Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa 14 Márta 2017 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leana leasaítear Treoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (COM(2015)0750 – C8-0358/2015 – 2015/0269(COD))
(An gnáthnós imeachta rechtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0750),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0358/2015),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na Polainne agus Parlaimint na Sualainne], faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2016(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach arna bhformheas ag an gcoiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2016 chun seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormeas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus an tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0251/2016),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Márta 2017 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leana leasaítear Treoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2017/853.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gCoimisiún
Aithníonn an Coimisiún an tábhacht atá le caighdeán dea-fheidhmiúil maidir le díghníomhachtú a chuireann le leibhéil feabhsaithe sábháilteachta agus a athdheimhníonn do na húdaráis go bhfuil airm díghníomhachtaithe díghníomhachtaithe go cuí agus go héifeachtach.
Déanfaidh an Coimisiún, dá bhrí sin, dlús a chur leis an obair ar an athbhreithniú ar na critéir dhíghníomhachtaithe arna seoladh ag saineolaithe náisiúnta sa Choiste arna bhunú le Treoir 477/91/CEE chun go bhféadfaidh an Coimisiún, faoi dheireadh mhí Bealtaine 2017, Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta coiste arna bhunú le Treoir 91/477/CEE, faoi réir tuairim dhearfach ó shaineolaithe náisiúnta, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena mbunaítear treoirlínte coitianta maidir le caighdeáin díghníomhachtaithe agus teicnící chun a áirithiú go mbeidh airm thine díghníomhachtaithe do-oibrithe ar bhealach do-aisiompaithe. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit tacaíocht iomlán a thabhairt do dhlús a chur leis an obair seo.’