Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2015/0268(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0238/2016

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0238/2016

Díospóireachtaí :

PV 14/09/2016 - 20
CRE 14/09/2016 - 20
PV 04/04/2017 - 17
CRE 04/04/2017 - 17

Vótaí :

PV 15/09/2016 - 11.6
CRE 15/09/2016 - 11.6
Mínithe ar vótaí
PV 05/04/2017 - 9.8

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2016)0353
P8_TA(2017)0110

Téacsanna atá glactha
PDF 238kWORD 54k
Dé Céadaoin, 5 Aibreán 2017 - Strasbourg
Réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ***I
P8_TA(2017)0110A8-0238/2016
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuaira ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte (COM(2015)0583 – C8-0375/2015 – 2015/0268(COD))

(An gnáthnós imeachta rechtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0583),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0375/2015),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach17 Márta 2016(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Márta 2016(2),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d'fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nóis Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle trí litir an 20 Nollaig 2016 chun seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0238/2016),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 195, 2.6.2016, lch. 1.
(2) IO C 177, 18.5.2016, lch. 9.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 15 Meán Fómhair 2016 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2016)0353).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 5 Aibreán 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/EC
P8_TC1-COD(2015)0268

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/1129.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais