Innéacs 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/2054(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0007/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0007/2018

Díospóireachtaí :

PV 07/02/2018 - 4
CRE 07/02/2018 - 4

Vótaí :

PV 07/02/2018 - 7.2
CRE 07/02/2018 - 7.2
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0029

Téacsanna atá glactha
PDF 398kWORD 52k
Dé Céadaoin, 7 Feabhra 2018 - Strasbourg Eagrán deiridh
Comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa
P8_TA(2018)0029A8-0007/2018
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Feabhra 2018 maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (2017/2054(INL)2017/0900(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 10 CAE(1);

–  ag féachaint dá rún an 13 Márta 2013 maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa ag féachaint do na toghcháin in 2014(2),

–  ag féachaint dá rún an 11 Samhain 2015 maidir le dlí toghcháin an Aontais Eorpaigh a athchóiriú, agus an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena nglactar forálacha lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal mar iarscríbhinn leis an rún seo(3);

–  ag féachaint do Chinneadh 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa(4),

–  ag féachaint do Chomhaontú Aoine an Chéasta an 10 Aibreán 1998;

–  ag féachaint do Riail 45, do Riail 52 agus do Riail 84 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A8-0007/2018),

A.  de bhrí nach mór go n-urramaítear i gcomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa na critéir a leagtar síos sa chéad fhomhír d’Airteagal 14(2) CAE, eadhon nach rachaidh líon na n-ionadaithe do shaoránaigh an Aontais thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán, go mbeidh an ionadaíocht comhréireach go céimlaghdaitheach, go mbeidh íosmhéid de sheisear feisirí ann do gach Ballstát, agus nach leithdháilfear níos mó ná sé shuíochán is nócha ar aon Bhallstát;

B.  de bhrí go ndearbhaítear in Airteagal 14(2) CAE go mbeidh Parlaimint na hEorpa comhdhéanta d’ionadaithe de chuid shaoránaigh an Aontais;

C.  de bhrí go leagtar béim in CAE agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar a thábhachtaí agus atá an comhionannas agus an chóir chomhionann ó institiúidí an Aontais i leith na saoránach; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach comhionannas na hionadaíochta a fheabhsú ag féachaint do dhlisteanacht Pharlaimint na hEorpa a mhéadú mar an comhlacht reachtach a dhéanann ionadaíocht do shaoránaigh an Aontais;

D.  de bhrí gur scrúdaigh Parlaimint na hEorpa líon áirithe tograí maidir le córas buan chun suíocháin a leithdháileadh arna bhunú ar fhoirmlí matamaiticiúla, a choimisiúnaigh sí agus a cuireadh faoina bráid;

E.  de bhrí go ndearna rialtas na Ríochta Aontaithe, ar an 29 Márta 2017 agus i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE, fógra a thabhairt don Chomhairle Eorpach go bhfuil sé i gceist aige an tAontas Eorpach a fhágáil agus de bhrí go dtagann deireadh leis an tréimhse dhá bhliain don chaibidlíocht ar an 29 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, le comhaontú ón Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú;

F.  de bhrí, mura dtagann athrú ar an staid dhlíthiúil reatha, nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ina bhall den Aontas Eorpach a thuilleadh tráth na chéad toghcháin Eorpacha eile in 2019;

G.  de bhrí gur chuir roinnt Ballstát tacaíocht in iúl le déanaí do chomhthoghlach a chruthú ó na toghcháin Eorpacha in 2019 ar aghaidh; de bhrí gur réamhchoinníoll chun comhthoghlach a bhunú é modhnú a dhéanamh ar an Ionstraim maidir le togadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, ar cheart é a ghlacadh bliain amháin ar a laghad roimh na toghcháin Eorpacha mar a shonraítear sa Chód Dea-Chleachtais maidir le Gnóthaí Toghchánaíochta ó Choimisiún na Veinéise;

H.  de bhrí gur éiligh Parlaimint na hEorpa, ina togra an 11 Samhain 2015 le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena nglactar forálacha lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, tairseach éigeantach a thabhairt isteach do na toghlaigh, agus do na Ballstáit aontoghlaigh, ina n-úsáidtear córas an liosta agus atá comhdhéanta de líon áirithe suíochán ar a laghad; á mheas gur gá an tairseach sin a bhunú agus an leithdháileadh nua suíochán á chur san áireamh;

1.  Á thabhairt dá haire nach bhfuil feidhm ag an leithdháileadh suíochán mar atá faoi láthair, arna bhunú i gCinneadh 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach, ach maidir le téarma parlaiminteach 2014-2019; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le cinneadh nua maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa do théarma parlaiminteach 2019-2024;

2.  Á aithint nach n-urramaítear leis an leithdháileadh atá ann faoi láthair prionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí i roinnt cásanna, agus nach mór, dá bhrí sin, é a cheartú le haghaidh chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa ó na chéad toghcháin Eorpacha eile in 2019;

3.  Á aithint go measann roinnt de na Ballstáit gur gá an córas vótála sa Chomhairle a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa;

4.  Á chur i bhfios, cé gurb iontach na féidearthachtaí atá le feiceáil sna foirmlí matamaiticiúla maidir le córas buan a sholáthar chun suíocháin a leithdháileadh amach anseo, nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na polaitíochta de don Pharlaimint córas buan a mholadh ag an tráth seo;

5.  Á aithint, mura dtagann athrú ar an staid dhlíthiúil reatha, nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ina bhall den Aontas Eorpach a thuilleadh tráth na chéad toghcháin Eorpacha eile in 2019;

6.  Á mholadh go ndéanfar leithdháileadh nua suíochán sa Pharlaimint, lena n-urramófar na critéir a leagtar síos in Airteagal 14 CAE, a chur i bhfeidhm ó na chéad toghcháin Eorpacha eile in 2019; á mheas, sa chás go dtagann athrú ar an staid dhlíthiúil thuasluaite maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, gur cheart feidhm a bheith ag an leithdháileadh suíochán a cuireadh i bhfeidhm le linn théarma parlaiminteach 2014-2019 go dtí go mbeidh éifeacht ó thaobh an dlí le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach;

7.  Á chur i bhfios go ndéanfaidh na suíocháin a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe folamh ar a tarraingt siar ón Aontas Eorpach é a éascú leithdháileadh nua suíochán sa Pharlaimint a ghlacadh, lena ndéanfar prionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí a chur chun feidhme; á chur i bhfios freisin go gceadóidh an leithdháileadh nua atá beartaithe méid na Parlaiminte a laghdú; á thabhairt dá haire gur leor gan ach codán de na suíocháin a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe folamh a úsáid chun a áirithiú nach gcaillfidh aon Bhallstát aon suíocháin;

8.  Á chur i bhfios go bhfágfadh an laghdú ar mhéid na Parlaiminte go mbeadh líon áirithe suíochán ann chun méaduithe féideartha ar an Aontas Eorpach a éascú amach anseo;

9.  Á mheabhrú, faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil ceart bunúsach ag pobal Thuaisceart Éireann chun saoránacht Bhriotanach nó Éireannach, nó an dá cheann, a shealbhú agus de thairbhe an chirt ar shaoránacht Éireannach, go bhfuil ceart bunúsach ar shaoránacht an Aontais acu chomh maith;

10.  Á mheabhrú go bhfuil an chomhréireacht chéimlaghdaitheach, mar a shainítear leis na Conarthaí í, bunaithe ar líon na suíochán in aghaidh an Bhallstáit agus ní ar náisiúntacht na n-iarrthóirí;

11.  Á iarraidh ar an gComhairle bailchríoch a chur go tapa ar an athbhreithniú ar an Ionstraim maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach;

12.  Á chur i bhfios go láidir go ndéanfaidh an t-athchóiriú ar an Ionstraim maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, arna mholadh ag Parlaimint na hEorpa, tréith Eorpach na dtoghchán a threisiú agus teachtaireacht dhearfach a thabhairt maidir le todhchaí an tionscadail Eorpaigh;

13.  Á mheas go bhfuil an dáileadh atá molta, atá bunaithe ar phrionsabail na gConarthaí, ina bhonn daingean do mhodh chun leithdháileadh na suíochán a chinneadh sa todhchaí, agus urraim á léiriú do na critéir in Airteagal 14 CAE, go háirithe prionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí, mar aon lena bheith cothrom, trédhearcach, oibiachtúil, i gcomhréir leis na hiomlaoidí déimeagrafacha is déanaí, agus go bhfuil sé intuigthe ag saoránaigh na hEorpa;

14.  Ag cur an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle Eorpach a ghabhann in Iarscríbhinn leis seo agus lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, ar bhonn a cirt tionscnaimh a leagtar síos in Airteagal 14(2) CAE, faoi bhráid na Comhairle Eorpaí; á chur i bhfios go láidir an géarghá leis an gcinneadh sin a ghlacadh, ar gá toiliú na Parlaiminte ina leith, ionas gur féidir leis na Ballstáit, in am trátha, na forálacha baile riachtanacha a achtú chun a chur ar a gcumas na toghcháin Eorpacha a eagrú do théarma parlaiminteach 2019-2024;

15.  Á threorú dá hUachtarán an rún seo agus an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle Eorpach a ghabhann in iarscríbhinn leis seo, i dteannta leis an tuarascáil thuasluaite óna Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) Sonraítear san Airteagal sin go ndéantar ionadaíocht ‘do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa’.
(2) Téacsanna a glacadh, P7_TA(2013)0082.
(3) Téacsanna a glacadh, P8_TA(2015)0395.
(4) IO L 181, 29.6.2013, lch. 57.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

Togra le haghaidh

cinneadh ón gComhairle Eorpach

lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

Ag féachaint don tionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Leagtar síos leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach na critéir maidir le comhdhéanamh na Parlaiminte, eadhon nach rachaidh líon na n-ionadaithe do shaoránaigh an Aontais thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán, go mbeidh an ionadaíocht comhréireach go céimlaghdaitheach, le híosmhéid de sheisear feisirí do gach Ballstát, agus nach mbeidh níos mó ná sé shuíochán is nócha ag aon Bhallstát,

(2)  Foráiltear le hAirteagal 10 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, inter alia, go mbeidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch, lena n-ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus lena n-ionadaítear do na Ballstáit sa Chomhairle ag a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair na bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach. Tá feidhm dá bhrí sin ag Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa faoi chuimsiú na socruithe institiúideacha níos leithne a leagtar amach sna Conarthaí, lena n-áirítear freisin na forálacha cinnteoireachta sa Chomhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tabharfar urraim do na prionsabail seo a leanas:

–  le leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa, bainfear leas iomlán as an tairsceach íosta agus as an tairseach uasta a leagtar amach amach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach d'fhonn méideanna dhaonraí faoi seach na mBallstát a léiriú a ghaire is féidir;

–  déanfar an chomhréireacht chéimlaghdaitheach a shainiú mar a leanas: an cóimheas idir daonra agus líon suíochán gach Ballstáit sula ndéanfar slánú go dtí slán-uimhreacha, athróidh sé de réir a gcuid daonraí faoi seach ar chaoi go ndéanfaidh gach Feisire de Pharlaimint na hEorpa arb as Ballstát dó ina bhfuil níos mó daoine ionadaíocht ar líon níos mó saoránach ná gach Feisire arb as Ballstát dó ina bhfuil níos lú daoine agus, os a choinne sin, gur mó an teideal a bheidh ag Ballstát chun líon mór suíochán a bheith aige más airde an daonra sa Bhallstát sin,

–  beidh leithdháileadh na suíochán ina léiriú ar fhorbairtí déimeagrafacha sna Ballstáit.

Airteagal 2

Déanann an Coimisiún (Eurostat) daonra iomlán na mBallstát a ríomh ar bhonn na sonraí is déanaí a bheidh soláthraithe ag na Ballstáit, i gcomhréir le modh arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(1).

Airteagal 3

1.  Leis seo, déantar líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghfar i ngach mBallstát a shocrú mar a leanas do théarma parlaiminteach 2019-2024:

An Bheilg

21

An Bhulgáir

17

Poblacht na Seice

21

An Danmhairg

14

An Ghearmáin

96

An Eastóin

7

Éire

13

An Ghréig

21

An Spáinn

59

An Fhrainc

79

An Chróit

12

An Iodáil

76

An Chipir

6

An Laitvia

8

An Liotuáin

11

Lucsamburg

6

An Ungáir

21

Málta

6

An Ísiltír

29

An Ostair

19

An Pholainn

52

An Phortaingéil

21

An Rómáin

33

An tSlóivéin

8

An tSlóvaic

14

An Fhionlainn

14

An tSualainn

21

2.  I gcás, áfach, gur Ballstát den Aontas fós í an Ríocht Aontaithe ag tús théarma parlaiminteach 2019-2024, is é an líon dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Chinneadh 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach(2) an líon ionadaithe a thoghfar i ngach Ballstát chun dul i mbun oifige i bParlaimint na hEorpa, go dtí go mbeidh éifeacht ó thaobh an dlí le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.

A luaithe a bheidh éifeacht ó thaobh an dlí le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, is é an líon a luaitear i mír 1 den Airteagal seo a bheidh i líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghfar i ngach Ballstát.

Maidir leis na hionadaithe uile i bParlaimint na hEorpa a líonfaidh na suíocháin bhreise a bheidh ann mar thoradh ar an difríocht idir an líon suíochán a leithdháiltear sa chéad fhomhír agus an líon a leithdháiltear sa dara fomhír den mhír seo, glacfaidh siad a gcuid suíochán sa Pharlaimint ag an am céanna.

Airteagal 4

Fada go leor roimh thús théarma parlaiminteach 2024-2029, cuirfidh Parlaimint na hEorpa faoi bhráid na Comhairle Eorpaí, i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, togra le haghaidh leithdháileadh nuashonraithe suíochán.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in/sa ...

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

(1) Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach (IO L 330, 10.12.2013, lch. 39).
(2) Cinneadh 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (IO L 181, 29.6.2013, lch. 57).

An nuashonrú is déanaí: 28 Meán Fómhair 2018Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais