhartha maidir le tionscnamh imscrúdaithe den sórt sin.

—  Déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Eanáir 2019, measúnú ar chás tháirgeoirí bananaí an Aontais. Má fhaightear gur tharlú meathlú mór ar staid an mhargaidh nó ar chás tháirgeoirí bananaí an Aontais, féadfar fadú ar thréimhse bailíochta an tsásra a bhreithniú le comhaontú na bpáirtithe sa Chomhaontú.

Leanfaidh an Coimisiún d’anailís thráthrialta a dhéanamh ar staid an mhargaidh agus ar chás tháirgeoirí bananaí an Aontais i ndiaidh don sásra cobhsaithe a dhul in éag. Má fhaightear gur tharla meathlú mór ar staid an mhargadh nó ar chás tháirgeoirí bananaí an Aontais, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá an earnáil bananaí do na réigiúin is forimeallaí, scrúdóidh an Coimisiún, in éineacht leis an Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí, an staid agus cinnfidh sé ar cheart bearta iomchuí a bhreithniú. D’fhéadfadh an Coimisiún freisin cruinnithe faireacháin tráthrialta leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí a chomóradh.

Tá uirlisí staidrimh forbartha ag an gCoimisiún lena chur ar a chumas faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na treochtaí in allmhairiú bananaí agus i staid mhargadh bananaí an Aontais. Beidh aird speisialta ag an gCoimisiún ar athbhreithniú a dhéanamh ar fhormáid na sonraí faireachais allmhairí chun go gcuirfear faisnéis nuashonraithe ar fáil go tráthrialta ar mhodh a bheidh níos furasta don úsáideoir.

(1) IO L 354, 21.12.2012, lch. 3.
(2) IO L 356, 24.12.2016, lch. 3.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú den pháirt eile (IO L 17, 19.1.2013, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (IO L 17, 19.1.2013, lch. 13).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais