Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0050(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0338/2016

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0338/2016

Díospóireachtaí :

PV 13/11/2017 - 15
CRE 13/11/2017 - 15

Vótaí :

PV 14/11/2017 - 5.4
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0425

Téacsanna atá glactha
PDF 239kWORD 59k
Dé Máirt, 14 Samhain 2017 - Strasbourg
Cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint ***I
P8_TA(2017)0425A8-0338/2016
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2017 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 96/50/CE agus Treoir 91/672/CEE ón gComhairle (COM(2016)0082 – C8-0061/2016 – 2016/0050(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0082),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0061/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2016(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 30 Meitheamh 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gC agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0338/2016),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 389, 21.10.2016, lch. 93.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Samhain 2017 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle
P8_TC1-COD(2016)0050

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2017/2397.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais