Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0148(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0077/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0077/2017

Díospóireachtaí :

PV 14/11/2017 - 3
CRE 14/11/2017 - 3

Vótaí :

PV 14/11/2017 - 5.5
CRE 14/11/2017 - 5.5
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0426

Téacsanna atá glactha
PDF 242kWORD 59k
Dé Máirt, 14 Samhain 2017 - Strasbourg
Comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm ***I
P8_TA(2017)0426A8-0077/2017
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm (COM(2016)0283 – C8-0194/2016 – 2016/0148(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0283),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0194/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Bulgáire, Teach Theachtaí na Seice, Comhairle Chónaidhme na hOstaire agus Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,s

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an19 Deireadh Fómhair 2016(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Meitheamh 2017 chun an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0077/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 34, 2.2.2017, lch. 100.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Samhain 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017…/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004
P8_TC1-COD(2016)0148

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/2394.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais