Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0075(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0260/2016

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0260/2016

Díospóireachtaí :

PV 02/02/2017 - 3
CRE 02/02/2017 - 3

Vótaí :

PV 02/02/2017 - 7.5
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0016

Téacsanna atá glactha
PDF 237kWORD 44k
Déardaoin, 2 Feabhra 2017 - Brussels
Tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir ceanglas víosa nó díolmaithe uaidh: an tSeoirsia ***I
P8_TA(2017)0016A8-0260/2016
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2017 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an tSeoirsia) (COM(2016)0142 – C8-0113/2016 – 2016/0075(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0142),

–  ag féachaint d’Airteagal Article 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0113/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Phrótacal Uimh.1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2016 chun seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste m Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0260/2016),

1.  Ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má tá rún aige an togra a leasú go substainteach nó téacs eile a chur ina ionad;

3.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 2 Feabhra 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaighvíosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an tSeoirsia)
P8_TC1-COD(2016)0075

(Ós rud é gur thángthas ar chomhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, comhfhreagraíonn an seasamh ón bParlaimint leis an ngníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/372.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais