Innéacs 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0351(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0236/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0236/2017

Díospóireachtaí :

PV 14/11/2017 - 15
CRE 14/11/2017 - 15

Vótaí :

PV 15/11/2017 - 13.11
CRE 15/11/2017 - 13.11
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0437

Téacsanna atá glactha
PDF 325kWORD 45k
Dé Céadaoin, 15 Samhain 2017 - Strasbourg
Cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad ***I
P8_TA(2017)0437A8-0236/2017
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Samhain 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (COM(2016)0721 – C8-0456/2016 – 2016/0351(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0721),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0456/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Bealtaine 2016 maidir le stádas geilleagair margaidh na Síne(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 11 Deireadh Fómhair 2017 chun an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus don tuairim ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0236/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2016)0223.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Samhain 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad
P8_TC1-COD(2016)0351

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/2321.)


IARSCRIBINN

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le haistriú

Meabhraíonn an Coimisiún go mbeidh sé de chuspóir ag an modheolaíocht nua go leanfar de chosaint ar chleachtais éagóracha trádála a chothabháil, go háirithe na cleachtais sin a eascraíonn as saobhadh suntasach sa mhargadh, a thabhairt do thionscal an Aontais. Ina leith sin, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh an tAontas aon ualach breise a thabhú agus cosaint á hiarraidh aige faoin ionstraim fhrithdhumpála, go háirithe i gcomhthéacs na n-iarrataí ar athbhreithnithe éaga a d’fhéadfaí a thaisceadh tar éis theacht i bhfeidhm na modheolaíochta nua.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 23 agus maidir le hidirghníomhaíocht le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle

Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas aon uair a bheidh sé beartaithe aige tuarascáil de bhun Airteagal 2(6a)(c) den Rialachán Bunúsach a chur le chéile nó a nuashonrú. I gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an Coimisiún ar an eolas go measann siad go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh tuarascáil de bhun Airteagal 2(6a)(c) den Rialachán Bunúsach a chur le chéile nó a nuashonrú, déanfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht iomchuí agus déanfaidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas dá réir.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis na tuarascálacha de bhun Airteagal 2(6a)(c) den Rialachán Bunúsach

Déanfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint go tapa as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 2(6a)(c) den Rialachán Bunúsach chun tuarascálacha ar shaobhadh suntasach a chur le chéile, chun go mbeidh na tuarascálacha sin ar fáil do pháirtithe leasmhara agus aighneachtaí a bhféadfadh feidhm a bheith ag Airteagal 2(6a)(c) den Rialachán Bunúsach ina leith á n-ullmhú acu. Déanfaidh sé treoir maidir le húsáid a bhaint as na tuarascálacha sin a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais