Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2015/0307(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0218/2016

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0218/2016

Díospóireachtaí :

PV 15/02/2017 - 12
CRE 15/02/2017 - 12

Vótaí :

PV 16/02/2017 - 6.5

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0047

Téacsanna atá glactha
PDF 237kWORD 48k
Déardaoin, 16 Feabhra 2017 - Strasbourg
Seiceálacha i mbunachair sonraí ábhartha a athneartú ag teoireannacha seachtracha***I
P8_TA(2017)0047A8-0218/2016
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 562/2006 a fhad a bhaineann le hathneartú seiceálacha i mbunachair shonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha (COM(2015)0670 – C8-0407/2015 – 2015/0307(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0670),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0407/2015),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 7 Nollaig 2016 chun seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0218/2016),

1.  Ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má tá rún aige an togra a leasú go substainteach nó téacs eile a chur ina ionad;

3.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Feabhra 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le seiceálacha i mbunachair sonraí ábhartha a athneartú ag teorainneacha seachtracha
P8_TC1-COD(2015)0307

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/458.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais