Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0013(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0205/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0205/2017

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 03/10/2017 - 4.2

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0362

Téacsanna atá glactha
PDF 240kWORD 48k
Dé Máirt, 3 Deireadh Fómhair 2017 - Strasbourg
Srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach ***I
P8_TA(2017)0362A8-0205/2017
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2017 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (COM(2017)0038 – C8-0021/2017 – 2017/0013(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  having regard to the Commission proposal to Parliament and the Council (COM(2017)0038),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0021/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 5 Iúil 2017(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 28 Meitheamh 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0205/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 3 Deireadh Fómhair 2017 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach
P8_TC1-COD(2017)0013

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2017/2102.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais