Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena sainmhínítear saintréithe soithí iascaireachta (athmhúnlú) (COM(2016)0273 – C8-0187/2016 – 2016/0145(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0273),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0187/2016),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2016(1),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(2),
– ag féachaint don litir dar dáta an 17 Deireadh Fómhair 2016 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Iascach i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint dá rúin a bhí ann roimhe seo, go háirithe a rún an 22 Samhain 2012 maidir le hiascaireacht chósta ar mhionscála, le ceardiascaireacht agus le hathchóiriú an chomhbheartais iascaigh(3),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d'fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nóis Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta 15 Feabhra 2017 chun seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 104 agus do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A8-0376/2016),
A. de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena sainmhínítear saintréithe soithí iascaireachta (athmhúnlú)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/1130.)