Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2017 maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe (2017/2964(RSP))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint dá rún an 5 Aibreán 2017 maidir leis na caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe i ndiaidh fhógra RA go bhfuil sé i gceist aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach(1) agus dá rún an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe(2),
– ag féachaint do threoirlínte ón gComhairle Eorpach (Airteagal 50) an 29 Aibreán 2017 i ndiaidh fhógra na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 50 CAE agus don Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 ina leagtar síos na treoracha do chaibidlíocht comhaontaithe le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ina leagtar amach na socruithe dá tarraingt siar ón Aontas Eorpach,
– ag féachaint don Tuarascáil Chomhpháirteach ó idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus ó Rialtas na Ríochta Aontaithe an 8 Nollaig 2017 maidir leis an dul chun cinn faoi chéim 1 de na caibidlíochtaí faoi Airteagal 50 CAE maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach,
– ag féachaint do Riail 123(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí gurb é cuspóir na gcaibidlíochtaí idir an tAontas Eorpach (AE) agus an Ríocht Aontaithe (RA), atá ar siúl de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), foráil a dhéanamh maidir le tarraingt siar rianúil RA ó AE, ag cur san áireamh chreat RA don ghaolmhaireacht a bheidh aici sa todhchaí leis an Aontas tráth nach mbeidh sí ina Ballstát a thuilleadh;
B. de bhrí go n-éilíonn tarraingt siar rianúil go ndéanfaí na caibidlíochtaí a sheicheamhú go docht, sa chaoi is go ndéileálfar le linn na céadchéime le saincheisteanna an scartha a eascróidh ó tharraingt siar RA atá ar na bacáin, sular féidir tabhairt faoi dhara céim na gcaibidlíochtaí;
C. de bhrí go mbaineann na trí shaincheist is tábhachtaí den scaradh le cearta shaoránaigh AE a bheith ina ngnáthchónaí i RA agus le cearta shaoránaigh RA a bheith ina ngnáthchónaí in AE-27, leis an teorainn idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann agus leis na himthosca speisialta ar leith a mbeidh ar oileán na hÉireann aghaidh a thabhairt orthu, agus réiteach na n-oibleagáidí airgeadais atá ar RA i leith AE;
D. de bhrí go gcaithfear dul chun cinn leordhóthanach a dhéanamh maidir le gach ceann de na trí shaincheist den scaradh sular féidir tabhairt faoi dhara céim na gcaibidlíochtaí, agus de bhrí go gcaithfear é sin a ghnóthú chomh gasta agus is féidir ionas go mbeidh dóthain ama ann do dhara céim na gcaibidlíochtaí;
E. de bhrí go dtugann an Tuarascáil Chomhpháirteach ó idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus ó Rialtas na Ríochta Aontaithe le fios go bhfuil dul chun cinn leordhóthanach gnóthaithe;
F. de bhrí, a mhéid a bhaineann le cearta saoránach, go bhfuil RA tar éis an méid seo a leanas a dhéanamh:
–
glacadh leis go mbeidh an raon céanna de chearta, arna bhunú i ndlí AE agus arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ag gach saoránach AE a bhfuil gnáthchónaí dlíthiúil orthu i RA agus náisiúnaigh RA a bhfuil gnáthchónaí dlíthiúil orthu i mBallstáit AE-27, agus daoine eile dá dteaghlaigh faoi seach tráth na tarraingthe siar, bunaithe ar na cosaintí a leagfar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar,
–
glacadh leis, sa bhreis air sin, go dtabharfaidh an Comhaontú um Tharraingt Siar cosaint do dhaoine lárnacha de theaghlaigh na saoránach agus do dhaoine atá i gcaidreamh buanfasach leo agus go mbeidh an scéal amhlaidh freisin do leanaí a shaolófar amach anseo agus lasmuigh den stát óstach,
–
glacadh leis go ráthófar leanúnachas de chearta na saoránach ar feadh a saoil trí nós imeachta comhréireach, a bheidh faoi réir na gcoimircí cuí, i gcomhréir le coincheapa dlíthiúla AE. Déanfar an nós imeachta agus na coimircí sin a leagan amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar,
–
glacadh leis go mbeidh na nósanna imeachta riaracháin ina nósanna imeachta trédhearcacha socra cuíchóirithe, go mbeidh foirmeacha gearr, simplí agus éasca le húsáid, agus go ndéanfar na hiarratais a dhéanfaidh daoine den teaghlach céanna a mheas in éineacht,
–
glacadh leis go ndéanfar gach ceart ábhartha atá bunaithe ar dhlí AE a choimirciú agus go leagfar iadsan amach go sonrach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar,
–
glacadh leis go gcoinneofar gach ceart slándála sóisialta faoi dhlí AE. Áiríonn sé sin onnmhairiú gach sochair in-onnmhairithe,
–
glacadh leis go ndéanfar na forálacha go léir sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, ar forálacha iad a bhaineann le cearta saoránach, a ionchorprú i ngníomh sonrach dlí RA ionas go mbeidh éifeacht dhíreach ag na cearta sin;
G. de bhrí go bhfuil na gealltanais riachtanacha tugtha ag RA maidir le hÉirinn / Tuaisceart Éireann chun a áirithiú nach dtarlóidh teorainn chrua, agus go mbainfear é sin amach trí mheán ailíniú rialála, lena n-áirítear:
–
más gá, sainréitigh le haghaidh Thuaisceart Éireann,
–
gealltanas a thabhairt gach cuid de Chomhaontú 1998 a chosaint,
–
a áirithiú nach ndéanfar maolú ar chearta mhuintir Thuaisceart Éireann;
H. de bhrí, a mhéid a bhaineann leis an réiteach airgeadais, go bhfuil soiléiriú leormhaith tugtha ag RA ó thaobh cad iad na hoibleagáidí airgeadais a chomhlíonfaidh sí mar Bhallstát atá ag fágáil an Aontais;
I. de bhrí nach gciallaíonn sé sin go bhfuil gach saincheist réitithe, agus nach dtugann sé le fios ach oiread cén seasamh a ghlacfaidh an Pharlaimint i gcás an nós imeachta um thoiliú maidir le comhaontú deiridh um tharraingt siar;
J. de bhrí gur cheart don dara céim de na caibidlíochtaí, ar bhonn prionsabail fhónta neamh-dhébhríocha, a bheith tiomnaithe do thabhairt i gcrích socruithe le haghaidh tharraingt siar rianúil RA ón Aontas, lena n-áirítear socruithe idirthréimhseacha féideartha a mbeidh gá leo do tharraingt siar RA; de bhrí gur cheart, sa chomhthéacs sin, tuiscint fhoriomlán a shainaithint don chreat a bheidh ann ó thaobh na gaolmhaireachta sa todhchaí;
K. de bhrí go mbeidh RA agus AE fós ina ndlúthchomharsana agus go mbeidh a lán leasanna fós i gcoiteann acu cé nach mbeidh RA ina Ballstát a thuilleadh;
L. de bhrí go bhféadfaí caidreamh chomh dlúth sin, i bhfoirm comhaontú comhlachais idir AE agus RA, a mheas a bheith ina chreat iomchuí trínar féidir na leasanna coiteanna sin a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear caidreamh nua trádála;
M. de bhrí go bhfuil mar bhuntáiste ag comhaontú comhlachais go mbeadh sé ina ionstraim sholúbtha don chomhar ar fud raon leathan de réimsí beartais;
N. de bhrí go mbeidh gá le comhaontuithe idirthréimhseacha ionas go seachnófar torthaí tubaisteacha nuair a tharraingeoidh RA siar ó AE, agus chun an deis a thabhairt d’idirbheartaithe AE agus RA comhaontú caidrimh eile a chaibidliú amach anseo;
O. de bhrí nach féidir aon ghéilleadh a bheith ann idir slándáil inmheánach agus slándáil sheachtrach ar aon bhealach, is cuma cén toradh a bheidh ar na caibidlíochtaí ó thaobh na gaolmhaireachta sa todhchaí, lena n-áirítear comhar cosanta, ar thaobh amháin de, agus an caidreamh eacnamaíoch amach anseo, ar an taobh eile de;
P. de bhrí go bhfuil an baol ann go mbainfidh tráchtanna amhail iad sin a rinne David Davis, nuair a dúirt sé nach raibh i dtoradh chéim 1 de na caibidlíochtaí ach ‘léiriú intinne’, an bonn den mheon macánta a cothaíodh le linn na gcaibidlíochtaí;
1. ag fáiltiú roimh an tuarascáil chomhpháirteach ar dhul chun cinn arna tíolacadh ag idirbheartaithe AE gus RA, ina maítear go bhfuil dul chun cinn leordhóthanach gnóthaithe sna caibidlíochtaí i leith an Chomhaontuithe um Tharraingt Siar, agus ag déanamh comhghairdis le hidirbheartaí an Aontais as seoladh na gcaibidlíochtaí go nuige seo;
2. den tuairim go bhfágann an tuarascáil gur féidir dul ar aghaidh leis an dara céim de na caibidlíochtaí agus á mholadh go gcinnfidh an Chomhairle Eorpach dá réir sin, ach á chreidiúint di nach foláir na caibidlíochtaí a dhéanamh de mheon macánta agus í den tuairim nach féidir leis na caibidlíochtaí dul ar aghaidh le linn an dara céim go dtí go dtugann rialtas RA lánurraim do na ceangaltais a rinne sé sa Tuarascáil Chomhpháirteach agus go dtí go gcuirfear na gealltanais sin ina n-iomláine sa Dréacht‑Chomhaontú um Tharraingt Siar;
3. á thabhairt le fios, áfach, go mbeidh saincheisteanna fós gan réiteach maidir le foráil do tharraingt siar rianúil RA ó AE, a gcaithfear iad a réiteach sular féidir an Comhaontú um Tharraingt Siar a thabhairt chun críche, agus á mheabhrú di go gcaithfear an Comhaontú um Tharraingt Siar a leagan amach i dtéacs dlí soiléir gan débhrí, chomh luath agus a thabharfar í chun críche; á thabhairt le fios go mbaineann na saincheisteanna gan réiteach leis na nithe seo a leanas:
–
clúdach raon chearta na saoránach a leathnú ionas go gcuimseofar páirtithe eile amach anseo,
–
a áirithiú nach mbeidh an nós imeachta riaracháin ach ina nós imeachta atá éadrom, dearbhaitheach ina chineál agus go mbeidh sé saor in aisce, ag cur ualach an chruthúnais ar údaráis RA i gcás go ndéanfar an dearbhú a agóid, agus ar an gcaoi sin teaghlaigh a chumasú chun nós imeachta a thionscnamh trí úsáid a bhaint as foirm aonair,
–
foráil do chineál ceangailteach bhreitheanna CBAE maidir le léiriú na bhforálacha a bhaineann le cearta saoránach, chomh maith leis an ról a bheidh ag údarás náisiúnta neamhspleách amach anseo (ombudsman) arna bhunú chun gníomhú i leith ghearáin na saoránach,
–
cearta maidir le saorghluaiseacht a ráthú amach anseo ar fud AE ina iomláine do shaoránaigh RA atá ina ngnáthchónaí faoi láthair i mBallstáit AE-27,
–
a áirithiú go mbeidh na gealltanais arna ndéanamh i ndáil le Tuaisceart Éireann / Éirinn ina ngealltanais atá in-fhorfheidhmithe go hiomlán;
4. ag forchoimeád an chirt, áfach, i ndáil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar deiridh, a mbeidh gá aici a toiliú a thabhairt ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de CAE, má tá an Comhaontú sin le teacht i bhfeidhm;
Creat don chaidreamh AE-RA amach anseo
5. ag meabhrú go ndéantar foráil le hAirteagal 50(2) go gcuirfeadh an tAontas san áireamh an creat don chaidreamh a bheidh ag AE amach anseo leis an mBallstát a bheidh ag fágáil nuair a bheidh an chaibidlíocht ar siúl aige agus comhaontú um tharraingt siar á thabhairt chun críche;
6. ag moladh gur cheart don tuiscint fhoriomlán ar an gcreat maidir leis an gcaidreamh a aontófar idir AE agus RA amach anseo, más ann di, a bheith i bhfoirm dearbhú polaitiúil a chuirfear i gceangal leis an gComhaontú um Tharraingt Siar;
7. ag tabhairt dá haire nach féidir an comhaontú ina leagtar amach an caidreamh nua idir AE agus RA, agus bunaithe ar an gcreat thuasluaite, a chaibidliú go foirmiúil go dtí go mbeidh RA tar éis AE a fhágáil agus go mbeidh RA ina tríú tír;
8. ag cur i bhfios nach nglacfaidh sí leis an gcreat don chaidreamh AE-RA amach anseo mar chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar ach amháin i gcás ina bhfuil sé i gcomhréir dhocht leis na prionsabail seo a leanas:
–
ní féidir na sochair chéanna is a bheadh ar fáil do Bhallstát a chur ar fáil do thríú tír ngach gcomhlíonann na hoibleagáidí céanna agus a dhéanann Ballstát den Aontas Eorpach nó de LEE,
–
cosaint shláine an mhargaidh inmheánaigh agus na gceithre shaoirse, gan cur chuige earnáil ar earnáil a cheadú,
–
neamhspleáchas chinnteoireacht AE,
–
dlíchóras AE agus ról CBAE a choimirciú,
–
is gá do RA na caighdeáin dá bhforáiltear faoi oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear cearta bunúsacha, agus reachtaíocht agus beartais an Aontais sna réimsí seo a leanas: an comhshaol, an t-athrú aeráide, cosaint do thomhaltóirí, an comhrac i gcoinne imghabháil agus seachaint chánach, iomaíocht chóir, cosaint agus príobháideachas sonraí, trádáil, agus cearta sóisialta agus oibrithe, go háirithe coimircí i gcoinne dumpáil shóisialta, agus sásra soiléir forfheidhmiúcháin a bheith ann chun comhlíonadh a áirithiú,
–
comhaontuithe AE le tríú tíortha agus eagraíochtaí a choimirciú, lena n-áirítear Comhaontú LEE,
–
cobhsaíocht airgeadais AE a choimirciú chomh maith le comhlíonadh a chóras agus a chaighdeáin rialála agus maoirsithe agus a gcur i bhfeidhm,
–
cothromaíocht cheart idir cearta agus oibleagáidí, lena n-áirítear ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh dá réir;
9. á iarraidh go ndéanfadh an creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí foráil maidir le caidreamh chomh dlúth agus is féidir idir AE agus RA, fad is a leanfar ag feidhmiú i gcomhréir leis na prionsabail thuasluaite;
10. ag athdhearbhú go bhféadfadh sé go ndéanfadh comhaontú comhlachais arna chaibidliú agus arna aontú idir AE agus RA tar éis tharraingt siar RA, de bhun Airteagal 217 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráil maidir le creat iomchuí don ghaolmhaireacht sa todhchaí; ag moladh go mbeadh sásra láidir réitigh díospóide san áireamh sa chomhaontú sin, anuas ar a chreat rialála, agus gur cheart dó na ceithre cholún seo a leanas a chuimsiú:
–
caidreamh trádála agus eacnamaíoch,
–
comhar téamach,
–
slándáil inmheánach,
–
beartas eachtrach agus comhar slándála;
11. ag meabhrú go bhfuil a lán saoránach RA tar éis cur go láidir i gcoinne chailliúint na gceart atá acu faoi láthar de bhun Airteagal 20 de CFAE; ag moladh go ndéanfadh AE-27 mionscrúdú ar conas a d’fhéadfaí maolú air sin laistigh de theorainneacha dhlí príomha an Aontais fad is a chomhlíonfar go hiomlán prionsabail na cómhalartachta, an chothromais, na siméadrachta agus an neamh-idirdhealaithe;
Socruithe idirthréimhseacha
12. ag athdhearbhú nach féidir leis na socruithe idirthréimhseacha deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas a áirithiú ach amháin i gcás ina n-áiríonn siad cothromaíocht cheart a bhaint amach idir cearta agus oibleagáidí, ina bhfuil siad srianta ó thaobh ama de, nach dtéann siad thar trí bliana, agus go mbeadh fadú ama i dtaca le acquis AE i gceist leo, lena n-áirítear cearta saoránach, agus dá réir sin go gceanglófaí go leanfadh na hionstraimí reatha rialála, buiséadacha, maoirsithe, breithiúnacha agus forfheidhmiúcháin d’fheidhm a bheith acu i leith RA; ag meabhrú nach mbeidh RA ina cuid d’institiúidí agus de chomhlachtaí AE a thuilleadh;
13. ag dearbhú, i gcás aon athruithe a dhéanfar ar acquis AE a thiocfaidh i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse, go mbeidh feidhm uathoibríoch acu i leith RA i gcomhréir leis na socruithe idirthréimhseacha a aontófar idir AE agus RA;
14. ag áitiú nach féidir le haon chomhaontú trádála amach anseo a dhéanfaidh RA a chaibidliú le tríú tíortha tar éis di tarraingt siar as an Aontas teacht i bhfeidhm go dtí deireadh na hidirthréimhse ina mbeidh feidhm ag na socruithe idirthréimhse;
15. á thabhairt le fios nach féidir tús a chur le hidirthréimhse, de réir mar a aontófar í mar chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar idir AE agus RA, go dtí go mbeidh an comhaontú sin ar bun;
o o o
16. á threorú dá hUachtarán na Parlaiminte an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig Rialtas na Ríochta Aontaithe.