Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0261(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0359/2016

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0359/2016

Díospóireachtaí :

PV 23/10/2017 - 18
CRE 23/10/2017 - 18

Vótaí :

PV 24/10/2017 - 5.8
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0393

Téacsanna atá glactha
PDF 241kWORD 50k
Dé Máirt, 24 Deireadh Fómhair 2017 - Strasbourg
Malartú faisnéise maidir le substaintí sícighníomhacha nua, córas luathrabhaidh maidir leo, agus measúnú riosca orthu ***I
P8_TA(2017)0393A8-0359/2016
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 maidir le malartú faisnéise, córas luathrabhaidh agus nós imeachta measúnaithe riosca i dtaobh substaintí sícighníomhacha nua (COM(2016)0547 – C8-0351/2016 – 2016/0261(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0547),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 168(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0351/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2016(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d'fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nóis Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 31 Bealtaine 2017 chun seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0359/2016),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 34, 2.2.2017, lch. 182.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Deireadh Fómhair 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise maidir le substaintí sícighníomhacha nua, agus le córas luathrabhaidh agus nós imeachta measúnaithe riosca maidir leo
P8_TC1-COD(2016)0261

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/2101.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais