Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0360B(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0255/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0255/2017

Díospóireachtaí :

PV 29/11/2017 - 20
CRE 29/11/2017 - 20

Vótaí :

PV 30/11/2017 - 8.17

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0468

Téacsanna atá glactha
PDF 241kWORD 45k
Déardaoin, 30 Samhain 2017 - Brussels
Socruithe idirthréimhseacha leis an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach IFRS 9 a mhaolú ***I
P8_TA(2017)0468A8-0255/2017
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca marcaí, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta,leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (COM(2016)0850 – C8-0158/2017 – 2016/0360B(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0850),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0158/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Márta 2017(2),

–  ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 18 Bealtaine 2017 chun a údarú don Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta an togra ón gCoimisiún thuasluaite a roinnt agus dhá thuarascáil reachtach ar leith a tharraingt suas ar a bhonn,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Samhain 2017 chun an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0255/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) IO C 209, 30.6.2017, lch. 36.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Samhain 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na socruithe idirthréimhseacha leis an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach IFRS 9 ar chistí dílse a mhaolú agus le haghaidh láimhseáil neamhchosaintí móra i gcás neamhchosaintí áirithe san earnáil phoiblí a ainmnítear in airgeadraí nach airgeadraí baile de chuid na mBallstát iad
P8_TC1-COD(2016)0360B

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/2395.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais