Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 6 Feabhra 2018 - Strasbourg
Geobhlocáil agus cineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí ***I
 Laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin ***I

Geobhlocáil agus cineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí ***I
PDF 250kWORD 53k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngeobhlocáil agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (COM(2016)0289 – C8-0192/2016 – 2016/0152(COD))
P8_TA(2018)0023A8-0172/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0289),

–  ag féachaint d’Airteagal  294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0192/2016),

–  having regard to Article 294(3) of the Treaty on the Functioning of the European Union,

—  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Comhairle Chónaidhme na hOstaire, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2016(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Samhain 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A8-0172/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an ngníomh reachtach críochnathach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 6 Feabhra 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE

P8_TC1-COD(2016)0152


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/302).

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

Tugann an Coimisiún dá aire an téacs atá in Airteagal 9 arna chomhaontú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

Gan dochar dá cheart tionscnaimh de bhun an Chonartha, is mian leis an gCoimisiún sa chomhthéacs seo a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 9, ina chéad mheastóireacht ar an Rialachán seo, atá dlite laistigh de dhá bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin, go ndéanfaidh sé measúnú críochnúil ar an gcaoi inar cuireadh an Rialachán chun feidhme agus ar an gcaoi ar chuir sé le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh. Agus an méid sin á dhéanamh aige, cuirfidh sé san áireamh an fás atá ag teacht ar ionchais na dtomhaltóirí, go háirithe i gcás iad siúd nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí atá faoi chosaint cóipchirt.

Mar chuid den mheastóireacht, déanfaidh sé freisin anailís shubstainteach ar indéantacht agus ar chostais agus buntáistí féideartha aon athrú ar raon feidhme an Rialacháin, go háirithe i dtaca leis go bhféadfaí eisiamh na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, arb í an phríomhghné de ná soláthar a dhéanamh ar rochtain nó úsáid saothar atá faoi chosaint cóipchirt nó ar ábhar eile atá faoi chosaint, a scrios ó Airteagal 4(1)(b), i gcás ina bhfuil na cearta is gá ag an trádálaí do na críocha lena mbaineann, agus aird chuí á tabhairt ar an tionchar is dóichí a bheadh ag aon leathnú ar raon feidhme an Rialacháin ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí, agus ar na hearnálacha lena mbaineann, ar fud an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún freisin anailís chúramach ar cheart in earnálacha eile, lena n-áirítear iad sin nach gcumhdaítear le Treoir 2006/123/CE a eisiatar freisin ó raon feidhme an Rialacháin de bhun a Airteagal 1(3), amhail seirbhísí i réimse an iompair agus na seirbhísí closamhairc, deireadh a chur le haon srianta gan údar atá fágtha arna mbunú ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe.

Más í an chonclúid a bheidh ag an gCoimisiún ar an meastóireacht gur gá raon feidhme an Rialacháin a leasú, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach i dteannta leis dá réir.

(1) IO C 34, 2.2.2017, lch. 93.


Laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin ***I
PDF 327kWORD 62k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2018 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú (COM(2015)0337 – C8-0190/2015 – 2015/0148(COD))
P8_TA(2018)0024A8-0003/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0337),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0190/2015),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Nollaig 2015(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 7 Aibreán 2016(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Samhain 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Fhorbairt (A8-0003/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  ag tabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 6 Feabhra 2018 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú agus Cinneadh (AE) 2015/1814

P8_TC1-COD(2015)0148


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2018/410).

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITIS ÓN gCOIMISIÚN

Fachtóir Laghdaithe Línigh (LRF)

Is é CTA AE príomhionstraim AE chun cuspóir aeráide AE a bhaint amach, is é an cuspóir sin an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 chéim Celsius os cionn an leibhéil réamhthionsclaíoch mar atá comhaontaithe freisin i gcomhthéacs Chomhaontú Pháras. I gcomhréir leis an gcuspóir sin agus creat beartais 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh, is iad na chéad chéimeanna atá le tabhairt chun sprioc AE laghdú de 40% ar a laghad a dhéanamh ar bhonn intíre ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 a bhaint amach ná an t-athbhreithniú a dhéanamh ar CTA AE agus an méadú ó 1.74% go 2.2% a dhéanamh ar an bhfachtóir laghdaithe línigh. Admhaíonn an Coimisiún go bhfuil gá le hiarrachtaí breise agus uaillmhian bhreise chun cuspóir gás ceaptha teasa (GHG) AE do 2050 a bhaint amach agus chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le spriocanna fadtéarmacha Chonradh Pháras a bhaint amach agus admhaíonn sé go léirítear ina Mheasúnú Tionchair a ghabhann le creat beartais 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh go mbeadh gá le méadú breise a chur ar an bhfachtóir laghdaithe línigh go dtí 2025 dá mbeadh teorainn ann arb ionann í agus an leibhéal sin. Mar chuid d’aon athbhreithniú a dhéanfar ar an Treoir seo amach anseo, geallann an Coimisiún go ndéanfaidh sé breithniú ar mhéadú a dhéanamh ar an bhfachtóir laghdaithe línigh i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta lena bhfuil gá le beartais agus bearta níos déine ón Aontas.

Astaíochtaí muirí

Tugann an Coimisiún dá aire an moladh atá déanta ag an bParlaimint. Táthar ag súil go ndéanfaidh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) cinneadh in Aibreán 2018 ar an gcéad stráitéis maidir le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa. Déanfaidh an Coimisiún an toradh sin a mheas agus a thuairisciú go tapa, go háirithe na cuspóirí maidir le hastaíochtaí a laghdú agus an liosta de bhearta iarrthacha chun na cuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear an aga ama chun na bearta sin a ghlacadh. Agus é sin á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar cad iad na céimeanna is iomchuí a thabhairt chun a áirithiú go gcuideoidh an earnáil go cothrom leis an gcuspóir a bhaint amach, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar an mbealach chun cinn a mhol an Pharlaimint. I gcomhthéacs na mbeart reachtach nua maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa muirí, déanfaidh an Coimisiún breithniú cuí ar na leasuithe chuige sin arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa.

Aistriú cothrom i réigiúin ar mór a lorg guail agus carbóin

Athdhearbhaíonn an Coimisiún an gealltanas chun tionscnamh tiomanaithe a fhorbairt lena ndéanfar tacaíocht shaincheaptha a thabhairt d’aistriú cothrom i réigiúin sna Ballstáit i dtrácht ar mór a lorg guail agus carbóin.

Chuige sin, oibreoidh sé i gcomhpháirtíocht le geallsealbhóirí na réigiún sin chun treoir a chur ar fáil, go háirithe maidir le rochtain ar chistí ábhartha agus ar chláir ábhartha, agus déanfaidh siad na geallsealbhóirí a spreagadh chun dea-chleachtais a mhalartú, lena n-áirítear plé a dhéanamh maidir le treochláir agus riachtanais athoiliúna.

Gabháil agus Úsáid Charbóin ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de (CCU)

Tugann an Coimisiún dá aire an moladh atá déanta ag an bParlaimint go ndéanfaí astaíochtaí a bheidh fíoraithe mar astaíochtaí ceaptha agus a úsáidtear ar mhodh a ráthaíonn críochteorainn bhuann a dhíolmhú ó oibleagáidí géilliúna faoi CTA AE. Níl na teicneolaíochtaí sin forbartha a ndóthain chun gur féidir cinneadh a dhéanamh maidir leis an láimhseáil rialála a bhainfidh leo amach anseo. I bhfianaise acmhainneacht teicneolaíochta na dteicneolaíochtaí maidir le Gabháil agus Úsáid Charbóin CO2 ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de (CCU), geallann an Coimisiún go ndéanfaidh sé breithniú ar a láimhseáil rialála le linn na chéad tréimhse oiliúna eile, chun breithniú a dhéanamh ar an mbeadh sé iomchuí aon athruithe a dhéanamh ar an láimhseáil rialála faoin am a ndéanfar aon athbhreithniú eile ar an Treoir amach anseo. Chuige sin, tabharfadh an Coimisiún aird chuí ar acmhainneacht na dteicneolaíochtaí sin chun cuidiú le laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ach gan sláine comhshaoil AE ETS a chur i mbaol.

(1) IO C 71, 24.2.2016, lch. 57.
(2) IO C 240, 1.7.2016, lch. 62.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 15 Feabhra 2017 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0035).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais