Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2017 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (téacs códaithe) (COM(2015)0616 – C8-0388/2015 – 2015/0283(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0616),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal50(1) agus (2)(g) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0388/2015),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2016(1),
– ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 - Modh oibre luathaithe maidir le códú oifigiúil téacsanna reachtacha(2),
– ag féachaint do Riail 103 agus do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0088/2017),
A. de bhrí, de réir Mheitheal Comhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra i dtrácht ná códú díreach ar na téacsanna atá ann cheana gan aon athrú ina tsubstaint;
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 5 Aibreán 2017 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/1132.)