Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 i dtaobh na rialacha maidir le margaí fánaíochta mórdhíola (COM(2016)0399 – C8-0219/2016 – 2016/0185(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0399),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 en Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0219/2016),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2016(1),
– tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach atá formheasta ag an gcoiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas atá tugtha ag ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Feabhra 2017 chun seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0372/2016),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 6 Aibreán 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 i dtaobh na rialacha maidir le margaí fánaíochta mórdhíola
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/920.)