Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2014/0175(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0331/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0331/2017

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 12/12/2017 - 5.8

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0481

Téacsanna atá glactha
PDF 239kWORD 48k
Dé Máirt, 12 Nollaig 2017 - Strasbourg
Dleachtanna custaim ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá ***I
P8_TA(2017)0481A8-0331/2017
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2017 ar an togra leasaithe le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le  dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (códú) (COM(2017)0361 – C8-0226/2017 – 2014/0175(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: códú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0361),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0226/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre níos tapúla d’fhonn téacsanna reachtacha a chódú go hoifigiúil (1),

–  ag féachaint do Riail 103 agus do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0331/2017),

A.  de bhrí, de réir Mheitheal Comhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra i dtrácht ná códú díreach ar na téacsanna atá ann cheana gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 102, 4.4.1996, lch. 2.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Nollaig 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) … / … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (códú)
P8_TC1-COD(2014)0175

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/196.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais