Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2015/0263(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0374/2016

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0374/2016

Díospóireachtaí :

PV 26/04/2017 - 17
CRE 26/04/2017 - 17

Vótaí :

PV 27/04/2017 - 5.8
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0139

Téacsanna atá glactha
PDF 460kWORD 72k
Déardaoin, 27 Aibreán 2017 - Brussels
Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017-2020 ***I
P8_TA(2017)0139A8-0374/2016
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (COM(2015)0701 – C8-0373/2015 – 2015/0263(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0701),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 175 agus d’Airteagal 197(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0373/2015),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Márta 2016(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 7 Aibreán 2016(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle trí litir dar dáta an 15 Feabhra 2017 chun seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Iascach agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A8-0374/2016),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 177, 18.5.2016, lch. 47.
(2) IO C 240, 1.7.2016, lch. 49.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Aibreán 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013
P8_TC1-COD(2015)0263

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/825.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais